Letters: Looking for the Irish Bartók

A chara,Maidir le halt Uí Fhloinn agus alt Uí Chonghaile san imleabhar deireaneach dár gcuid, bhí an Floinneach den tuairim nach raibh cumadóir in Éirinn sa lá atá inniu ann a bhí ag cumadh ceoil...

A chara,

Maidir le halt Uí Fhloinn agus alt Uí Chonghaile san imleabhar deireaneach dár gcuid, bhí an Floinneach den tuairim nach raibh cumadóir in Éirinn sa lá atá inniu ann a bhí ag cumadh ceoil chlasaicigh a bhí glan-Éireannach, agus go bhféadfaí a aithint anseo agus thar lear mar shaothar Éireannach. Muna n-aithnítear gur saothar Éireannach atá uaidh Pheadar Ó Riada sa gCaoineadh – agus go deimhin sa gceol eile atá cumtha aige, ach go háirithe sa gCaoineadh – céard atá i ndán dó mar shaothar?

Bheinn ag súil go ndéanfadh eagarthóir ceangailtí agus difríochtaí na n-altanna a luadh ina eagarfhocal, ach ní dhearnadh amhlaidh. Sílim gur tábhachtaí fós go ndéanfaí an soiléiriú seo ar ábhar irise atá dhátheangach, lena thaispeáint do léitheoirí go bhfuil dearcadh difriúil le fáil in Éirinn seachas dearcadh an Bhéarla. Is feall é ar léitheoirí na hirise nach dtuigeann an chaismirt é a cheilt orthu. Is rómhinic a déantar feall dá leithéid ar ábhar Ghaeilge. Má tá uait scríbhneoireacht i nGaeilge a fhorbairt, mol an t-easaontas in áit é a fhoilsiú go balbh.

Is é an rud is suntasaí faoin scéal seo ná go bhfuil an éagóir a luaigh an Conghaileach ag tús a hailt déanta arís ar Ó Riada. Níor luadh ach ina haltsa go raibh teoiric eile, teoiric dhifriúil, maidir le cumadóirí arbh fhiú labhairt fúthu ag cumadh ceoil Éireannaigh. Beidh an Conghaileach sásta gur cinntíodh a hargóint, ach ní ar an gcaoi seo.

Le meas,
Ceolán

Editor’s comment: This letter, written under a pen-name, draws attention to the fact that in the same issue as David Flynn’s article ‘Looking for the Irish Bartók’ (JMI July-August), there was an article in Irish by Deirdre Ní Chonghaile about the composer Peadar Ó Riada. Ní Conghaile’s article is pertinent to the ‘Irish Bartók’ discussion becuase, in her discussion of the work of Ó Riada, and the descriptions of how his music combines classical and Irish traditional styles, it appears to challenge Flynn’s statement that no such ‘Irish Bartók’ exists. Ceolán criticises me for not alerting readers who do not have Irish to this interesting clash that appeared in the magazine.

I agree that a summary in English would have been useful. However, as can be seen in composer Fergus Johnston’s letter in these pages, the significance of Ní Chonghaile’s article did not go entirely unnoticed by readers. 

Published on 1 September 2005

comments powered by Disqus