'Bímse ag Seinnt Ceoil: A 1965 Interview with Seán Ó Riada

'Bímse ag Seinnt Ceoil: A 1965 Interview with Seán Ó Riada

As a student in UCC in the sixties, Nollaig Ó Gadhra gained a unique interview with Seán Ó Riada which was subsequently published in a college journal. On the thirtieth anniversary of his death on 3 October 1971 we republish the interview here.

For a new generation of Irish musicians, Seán Ó Riada is merely a name, or at best a somewhat confused icon figure of an earlier generation. In considering Ó Riada, his influence and his legacy, it is always necessary to consider the personality of the man and the great personal pilgrimage he went through in the 1960s, from the success of his Mise Éire film score in 1959 to the way in which his folk-group Ceoltoirí Cualann set a headline for the development of Irish music in the 1970s. That Ceoltoirí Cualann was the precursor of The Chieftains is clear. That Ó Riada would have been satisfied with the way The Chieftains developed and the way they packaged Irish traditional music on a wider international electronic stage is not as certain. Nor has sufficient attention been paid to the other ‘sons of the Ó Riada school’ in the next generation, in groups like Ceoiltoirí Laighean for example.

One thing is certain however. Ó Riada’s pre-occupation with Irish musical tradition was part of a wider intellectual and cultural ‘conversion’ to the ideals of the Gaelic revival, and a deep commitment to that ideal saw Seán and his family become Irish speaking themselves, and move to the West Cork Gaeltacht of Cúil Aodha after Ó Riada was appointed a Lecturer in Music at University College Cork. It was after these developments that I, then a student in UCC, gained a somewhat unique, exclusive interview with the great man of the sixties who had by the middle of the decade shaken himself and Gaelic Ireland out of its deep slumber. It was published as Gaeilge, of course, in the 1965 issue of An Síol, the journal of An Chuallacht Ghaelach in UCC, which I edited at the time.

Agallamh le Seán Ó Riada
An Síol, 1965

B’é an ceol a scríobh Seán Ó Riada don scannán Mise Éire a chuir a ainm ar bhéal gach mac máthar sa tír seo i dtosach, agus ón lá sin amach ní bhréag é a rá go bhfuil an fear ag cur lena cháil, anseo in Éirinn agus thar lear, ar mhórán slite. Ón am a scríobh sé an ceol do Mise Éire, tá cuid mhaith cheoil scannáin scríofa aige – Saoirse?, The Playboy of the Western World agus le déanaí tá taifeadadh déanta de phíosa ceoil eile a ghabhfhaidh le scannán nua faoi ghleann na Laoi atá á stiúradh ag Louis Marcus do Ghael-Linn.

Tá athrú tagtha ar shaol Sheáin Uí Riada le blianta beaga anuas freisin. An t-am a scríobh sé an ceol do Mise Éire bhi conaí air sa Pháil cois Life, áit a raibh sé ina stiúrthóir ceoil in Amharclann na Mainistreach. D’éirigh sé as an bpost sin cúpla bliain ó shin, agus go gearr ina dhiaidh sin, bhunaigh sé ensemble de cheoltóirí traidisiúnta, Ceoltóirí Chualann chun ár gceol dúchais féin a fhorbairt. Tá taithí mhaith ag an bpobal ar an bhfoireann seo ó shin, ón raidio, ón teilifís agus ó cheirníní. Ba chóir a lua freisin, is dócha, gur thug Seán, a bhean agus na páistí aghaidh ar Ghaeltacht Chúil Aodha nuair a d’fhág siad Baile Átha Cliath agus is siar ansin atá cónaí ar mhuintir Uí Riada faoi láthair. De bharr go bhfuil Seán ina chónaí sa taobh seo tíre athuair, bhí sé d’ádh ar Choláiste Ollscoile Chorcaí é a fháil mar léachtóir le ceol – post atá aige le breis is bliain anois. Ach cén sórt duine é an Riadach seo dáiríre? San agallamh seo thíos, faighimid freagra ar chuid de na ceisteann a mheasaim a chuifeadh an gnáth-dhuine ar an bhfear iontach seo.

NÓG: A Sheáin, cloisimid go minic gur rugadh tú i gCo. Luimnigh, ach gur Corcaíoch tú ó cheart, cé gur rugadh d’athair i gCo. an Chláir! Cén contae lena mbaineann tú, dairíre?

SÓR: Is Corcaíoch mé. I mBreac-Ghaeltacht Cho. an Chláir a rugadh m’athair agus i mBreac-Ghaeltacht Chorcaí a rugadh mo mháthair. I gcathair Chorcaí a rugadh mé féin.

NÓG: Cad iad na háiteanna ina raibh tú ar scoil?

SÓR: Chuas ar scoil le linn m’óige go dtí na Bráithre Críostúla in Áth Dara i gCo. Luimnigh, ina dhiaidh sin go Coláiste Bharra Naofa, Fearann Phiarais i gCorcaigh. Chaitheas bliain eile i gColáiste Mhainchín Naofa i Luimneach.

NÓG: Conas a tharla gur ghabh tú le cúrsaí ceoil?

SÓR: Bhí suim i gcónaí ag mo mhuintir i gcúrsaí ceoil. Bhí m’athair agus mo mháthair ábalta an veidhlín a sheinnt. Bhíodh ceoltóirí ag teacht isteach chughainn ar scoraíocht, agus thosnaíos féin ar an veidhlín nuair a bhíos seacht mbliana d’aois.

NÓG: Maidir le cúrsaí ceol anois, conas tá leis an gceol claisiceach in Éirinn faoi láthair?

SÓR: Níl mórán daoine in Éirinn a thuigeann an ceol claisiceach ach is dóigh liom go bhfuilid ag dul i méid diaidh ar ndiaidh. Ní haon droch-rud é seo chomh fada is ná lagaíonn sé ár gceol féin.

NÓG: Anois an ceol is rogha leat féin de réir cosúlachta, an ceol traidisiúnta Gaelach. Cén staid ina bhfuil sé dar leat?

SÓR: Maidir leis an gceol traidisiúnta Gaelach, deinim amach go bhfuil sé chomh láidir agud d’fhéadfadh a bheith ach, cé go bhfuil an-chion ag na daoine air, ní ró-mhaith a thuigeann cuid acu é. Is ait an rud é ach toisc mórán daoine a bheith imithe as an nGaeltacht, níl an oiread san ceoltóirí fágtha inti anois, agus tá na ceoltóirí féin níos treise sa Ghalltacht. Dar ndóigh tá amhránaíocht ar an sean-nós go láidir fós sa Ghaeltacht, buíochas le Dia.

NÓG: An dóigh leat go bhfuil na fleánna ceoil agus na grúpaí nua bailéad seo ag cur feabhais ar chúrsaí, nó cad a tharlóidh don cheol seo amach anseo dar leat?

SÓR: Nuair a thosnaigh na fleánna ceoil ar an gcéad uair, dheineadar an-mhaitheas, ach le déanaí tá lucht na mbailéad ag lot na bhfleánna agus ag déanamh ceap magaidh dóibh féin agus do’n gceol. Ceapaim féin go bhfuil ré na mbailéad beagnach thart. Más maith is mithid.

NÓG: Maidir leis an sean-nós, an bhfuil aon aithne agat ar dhaoine a rugadh sa Ghalltacht a d’fhoghlaim an módh amhránaíochta seo i gceart? An gcaithfidh Gaeilge a bheith aige sara dtiocfaidh tuiscint cheart ar an sean-nós chuig duine?

SÓR: Níl aithne agam ar éinne a rugadh sa Ghalltacht atá ábalta amhrán ar an sean-nós sa cheart. Ní h-aon ionadh é ná fuilid ann, mar, chun bheith ábalta air, teastaíonn ar an gcéad dul síos Gaeilge ón gcliabhán agus, ina theannta san, an modh san amhránaíochta a bheith coitianta agus nádúrtha timpeall ar an nduine ón gcliabhán. Cuid eile den scéal, ar ndóigh, is ea dúchas, atá níos treise ná oiliúint.

NÓG: SCad tá i ndán don sean-nós amach anseo dar leat?

SÓR: Is dóigh liom go bhfuil seans maith go mairfidh an sean-nós an fhaid a mhairfidh an Ghaelracht, pé fada gairid é sin. Bheadh seans níos fearr aige dá gcuirfí níos mó suime ann laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, ach tá leisce ar dhaoine tabhair faoina thuiscint mar ní obair aon oiche é.

NÓG: Agus céard faoi traidisiún na mbailéad Béarla sa Ghalltacht?

SÓR: Maidir leis an traidisiún seo, tá sé ag fáil bháis, agus is mór an trua é mar bhí rudaí deasa ann.

SÓR: Do shaothar féin anois. Is dócha gurb é an ceol a scríobh tú don scannán Mise Éire, a chéad-chuir d’ainm i mbéal an phobail. An raibh suim nó taithí agat i gcursaí ceoil do scannáin roimhe sin?

NÓG: Bhí suim i gcónaí agam i gcursaí ceoil do scannáin, ach dob é Mise Éire an chéad cheann a dheineas, cé go raibh taithí agam ar an saghas san ceoil roimhe sin ag scríobh ceoil do dhrámaí raidio.

NÓG: Cad a bhí sa phíosa áirithe seo ceoil a thaitin chomh mór sin leis an bpobal dar leat?

SÓR: Is dóigh liom gurb é an fáth gur éirigh leis an gceol seo ná gur bhain sé dínn cuid den náire a luíonn chomh trom san orainn, agus gan aon ghá leis an náire céanna mar taispeánann na foinn d’úsáideas don scannán san (‘Róisín Dubh’, ‘Sliabh na mBan’, srl.) go bhfuil ceol againn chomh maith le h-aon cheol eile sa domhan, nó b’fhéidir níos fearr. Níor chóir aon náire a bheith orainn mar gheall ar chúrsaí staire, cé go bhfuil stair na hÉireann imithe as an bhfaisean, ‘as dáta’ i measc na seoiníní Éireannacha fé láthair.

NÓG: Is é an chéad ní mór eile a rinne tú ná gur bhunaigh tú Ceoltóirí Chualann. Cén fáth gur bhunaigh tú an dream seo?

SÓR: Bhunaíos Ceoltóirí Chualann sa bhliain 1960, nuair a theastaigh uaim ceol a chur le dráma le Bryan McMahon, The Song of the Anvil in Amharclann na Mainistreach. Ag an am céanna, chaitheas ceol a chur le dráma den chuid féin, A Spailpín a Rún san Halla Déamar. Bhí dhá bhuíon ceoil ann an uair sin, ceann ins gach amharclann, agus nuair a bhí na drámaí thart chuireas le chéile iad agus bhaisteas Ceoltóirí Chualann orthu.

NÓG: An bhfuil ag éirí libh bhur n-aidhmneanna a chur i gcrích? Feictear domsa go bhfuil dreamanna eile m.sh. Seinnteoirí Átha Cliath, ag déanamh aithris beagán oraibh le deanaí. An mhaith leat é sin?

SÓR: Is dóigh liom go bhfuil ag éirí linn diaidh ar ndiaidh stair an cheoil traidisiúnta a fheabhsú beagáinín agus táim sásta toisc gur féidir rian ár saothair d’fheiscint ins na dreamanna nua atá ag tosnú.

NÓG: An dóigh leat áfach go bhféadfadh Ceoltóirí Chualann áit bhanna céilí a ghlacadh agus óiche iomlán ceoil a chur ar fáil don ghnáthchéilí?

SÓR: Níl aon tsuim ag Ceoltóirí Chualann in oíche rince a chur ar fáil. Ceol chun éisteachta is ea an ceol so, cé go bhféadfadh buíon mar seo an trá eile a fhreastal leis.

NÓG: Cén fhorbairt ba mhaith leat a dhéanamh le Ceoltóirí Chualann? An bhfuil aon cheirnín nua beartaithe agaibh faoi láthair?

SÓR: Nílimid féin ar ndóigh ach ag tosnú agus ní féidir a rá fós cá raghaidh an bóthar seo. Tá sé ar intinn againn ceirníní a chur amach, de gach saghas, an fhaid a bheidh éileamh orthu ag an bpobal.

NÓG: Mar cheoltóir, an bhfuil tú sásta tríd is tríd len bhfuil déanta agat go dtí seo?

SÓR: An té a bheadh sásta le gach rud dá ndearna sé dob ionann san agus a rá go raibh a shaothar gan locht agus ní fhéadfdh éinne é in a rá.

NÓG: An bhfuil aon tuairimí láidir polaitíochta agat?

SÓR: ‘Sé mo thuairim láidir maidir le cursaí polaitíochta sa tír seo ná gur ligeadh síos sinn agus gur díoladh amach sinn agus, mar adeir Máirtín Ó Direáin, nach í an Éire seo feasta ‘Céile Choinn ná Eoghain, céile an Phiarsaigh ná rún na laoch’, nó mar a deir sé leis:

Ní náir linn os comhair cháich
Ar gcloichín ar charn na sean,
Cé gur eagla linn le seal
Go bhfuilimid ag cur gainimh i ngad.

NÓG: Níl an oiread cáil ort mar Ghaeilgeoir agus atá mar cheoltoir b’fheidir. Cathain a chuir tú suim sa Ghaeilge i dtosach?

SÓR: Bhí suim agam riamh i nGaeilge, cé gur chailleas an tsuim sin ar feadh tréimhse agus mé im stuacach ag éirí suas. Buíochas le Dia tháinig mo chiall chugam arís. Bhí Gaeilge níos fearr agam nuaor a bhíos ceithre bliana d’aois ná mar a bhí agam nuair a bhíos ceithre bliana ar fhichid, ach tá sí ag teacht thar n-ais chugham diaidh ar ndiaidh. Tá sé deacair rud a tharraingt chughat chuiris uait.

NÓG: Tá do chlann féin á thógáil agat le Gaeilge. Cad iad na buntáistí a bhaineann lena leithéid de bheart dar leat?

SÓR: Beidh fhios ag na páistí i gconaí cén saghas daoine iad. Ní bheidh siad meascaithe suas idir dhá mheon.

NÓG: Cad a cheap do bhean de seo i dtosach?

SÓR: D’aontaigh sí go fonnmhar liom.

NÓG: Is dócha go raibh sé níos deacra clann a thógáil le Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná i gCúil Aodha?

SÓR: Bhí déarfainn.

NÓG: An dóigh leat gur obair amú atá ar siúl ag na Gaeilgeoirí sin a bhíonn ag gabháil den ‘chúis’ i gcónaí ach a thógann a bpáistí féin le Béarla mar chéadteanga?

SÓR: Ní obair amú atá ar siúl acu ach masla, coir agus tréas.

NÓG: Cad iad na céimeanna is riachtanaí do shlánú na Gaeilge, dar leat?

SÓR: Ar an gcéad dul síos í a labhair gan a thuilleadh cainte a dhéanamh mar gheall uirthi. Ar an dara dul síos, ciall éigin a bheith ag na Gaeilgeoirí, rud atá in easnamh ar chúrsaí na Gaeilge go dtí seo.

NÓG: Cad tá ag teastáil i d’thuairmse chun an Ghaeltacht trí chéile, agus Gaeltacht Chúil Aodha go háirithe, a shlánú?

SÓR: Gaeilgeoirí atheacht chun cónaithe iontu chun misneach a thabhairt dos na daoine, agus obair a chur ar fáil dos na daoine.

NÓG: A Sheáin Uí Riada, tá mé an-bhuíoch duit.

Published on 1 November 2001

Nollaig Ó Gadhra lives in Conamara. He taught in Galway RTC for 25 years and regularly contributes to newspapers and magazines.

comments powered by Disqus