Cultúr Bógus na Tíre Seo

Is the idea of Irish culture we promote abroad ‘bogus’?

Naocha bliain ó shin bheartaigh grúpa óglaigh tabhairt faoi éirí amach foréigneach chun riail Shasana a dhíbirt as an tír seo agus chun cinniúint na tíre a fhágáil faoi smacht na nÉireannach. Shamhlaigh siad tír ina mbeadh cultúr Gaelach faoi bhláth gan inchur ó chultúr Shasana.

Naocha bliain chun cinn is féidir a rá nach mar sin is amhlaidh. Ó thaobh ceoil, teanga, litríochta, drámaíochta, srl, d’fhéadfaí a rá go mbeadh na reibiliúnaithe sin chomh maith céanna as faoi smacht na Ríochta Aontaithe.

Tá an Bhreatain Bheag sa Ríocht Aontaithe agus tá an Bhreatnais níos láidre sa tír sin ná mar atá an Ghaeilge in Éirinn. Ó thaobh ceoil de tá níos mó grúpa comhaimseartha Breatnaise ann, agus fiú grúpaí móra ar nós Super Furry Animals ag canadh i mBreatnais. Bhí S4C ar an saol blianta fada roimh TG4 chomh maith!

Rinne beirt coilíniú in Éirinn – an coilíní polaitiúil ó Shasana agus an coilíní creidimh ón Róimh. Tá daoine ann a deir dá n-éireodh leis an Reifirméisean in Éirinn go mbeadh an tír aontaithe anois agus níos mó muiníne againn as ár gcuid chultúir féin. Nuair nár éirigh leis an Reifirméisean ní raibh aon bhealach as ach go mbeadh rogha le déanamh idir choilíní amháin agus an coilíní eile. Bhí an bua ag coilíní na Róimhe ach níor mhair an bua i bhfad.

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió le gairid ina raibh an láithreoir ag léamh litreach a fuair sé ó dhuine ó Savannah, Georgia, a bhog go hÉirinn le blianta beaga anuas. Ní raibh an fear bocht róshásta. Luaigh sé cúig fháth, dar leis, go raibh an tír seo chomh dona sin. Ar bharr a liosta luaigh sé go raibh muid ag díol cultúir ‘bhógus’ thar lear. Tar éis dó lonnú i measc na ‘natives’ bhí sé soiléir dó nach raibh de chultúr sa tír ach scáile de bhunchultúr Shasana.

Séard a bhí i gceist aige leis an gcultúr ‘bógus’ a bhí á dhíol thar lear againn ná an cultúr Gaelach ud a shamhlaigh MacPiarais agus a chomrádaithe agus iad ag déanamh ar Ardoifig an Phoist i 1916. Cultúr an cheoil traidisiúnta, cultúr na Gaeilge, cultúr oscailte agus spraoiúil na ndaoine, cultúr na tíre aoibhinne, cultúr damhsa an chrosbhóthair srl.

Nuair a bhí sé soiléir go raibh ag cliseadh ar chóras eacnamaíochta féinchothaitheach de Valera, shocraigh Seán Lemass an tír a oscailt don domhan uile ó thaobh eacnamaíochta. Ní raibh bealach ar bith go dtarlódh an ‘oscailt’ seo gan rachmais an Iarthair a thabhairt isteach sa tír agus a gcultúir i ngreim láimhe acu. Ag an bpointe seo thosaigh an dara héirí amach – an uair seo in aghaidh an dara coilíní.

Séard atá suimiúil ná gur thug an dara héirí amach níos gaire don chéad choilíní muid ó thaobh cultúir de. Agus muid ag iarraidh taispeáint don domhan uilig (Sasana agus Meiriceá, ach síleann muid gurb iad an domhan uilig iad) go bhfuil muid comhaimseartha, oscailte, liobrálach mar dhaoine, déanann muid chuile iarracht macasamhail dá gcuid cultúir a thabhairt ar ais dóibh.

Tá faitíos orm nach bhfuil i gceist san Éirinn chomhaimseartha ina bhfuil muid anois ach cultúr éadomhain daoine éadaingne atá ag ceistniú fiúntais a gcultúir féin agus ag sodar i ndiaidh chomhluadair a gcomharsan, atá, dar leo, ar nós an chailín atá cáiliúil i gclós na scoile, lán den ‘va va voom’.

scenario eile ann: anois agus greadadh tugtha againn don dara coilíní, meastú an bhfuil muid ag tabhairt faoi dearadh nach raibh faic idir muid agus an chéad choilíní seachas smacht na Róimhe?

Smaoinigh ar seo: riar maith de na nuachtáin a léitear sa tír seo anois is ó Shasana iad. Na sobaldhrámaí ar fad beagnach ar an teilifís – ó Shasana. Cultúr an tsacair, Man Utd, Liverpool, Chelsea – ar fad ó Shasana. An cineál ceoil is mó a thaitníonn linn – Coldplay, Doves, Arctic Monkeys – ar fad ó Shasana.

Tá i bhfad níos mó ann freisin – na ‘celebrities’ ar fad, Big Brother, Davina McCall, Chantelle, Heat, Now, OK, Hello!, Jonathan Ross, srl, srl, srl. Ní mhaireann an ‘cultúr’ a bhí ar intinn ag reibiliúnaithe 1916 ach i gcuid bheag den tír. Tá an ceol traidisiúnta imeallach, tá an Ghaeilge i mbaol, ní bhíonn aon duine ag damhsa ar an gcrosbhóthar…

Tá an gaol idir an Bhreatain agus Éire cosúil leis an ghaol a bheadh idir chailín ud an ‘va va voom’ agus a cara, goiliúnach, éiginnte. Tháinig buachaill eadrainn tráth ach tá greadadh faighte aige le tamall. Meastú nár chóir dhúinn dul suas chuici arís agus deireadh a chur leis an gcur i gcéill: ‘like, do you wanna be friends again?’.

É sin, nó forbairt cheart a dhéanamh ar ár bpearsantacht féin.

Comóradh ar 1916? Óóóóó please!

Summary in English
The rebels of 1916 imagined a country in which Irish culture would flower, but ninety years on, could it be said that those ideals would have had better success under British rule, given the example of Wales? If there were two colonisations in Ireland, political and religious, with the former gone, repelling the latter has brought us culturally closer again to Britain. The aspects of Irish culture the 1916 rebels had in mind are on the periphery. Most Irish people today watch English soaps, read English newspapers, listen to English music, follow English football, and look to English celebrities. Is the idea of Irish culture we promote abroad therefore ‘bogus’?

 

Published on 1 March 2006

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus