Ceol Ársa ar Sinsear

Ceol Ársa ar Sinsear

Who knew there was an Irish didgeridoo? Breandán Ó hEaghra finds out at the Galway Early Music Festival

Tá scéal ag bundúchasaigh na hAstráile faoi bhunús an chine dhaonna. Is beag luí a bheadh ag Charles Darwin lena dteoiric, ach is deise liom i bhfad an scéal a bhí acu go dtáinig an chéad fhear ar an saol amach as didgeridoo a bhí á chasadh ag Dia. Agus nach iontach mar a shocraíonn an scéal seo áit na huirlise sin i gcultúr agus i spiorad na ndaoine.

Uirlis réamhstaire dháiríre í an didgeridoo atá tar éis aistear na mílte bliain a dhéanamh ón Astráil go sráideanna chathracha na hÉireann sa lá atá inniu ann. Ní fheicim chomh minic na laethanta seo iad ach bhíodh na naochadaí lán le fir óga bána ag straicilt le tiús adhmaid ar chosán éigin i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath. Bhíodh didgeridoo ag chuile chóisir tí mac léinn agus dath gorm ag teacht orainn ag iarraidh torann a bhaint astu.

Bhíodh ár gcuid didgeridooanna féin ag an tír seo. Adharcanna cré-umha ó aimsir réamh-Chríostaí, a chastaí le duine ag séideadh isteach iontu. Is beag torainn a bheifeá in ann a bhaint astu seo, shílfeá, ach bheifeá iomlán mícheart, de réir mar a d’fhoglaim mé féin le gairid ag Féile Cheol Ársa na Gaillimhe.

Ar an bPóirse Caoch, leis na sluaite bailithe thart air, bhí Simon O’Dwyer, staraí ceoil, ag baint poirt as na hadharcanna cré-umha seo a chuirfeadh náire ar cheoltóirí techno an lae inniu! Agus ní aon mhasla é sin do cheoltóirí techno ach oiread, mar gur sheinn sé port amháin a bhí chomh cosúil le hobair an bhanna sin, Scooter, go raibh mé féin ag ceapadh go dtiocfadh fear éigin suas chugam ag tairiscint taibléid éigin. Níor tháinig, agus ar aon nós, just déarfainn ‘no’.

Tá O’Dwyer iontach. Is fearr a bheith cúig nóiméad ag éisteacht leis ná a bheith cúig seachtainí ag éisteacht leis an léachtóir seandálaíochta is fearr dá bhfuil ann. I ngeall ar a chumas ceoil tá sé in ann saol agus spiorad na n-Éireannach réamhChríostaí a thabhairt chun cinn sa lá atá inniu ann.

Go deimhin seo bua atá ag Féile Cheol Ársa na Gaillimhe ar fad. Chuile Bhealtaine is iad a chuireann tús le séasúr na bhFéilte lena gcuid cultacha meánaoiseacha agus a gcuid uirlisí aisteacha. Ar feadh seachtaine bíonn an liúit i bhfaisean arís agus mná agus fir le feiceáil ag baint ceoil as uirlisí cama. Muintir Uí Chróinín in ard a réime le spleodar ildaite an ama atá caite.

Is iomaí bua ag an gceol ach an ceann is fearr go cinnte ná an bhua sin chun ceangal a dhéanamh leis na glúnta a chuaigh romhainn, a gcuid scéalta agus amhrán a chloisteáil, agus a gcuid nósanna sóisialta a mheas. Insíonn luas na bport dúinn faoina gcuid damhsa agus tugann an damhsa léargas dúinn ar an mbealach ar chaitheadar le chéile ar bhonn sóisialta.

Is luachmhar dúinn na daoine a chuireann suim i stair an cheoil. Ó Frank Harte, beannacht Dé leis, a chruinnigh na hamhráin ar fad ón nGorta agus ó thraidisiún béil Bhéarla na hÉireann, go Edward Bunting, an fear a chruinnigh agus a choinnigh cuntas ar na céadta amhrán agus port Gaelach sa 19ú céad.
Is féidir le Féile Cheol Ársa na Gaillimhe a bheith bródúil as an méid oibre atá déanta acu chun seancheol na tíre seo a choinneáil beo. Ní hé an ceol traidisiúnta atá i gceist ach oiread, ach ceol a théann siar i bhfad roimhe sin. I mbliana scaladar solas ar cheol na cláirsí, le ceoltóir cumasach, Andrew Lawrence King ag teacht chun ranganna máistreacha a thabhairt, chomh maith le coirmcheoil a bhí ar fheabhas.

Go deimhin bhí an Fhéile ar fad ar fheabhas. Ó shin tá cathracha na tíre seo tar éis an iliomad féile a reachtáil le grian agus beoir go leor ach is beag ceann a bhí nó a bheidh chomh héagsúil le Féile Cheol Ársa na Gaillimhe. B’é tús an tséasúir mhóir é agus cé gur féile bheag a bhí ann, tharraing sí slua a tháinig le cluas le héisteacht agus scéal le n-inseacht.

Is iomaí lá breá ceoil, comhaimseartha agus traidisiúnta, idir seo agus an chéad Fhéile Cheoil Ársa eile, ach anois is deas liom breathnú siar ar an lá breá faoi scáil an Phóirse Chaoich nuair a shéid Simon an Dia O Dwyer spiorad ár sinsear amach óna dhidgeridoo Gaelach!

Glossary
ceol ársa early music; adharcanna cré-umha bronze horns; cultacha meánaoiseach medieval costumes; uirlisí cama crooked instruments

Published on 1 August 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus