Ag Treabhadh Rocks of Bawn an Idirlín

Breandán Ó hEaghra, with the help of mudcat.org, gets behind the meaning of the famous song ‘The Rocks of Bawn’.

Bhí mé ag éisteacht le seisiún ceoil i nGaillimh le gairid nuair a tarraingíodh ciúnas d’amhránaí chun ceann de mhóramhráin Béarla na tíre seo – ‘The Rocks of Bawn’, a chasadh.

Má tá amhrán níos fearr faoi chruatan oibre an spailpín sna blianta beaga tar éis an Ghorta Mhóir, níl sé cloiste agam. Is iomaí béal a chas é, ó Sheosamh Ó hÉanaigh go Paul Brady, iad uilig ag tabhairt beocht arís do scéal Sweeney bhocht, agus an mháistir ghránna a chuir brú ar an bhfear óg a bheith ag obair ó thús go deireadh an lae chun clocha ‘Bawn’ a threabadh…

Bhí an t-amhrán liom féin ó m’óige – m’athair á chasadh agus é i mbun ceoil, ach ariamh ní raibh mé in ann theacht ar fhíorchúlra an amhráin. Cé as a dtáinig sé? Cén chaoi go bhféadfadh duine ar bith clocha a threabhadh? Agus cén fáth go raibh véarsa amháin ag moladh Sweeney go hard na spéire agus an chéad cheann eile ag caitheamh anuas air mar leisceoir díomhaoineach?

Ní bhuailfeadh tada an t-idirlíon chun mórcheisteanna an tsaoil a réiteach, mar sin, rinne mé mar a rinne na mílte spiaire romham – chuaigh mé ar Google, agus tháinig mé ar chlár plé ar an ábhar seo, leis na céadta duine eile ag cuartú míniú ceart ar ‘The Rocks of Bawn’ ar www.mudcat.org!

Bhí díospóireacht mhór ar an gclár plé – díospóireacht a mhair míonna agus a d’eascair ó cheist shimplí a chuir Ian HP: ‘I have long been fascinated by the song “Rocks of Bawn”, and have wondered whether those rocks are a symbol of something?’

Chreid an-chuid daoine go dtáinig an t-amhrán ó Iarthar na tíre agus gur sheas ‘Rocks of Bawn’ do thalamh clochach, bocht an Iarthair. Míníodh do Ian HP go dtagann an focal ‘Bawn’ ó ‘bán’ agus mar sin gur ‘talamh bán’ a bhí i gceist, sé sin, talamh nach raibh treabhadh déanta air go fóill. Shíl cuid eile fiú go mb’fhéidir go dtáinig an focal ó ‘Boireann’ agus mar sin gurbh ó Chontae an Chláir an t-amhrán.

Bhí na céadta tuairim léite agam nuair a tháinig mé ar an fhírinne, i mo thuairimse. Scríobh Kieran, ag rá gur gaol i bhfad amach é leis an ‘Máistir’ atá luaite san amhrán. D’inis sé scéal John Sweeney – an Sweeney céanna a luaitear faoi dhó san amhrán.

Mhair Sweeney in aimsir an Ghorta Mhóir. Tógadh i mbothán beag é i Glan, i bparóiste Mullahoran in aice le Granard i gContae an Chábháin. Ag aois a sé déag chuaigh sé ag obair d’fheirmeoirí na háite, ar bheagán airgid. Tar éis tamaill fuair sé post ag obair do bhean ar a tugadh an ‘Widow Bawn O’Reilly’, baintreach ó bhaile ‘Bawn’ (nó ‘Bawnboy’ mar a thugtar air) i gContae Chábháin.

Is cosúil gur bhean ghéar go maith a bhí inti seo. Fuair triúr fear céile léi bás ach mhair an bhaintreach sách fada chun brú a chur ar Sweeney bocht talamh crua Bawn a threabadh gan stop. Is cosúil freisin go bhfuil goirt na háite lán le clocha móra a cuireadh ann san oighearaois.

Ní raibh léamh ná scríobh ag Sweeney ach is cosúil gur chum an fear céanna an-chuid amhrán agus gur scríobh clann eile ón gceantar síos cuid acu – muintir Seery ó Creevy. Fair plé do Khieran, rinne sé nóta d’amhrán eile a chum an Sweeney seo agus tá na cosúlachtaí idir é agus na ‘Rocks’ le feiceáil.

Réitíonn an míniú seo ceist an bhréagnaithe chomh maith. Is léir go bhfuil Sweeney ag caint faoi féin sa véarsa moltach agus gur ag déanamh aithris atá sé ar an mbaintreach sa véarsa a deir, ‘my curse upon you Sweeney boy, you have me nearly robbed’.

Agus mé ag éisteacht leis an leagan bhréa a chuala mé i nGaillimh an lá faoi dheireadh, chuimhnigh mé ar uair eile, blianta fada ó shin, nuair a rinne cara liom iarracht an t-amhrán a chasadh i gClub na Gaeilge ar an mbaile. Ní raibh ráite aige ach ‘Come all ye loyal heroes…’, nuair a iarradh air stopadh, i ngeall ar nár ceadaíodh amhráin i mBéarla sa gClub. Caithfear a rá freisin nach duine de lucht foirne an chluib a d’iarr ar stopadh…

Rith sé liom gur mó an gaol idir na hamhráin seo agus na seanamhráin Ghaeilge ná mar a adhmaítear go minic. Thuig Ó hÉanaigh an méid sin nuair a chas seisean na ‘Rocks’ agus níl duine ar bith nach dtuigfeadh é dá gcloisfidís Sara Ghriallais ag casadh ‘Skibereen’. Mar sin, is é an trua go gcaithfeadh duine ar bith namhad a dhéanamh dóibh i gClub na Gaeilge.

A bhuíochas do chlub eile, áfach – club plé an idirlín! – níl aon amhrán, Gaeilge nó Béarla, nach dtitfidh san eangach sin lá éigin!

p.s. Chaithfí freisin go raibh Amhrán Mhuínse ar a thoil ag an John Sweeney seo, mar is beag idir an dá fhuaim… seans gur chaith sé seal i gColáiste Samhraidh éigin i gConamara in 1856?

Published on 1 May 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus