Chuig an Eroctez

Chuig an Eroctez

Patrick Pearse’s classic short story about a sean-nós singer who walks to Dublin could never happen today – or could it? by Breandán Ó hEaghra

Dob’ í Bríd na nAmhrán an t-amhránaí ba mhó clú dá raibh i Ros na gCaorach ní amháin le mo linnse ach le linn m’athar. Adeirtí go meallfadh sí an chéirseach de’n chraobh le binneas an cheoil do gheall Dia di, agus do chreidfinn féin go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus malraigh nach mé ó n-ár ndinnéar nó ó n-ár suipéar.

Is beag an méid ama é céad bliain – trí ghlún daoine, dhá ghlúin eala, agus níl an dá ghlúin féin i gceist má thógtar an toirtís san áireamh (bhí cuid de thoirtísí an lae inniu beo nuair a bhí an Piarsach ag caitheamh piléar tríd fhuinneoga an GPO!). Mar sin féin, tá beagnach céad bliain caite ó scríobh an Piarsach an gearrscéal, ‘Bríd na nAmhrán’, agus is cinnte gur iomaí athrú a tháinig ar an saol san imeacht ama sin.

Chuile sheans go raibh cónaí ar an bPiarsach i Ros Muc nuair a scríobh sé an scéal seo. Tá lorg na háite sin air, faoin ainm cleite ‘Ros na gCaorach’. Bhí an-spiorad pobail sa gceantar – gach duine chomh tógtha le Bríd na nAmhrán agus ag iarraidh go n-éireodh léi. Sa lá atá inniu ann ní mórán ama a bheadh ag muintir Ros Muc chunsuí taobh amuigh de dhoras sheanmhná ag éisteacht le hamhráin. Tar éis lá fada oibre seans go bhfaighfidís take-away Síneach ó bhialann ar an gCeathrú Rua, le teann deifir chun Desperate Housewives a fheiceáil. Dá mba rud é go mbeadh Bríd in aice láimhe ní bheadh d’áird le fáil aici ach bagairt a béal a choinneáil dúnta.

Sa scéal ní thugtar sean-nós ar amhránaíocht Bhríd, ach is léir gur sean-nós a bhí i gceist. Ní dóigh gur tugadh an lipéad seo ar amhránaíocht dá léithéid chomh minic sin fadó. Is cinnte freisin go raibh comórtas an Oireachtais i dtús a ré ag an am gur scríobhadh an scéal seo, mar sin seans gur ábhar bolscaireachta a bhí ann chun cur leis an gcomórtas. B’é príomhdhuais chomórtas Mhaigh Chaorthainn ná go seolfaí an buaiteoir go Baile Átha Cliath chun cur isteach ar an Oireachtas. Bhí pobal Ros na gCaorach an-díomách nuair a chlis ar Bhríd, ach níor chuir seo stop léi siúl na céadta míle soir ó Ros na gCaorach go Baile Átha Cliath chun bheith páirteach sa mhórchomórtas.

Sin athrú mór millteach eile atá tagtha ar an saol ó shin; sa lá atá inniu ann ní bheadh ar Bhríd ach lift a fháil ó Johnny san Opel Corsa agus tar éis dhá uair an chloig ar an mótarbhealach nua shroichfidís an phríomhchathair. Mar a bhí, ba bheag nár stróic an créatúr a cuid cosa ar na bóithre bochta ó Ghaillimh go Bleá Cliath. Míorúilt ámháin a bhí ann gur shroich sí Bleá Cliath ar chor ar bith, ach míorúilt eile ar fad gur shroich sí an chathair in am. Ní léiríonn an Piarsach dúinn cén chaoi gur aimsigh sí halla an Oireachtais. Beag baol gur léim sí isteach i gceann de na tacsaithe ar chéibh an Life:

How’s it goin’ love? Where are yez off ta? Jaysus, what in the bleedin’ heck happened to yer feet love? The Eroctez? What in the name of sweet divine is that love? This bloody Government are atrocious – I can’t wait ‘til we have our own parliament and then we won’t ever complain again, love.

Nuair a shroich sí an halla chuaigh sí ar stáitse agus chas sí amhrán álainn. Theastaigh ón lucht éisteachta ceann eile a chloisteáil ach ní raibh sin críochnaithe nuair a thit sí i laige. Bhí an sagart ag cur aspalóide uirthi nuair a d’fhógair siad gurbh í a bhuaigh an comórtas.

Seans nach bhfaighfeadh an bhean bás dá dtarlódh sin sa lá atá inniu ann. Bheadh defibrilator sa halla agus Bríd tugtha ar ais chun beatha ar an bpointe. Thiocfadh an oiread biseach uirthi go mbeadh sí in ann dul suas ar stáitse chun an gradam a fháil ó Mháirtín Tom Sheáinín agus Daithí Ó Sé – a chasfadh ‘Rose of Tralee’ di. Maidir leis an sagart, ní bheadh ceann ar bith in aice láimhe ó tharla an ganntanas sagart sa tír. Bheadh an sagart paróiste ag freastal ar dhá aifreann i dhá pharóiste éagsúla ag an aon am amháin.

Tá sé deacair a rá an mbeadh an Piarsach sásta nó míshásta leis an tír sa lá atá inniu ann. Is cinnte go mbeadh sé sásta le comórtas amhránaíochta an Oireachtais, agus is iomaí sin Bríd na nAmhrán a bheadh le cloisteáil aige inniu idir shean agus óg. Bogann saol agus cultúr ar aghaidh, chuile glún ag cur a marc féin ar rudaí. Sna hóstáin mhóra atá na hOireachtais ar fad anois agus cé go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta na tíre i ndrochchaoi, fós beidh na mílte i láthair ag ól agus ag ceol. A bhuíochas sin do ghlúin an Phiarsaigh agus do Bhríd na nAmhrán.

Published on 1 August 2010

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus