Báidín Teoirice a d'Imigh go Toraigh

Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe I dToraigh

Báidín Teoirice a d'Imigh go Toraigh

A review of Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh, a new book by Lillis Ó Laoire on the song, music and dance of the Gaeltacht community of Tory Island.

Abstact
This book is an ethnographic analysis of the function of song, music and dance in the Gaeltacht community of Tory island. It is a handsomely produced volume and the accompanying CD is a fine introduction to Tory’s singers and musicians. Ó Laoire copes excellently with the challenges of producing such a work in Irish (notably difficulties of terminology), although the book’s origins in the author’s Ph.D. dissertation are all too apparent in the opening chapters.

The book displays an admirable unity between theory and praxis, the research being informed by the ideas of dialogical anthropology. Ó Laoire’s informants are regarded as co-researchers and their own theories on the role of music and song re-produced in a series of interviews. The discussion of what makes a performance ‘ceart’ or ‘ciotach’, and the aesthetic values which lead to one song being prized above others, is for me the most interesting part of the book, with Ó Laoire’s commentary expertly placing the islanders’ opinions in a wider academic context.

Leabhar uaillmhianach é seo. Ní hé a thoirt (389 leathanach) is cúis dom sin a mhaíomh, ach a chuspóir agus a chur chuige. Más ag súil le cuimhní cinn an údair faoina chaidreamh le bunadh Thoraí atá tú, is dócha gur díomá atá i ndán duit. Is saothar taighde eitneagrafaíoch atá ann ar fheidhm shóisialta agus ealaíne na hamhránaíochta, an cheoil agus an damhsa i measc phobal Gaeltachta Oileán Thoraí.

Tá dúshláin ar leith ag baint lena leithéid de shaothar a scríobh i nGaeilge agus is mór an chreidiúint do Lillis Ó Laoire gur éirigh leis prós chomh hinléite a fháscadh thart ar chnámha na teoirice. Leoga, mheasfá in amanna go bhfuil an báidín leochaileach seo i gcontúirt a báite faoi ualach trom téarmaíochta. Féach, mar shampla, an fheidhm shainiúil eolaíoch a bhaintear as gnáthfhocail ar nós ‘imirt’, ‘fuacht’, ‘teas’ agus ‘uaigneas’. Ní dócha go ndearnadh gnáthfhoclóir na Gaeilge a chasadh agus a lúbadh chomh mór seo ó scríobh Seán Ó Ríordáin an brollach clúiteach úd ar Eireaball Spideoige. Ní beag an cuidiú don léitheoir, mar sin, an Ghluais Téarmaíochta ceithre leathanach ag deireadh an leabhair, cé go raibh ar an léitheoir seo roinnt foinsí eile a cheadú sular thuig sé gach téarma i gceart. Ná níor mhiste breise mínithe a thabhairt ar dhornán téarmaí atá lárnach don chur chuige, leithéidí ‘údarthacht’ agus eile.

Ar ndóigh, tráchtas Ph.D. is damhna don leabhar seo, agus tá ciútaí stíle dá réir sin ann: ‘Tell them what you’re going to tell them. Tell them, and then tell them what you’ve just told them.’ Fágann sin go bhfuil na caibidlí tosaigh lán abairtí amhail ‘Is é a dhéanfar sa saothar seo…’ agus go n-éiríonn an léitheoir beagán mífhoighdeach ag fanacht go dtosóidh an plé i gceart.

Ach is fiú fanacht, nó tá téagar neamhghnách sa tráchtas seo agus caithfidh na téarmaí tagartha a ríomh i dtosach báire. Ar na húdair léinn is minice a dtagraítear dóibh tá beirt fhealsamh darbh ainm Hans-Georg Gadamer agus Paul Ricouer, a chuir atheagar ar bhrainse den fhealsúnacht ar a dtugtar an heirméineotaic (‘hermeneutics: the study and interpretation of human behaviour and social institutions’ Collins English Dictionary).

Go rómhinic sa Léann Éireannach, bítear ag tarraingt ar an bhfealsúnacht díreach ar mhaithe le culaith theoirice a chur ar thráchtas traidisiúnta scolártha. Ní hé sin don tráchtas áirithe seo, nó tá idir thráchtaireacht agus theachtaireacht á gcuimsiú ag an teoiric ar bhealach a mhúnlaíonn an saothar ó thús deireadh. Is annamh leabhar taighde chomh leanúnach agus chomh haontaithe ina chur chuige is atá seo. Féach, cuir i gcás, an leas a baineadh as modhanna na hantraipeolaíochta dialoighciúla (‘dialogical anthropology’):

Sa chur chuige seo, cuirtear faisnéiseoirí an chultúir i láthair mar chomhthaighdeoirí agus déantar iarracht ligean dá bhfianaise labhairt amach go soiléir ar a son féin…Mar shampla, ligim do na sleachta as na hagallaimh a thugaim sa chuntas seasamh astu féin mar chaint dhíreach sula ndéanaim aon tráchtaireacht orthu. (Lch. 21)

Ní mar chomhartha measa amháin, mar sin, a luaitear ceoltóirí an oileáin, Éamonn Mac Ruairí, Séamas Ó Dúgáin, Treasa Mhic Claifeartaigh et al, mar chomhúdair ar an leathanach teidil. Ar na hábhair a scrúdaíonn an fhoireann taighdeoirí seo tá próiseas sealbhaithe na n-amhrán agus na luachanna aeistéitiúla is cúis le baill de phobal Thoraí dúil a chur in amhráin áirithe seachas a chéile.

Is é an chuid is suimiúla den leabhar, dar liomsa, ná an plé ar chleachtais léirmheastóireachta mhuintir an oileáin, an rud a mheasann siad a bheith ‘ceart’ nó ‘ciotach’ sa cheol, na mothúcháin a mhúsclaíonn na hamhráin iontu agus na slata tomhais a luann siad agus breithiúnas á thabhairt acu. Is iad na faisnéiseoirí féin a chuireann foclóir na léirmheastóireachta seo ar fáil agus féachann Lillis Ó Laoire le tátal a bhaint as a mbeadh feidhm ghinearálta leis sa saol mór lasmuigh de Oileán Thoraí.

Ar eagla go sílfeadh daoine go bhfuil barraíocht ráite agam faoi chúrsaí téarmaíochta, ní miste dom a rá gur cuid lárnach den saothar seo ná iarracht chun friotal a aimsiú a éascóidh an plé agus córas meafarach a bhunú a léireodh tuiscintí agus luachanna bhunadh an oileáin i leith an cheoil. Éiríonn an tóraíocht sin beagán tuirsiúil thall is abhus, ach tá abairtí ann ina n-éiríonn le Ó Laoire an rud teibí a chur i bhfriotal a bhfuil cuid mhaith den fhilíocht ann: ‘Tá an amhránaíocht lonnaithe i gcorp an duine agus feidhmíonn sé ar choirp agus ar mhothúcháin daoine eile…. Spreagann ‘dúil’ an amhránaí sa cheol a chorp chun tinnill ag iarraidh seilbh a fháil ar an áilleacht iontach taobh amuigh de féin’ (Lch. 311).’

Agus is mór an áilleacht an dlúthdhiosca ar a bhfuil poirt, ríleanna agus amhráin le lucht ceoil an oileáin. Dá mbeadh orm féin amhrán amháin a roghnú as a bhfuil ann, is dócha gurb é a roghnóinn ná ‘Is é mo Chuairtse Anuas Dé Domhnaigh’ le Séamas Ó Dúgáin. Amhrán é a bhfuil cumha an tsaoil ar fad ann, shílfeá, agus is amhránaí breá é Ó Dúgáin nár chuala mise riamh go dtí seo. Is maith an mheitheal iad lucht ceoil Thoraí agus Lillis Ó Laoire – iadsan ag míniú a leagan amach féin ar an cheol dó agus eisean ag cur a gcuid ceoil i láthair daoine nach

Ba mór an feall gan dearadh an leabhair a lua. Idir chlúdach, chló, ghrianghraif agus léarscáileanna, is seoid d’ealaíon na foilsitheoireachta é an leabhar seo nach miste do Mhicheál Ó Conghaile agus d’fhoireann Chló Iar-Chonnachta a bheith bródúil as.

Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (Cló Iar-Chonnachta, 2002) 25 (crua, le dlúthdhiosca)

Published on 1 March 2003

Antain Mac Lochlainn is from Coleraine Co. Derry, and has a Ph.D in Irish Studies from the University Of Ulster (1996). He was Irish langauge editor of The Irish Music Manuscripts of Edward Bunting, (Colette Maloney, ITMA, 2000).

comments powered by Disqus