Clasaiceach agus Gaelach: 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire' le Peadar Ó Riada

Peadar Ó Riada

Clasaiceach agus Gaelach: 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire' le Peadar Ó Riada

Go stairiúil, ní mórán de cheangal atá idir an Ghaeilge ná an Ghaeltacht agus ceol clasaiceach de bharr deighilt aicme agus tíreolaíochta. Iontas na n-iontas mar sin go bhfuil ceoltóir/cumadóir...

Go stairiúil, ní mórán de cheangal atá idir an Ghaeilge ná an Ghaeltacht agus ceol clasaiceach de bharr deighilt aicme agus tíreolaíochta. Iontas na n-iontas mar sin go bhfuil ceoltóir/cumadóir le Gaeilge ó dhúchas linn inniu go bhfuil ar a chumas ceol clasaiceach d’árd-chaighdeán a chumadh. Ach má deirim gur mac é le Seán Ó Riada, tuigfear cén chaoi go mbuailfeadh fear Gaeltachta faoi shaothar dá leithéid.

Sílim go bhfuil leatrom á dhéanamh ar Pheadar Ó Riada. Don mórchuid tá neamháird tugtha dá cheol. An é go gceapann daoine nach bhfuil ann ach Seán Ó Riada II? Molaim dóibh éisteacht leis an gceirnín seo faoi chaibidil agam, nó lena chéirníní eile ‘Amidst These Hills’ agus ‘Winds Gentle Whisper’ (má tá siad in ann teacht orthu – mo náire, ní raibh amharc orthu i gcathair bhunáiteach Chorcaí). Admhaíonn Peadar féin go mbíonn a athair leis nuair a bhíonn sé ag cumadh, agus aithnítear gaol ina gceol; ach ní hathrá ach úrcheol atá ag Peadar. ‘Sé Caoineadh Airt Uí Laoghaire an saothar is úire leis.

As Muscraí go hiomlán
Tá comhthéacs breise neamhghnáthach leis an gcór agus an saothar seo. Taifeadadh an ceirnín in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne, áit a raibh an première domhanda in Aibreán 2003. Is as an dúthaigh chéanna, Muscraí, an cumadóir, an file, an téacs, an ceol agus mná an chóir. Tá glórtha a máithreacha, agus a máithreacha siúd astu, glór Eibhlín Dhubh í féin. Ní chasfadh aon dream eile an saothar ar nós iad. Bhíos i láthair ag an première, agus scríobhas ina dhiaidh:

Bhí mé faoi dhraíocht, ó thús go deire, agus ó shin. Ón oscailt, bhí tuiscint ann go mbeadh rud difriúil amach romhainn, rud neamh-choitianta, aisteach, iontach, speisialta. Leanann an saothar le rithim dá chuid féin, ag anáil, ag osnaíl, chomh nádúrtha le síorshníomh an tSualáin. Airím easnacha Eibhlín ag at leis an tocht ina cliabhrach. Tá seanaithne ag na ceoltóirí seo ar a chéile. Is gaolta iad, comharsain, cáirde. Bhí na glórtha i gcluasa an chumadóra sula raibh an ceol. Bhí an scéal ina n-intinn ó laethanta a n-óige. Seanscéal áitiúil, de laochas, crógacht, comhrac, grá, agus bás, ina bhfuil bean ar an laoch is mó. Bhí bród i gcroíthe na mban a chas, mórtas ina gcliabhraigh a d’at, a d’ardaigh, agus a thit arís, le hanáil, brí agus beocht a thabhairt don gceol.

Clasaiceach agus Gaelach
Ag éisteacht leis an dtaifead beagnach dhá bhliain ina dhiaidh dom an saothar a chéadchloisteáil, d’airíos mar an gcéanna.

Ón tús, síltear gur clasaiceach an ceol seo; nótaí géara gonta ar an bpianó, nach luaitear le ceol Gaelach de ghnáth. Síos tríd bíonn a leithéid de theanga ón bpianó. Ach don mórchuid, is Gaelach an ceol seo. Tá na harmóin agus an scóradh ag teacht ón gceol clasaiceach, ach baineann structúr, rithim agus stíl an cheoil go hiomlán le traidisiúin na caointeoireachta agus an cheoil Ghaelaigh. Luíonn an Caoineadh, mar shaothar ar leith, go héasca ag an am céanna sa dtraidisiún ceoil clasaiceach agus sa dtraidisiún ceoil dúchasach.

Tá an saothar múnlaithe ag téacs an dáin agus ag nós na mban chaointe a dhéanadh malartú gutha i.e. labhrann an cór d’aonghuth d’Eibhlín, do dheirfiúr Airt agus d’athair Airt, ach freisin bíonn guthanna aonair anois is arís. Athraíonn an ceol nuair a athraíonn pearsa an dáin; agus nuair a labhrann athair Airt, abraíonn an cór na focla, ní chantar iad – fágtar an canadh, mar a fágadh an caoineadh, ag na mná. Is cuid de thraidisiún na caointeoireachta agus an cheoil clasaicigh araon an t-athrá de mhóitífeanna m.sh. “Mo ghrá go daingean tú”. Don chuid is mó, is saor-rithim atá sa gceol, ag leanacht an téacs go dlúth, ach nuair atá rithim ar leith m.sh. ‘A Mhorrisín, léan ort! tá sé suntasach, éifeachtach.

Daingnítear an nasc idir an seanaimsir agus an lá inniu nuair a úsáidtear foinn d’amhráin áitiúla, ag meabhrú dúinn an traidisiún béil atá mar chúlra ag an saothar seo. Úsáidtear gné áitiúil eile anois is arís go héifeachtúil: dordán Chúil Aodha, árd agus íseal. Don té a bheadh ag súil le canadh sean-nósach, tá rian láidir de ann, ag úsáid na dteicnící in oiriúint don gceol agus don dtéacs m. sh. guth scórnaigh agus cliabhraigh chomh maith le labhairt, cogar, agus sioscaireacht. Tá sárfhuaimniú déanta ag an gcór ar an dtéacs, rud a mbeifí ag súil leis uathu, ach caithfidh mé a adhmháil gur mhór an cúnamh dom an téacs a bheith lámh liom is mé ag éisteacht, dá cleachtach mé ar chanúint Mhuscraí. Tugtar áird don timbre, ag úsáid guthanna chun dathú a dhéanamh ar an dtéacs, chomh maith leis an fhaid nó an ghaireacht idir nótaí armóin, agus mar a luíonn an pianó. Dála an scéil, is i ndilchuimhne Sheáin Uí Riada a bronnadh an pianó ar Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne). Is crann taca é an pianó don gcór, ag lonnú a gcuid nótaí i mór- nó mionghléas, nó san ‘eadartha’ (focal Eibhlín Dhubh), na harmóin aisteacha go hiomlán oiriúnach do na focla a shoilsíonn siad. Tá an bhéim á cur go hiomlán ar na guthanna agus a bhfuil dá rá acu. Nuair atá an pianó ina aonar, tá machnamh á dhéanamh ar a bhfuil ráite, nó ar a bhfuil le rá, agus cabhraíonn sé leis an dtéacs bogadh ó loc go loc.

Mothúcháin Eibhlín
Tá an ceol álainn. Luíonn sé go héasca ar an gcluas uaireanta, agus uaireanta eile brúann sé mothúcháin Eibhlín orainn go dólásach. Gabhtar an t-éisteoir. Tá mothúcháin uile na mná le cloisteáil agus le n-aireachtáil. Tá siad sa dtéacs ar ndóigh, agus sa gceol ag Peadar; domhan iomlán nua diaga léirithe ag Ó Riada ag tabhairt saothar Eibhlín Dhubh aniar ón anallód go dtí an lá inniu.

Tá fuaim ar leith ag an gcór seo, guthanna lán de charachtar, rud a bhíonn de dhíth go minic ar chóranna. Bíonn córanna proifisiúnta snoíte le chéile go dlúth; roghnaítear guthanna a nascann le chéile. Tá níos mó éagsúlacht gutha san gcór seo, rud a chuireann leis an saothar mar baineann éagsúlacht leis an dtraidisiún caointeoireachta (b’aonraic chaon bhean chaointe as a cumas cumadóireachta agus cur-i-láthair). Déarfaidh cuid go bhfuil easpa traenála gutha le cloisteáil uathu, ach cuimhnigh gur as traidisiún béil amhránaíochta a fáisceadh na mná seo, gur fhoghlaim agus gur chan siad an saothar go hiomlán ar an gcluas, éacht nuair a chuimhníonn tú ar na harmóin chasta atá cruthaithe ag Peadar, ina gcúig chuid uaireanta. Ní bhaineann téacs ceoil leo, agus is díol suime breise é mar ghné den saothar seo gur saolaíodh é ar an gcluas. Ní bheadh an tuiscint chéanna ag cór proifisiúnta ar an saothar seo, dá cruinne a gcanadh.

Leis an dtaifeadadh, cailltear gné áirid den gcur-i-láthair – gluaiseacht láimhe ag an gcór i gCuid 4, mar chabhair dóibh iad féin a threorú ach a chuireann draíocht breise leis an gcur-i-láthair; na gluaiseachtaí láimhe ar nós maidhme ag dul timpeall an chóir agus iad ag canadh an fhocail ‘marbh’. Tá sé cumhachtach ar an gceirnín, ach níos cumhachtaí i bhfad é a fheiceáil. Freisin, tugadh ceathairéad chun tosaigh níos gaire don bpianó agus don lucht éisteachta, Máire Ní Chéilleachair agus Áine Uí Chuíll ina measc, a chuir pearsain an dáin i láthair go smior.

Ní rud nua an athbheochan seo ar sheantéacs Gaeilge. Le deireaneas, rinneadh athbheochan ar théacs ‘Cúirt an Mheánoíche’ le Brian Merriman (Eanair 2005), leagan drámatúil a d’fheil do théacs spraoiúil, gáirsiúil. Ba dheacair athbheochan níos feiliúnaí a shamhlú do shaothar Eibhlín Dhubh ná saothar Uí Riada a cheadaíonn éisteacht agus machnamh, a dhíríonn ár n-áird ar an scéal, rud a shásódh Eibhlín Dhubh, déarfainn.

Iarracht thrasteorainn
Is saothar ceoil aonraic é seo a sheasann amach go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta seans, mar iarracht thrasteorainn. Deirtear gur thug Seán Ó Riada an sean-cheol Gaelach chuig árdán na n-uaisle nuair a bhunaigh sé Ceoltóirí Chualainn, agus seans go ndéarfar amhlaidh faoi Pheadar agus an Caoineadh. Ach i ndáiríre, séard atá déanta acu beirt ná bua an cheoil agus na dtraidisiún Gaelacha chun nascanna a chruthú thar teorainn aicme, staire, agus teangan a léiriú. Ní céim in airde atá i gceist don gceol Gaelach, ach síneadh láimhe flaithiúla. Chun sin a dhéanamh, caithfidh ealaín a bheith ann, agus is ealaíonta uaidh Cór Ban Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada an saothar seo. Is mór an trua nach bhfuil sé ar chlár ‘Corcaigh 2005’. Mo léan.

Ina hiníon léinn di in Ollscoil Chorcaí, tá Deirdre Ní Chonghaile, de bhunadh Árann, ag cur clabhsúir lena tráchtas PhD ar cheol agus amhránaíocht ar na hOileáin Árann faoi láthair.

Published on 1 July 2005

Deirdre Ní Chonghaile is a PhD student in UCC’s Music Department. Her thesis is on the music and song of the Aran Islands. 

comments powered by Disqus