Deireadh Ré an Albaim

Deireadh Ré an Albaim

Breandán ó hEaghra decodes the LP

Is iomaí sin rud a tharraing clú agus cáil ar Bhaile na hInse ó thús ama, ach dhomsa is é seo an Baile inar cheannaigh mé mo chéad albam riamh – go maith ós cionn scór bliana ó shin. Chuir seo tús le haistear a mhair blianta, ag imeacht ó shiopa go siopa ceoil ag cuartú albaim. Ní raibh aon tóir agam riamh ar shingil a cheannach, ná fiú bailiúcháin amhrán a bheadh curtha le chéile mar Best Of… Greatest Hits…. Dhomsa, ba shéanra ealaíne ann féin é an t-albam, ar nós úrscéil, gearrscéil nó scannáin.

Inniu cloisim caint ar dheireadh ré an albaim. Tá siopaí ceoil á ndúnadh ar fud an domhain, toisc nach bhfuil an oiread céanna daoine ag ceannach ceoil ar an gcaoi seo a thuilleadh. Déantar formhór ceoil an lae inniu a cheannach ar-líne tré íoslódáil a dhéanamh ar amhráin aonaracha ó shuíomhanna ar nós iTunes. Is beag duine óg a théann go siopa ceoil a thuilleadh chun albam a cheannach, ach ní thuigeann siad céard atá á chailleadh acu.

B’é Imagine le John Lennon an chéad albam ar cheannaigh mise. Fiú sular cheannaigh mé é bhí neart albam eile agam sa mbaile a bhí taifeadta ó chairde liom, ach b’é seo an chéad cheann gur chaith mé pingin leis. Ina dhiaidh sin shábháilfinn chuile phingin dá raibh saothraithe agam ó phoist bheaga suaracha nó go mbeinn in ann albam eile a cheannach. Fós inniu is cuimhin liom an gliondar a bhíodh orm agus mé ag fágáil na siopaí ceoil le stuif nua. Chuaigh an Joshua Tree, Out of Time, Oh Mercy agus neart, neart eile trí mo lámha. Tá mé fiú in ann a mboladh a fháil fós!

Thiocfadh na halbaim i bhfoirm téipe ag an am, agus na hamhráin roinnte idir taobh A agus taobh B. Ní raibh sé i bhfad nó gur shocraigh mé i m’intinn céard a theastaigh chun albaim mhaithe a dhéanamh! Thosaíodh siad le hamhrán sciobtha – ar nós ‘Taxman’ ón albam Revolver leis na Beatles – agus críochnaíodh siad le ceann an-spreagúil, ar nós ‘Got to Get You into My Life’ ón albam céanna. I lár báire bhíodh amhráin mhalla ciúine chun an t-atmasféar a athrú, ar nós ‘Here There and Everywhere’. Agus ar ndóigh, ní féidir albam a chur i gcrích nach mbeidh amhrán trialach air freisin – ar nós ‘Tomorrow Never Knows’ (iadsan uilig ó Revolver).

Ar ndóigh, shíl mé go raibh an córas oibrithe amach agam, ach ní raibh ann ach stíl na mBeatles féin a bhí díchódáilte agam! Nuair a thosaigh mé ag éisteacht le Bob Dylan agus Neil Young agus daoine eile thuig mé gur thugadar siúd faoi na halbaim ar shlite a bhí iomlán difriúil! Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le Bringing It All Back Home le Dylan, agus é an-ard go deo agam, nuair a tháinig mo dheartháir isteach chugam ag iarraidh ceol an ‘hillbilly lofa sin’ a chasadh as!

Is séanra ann féin é an t-albam, gan aon dabht. Is iomaí ceoltóir nó grúpa atá in ann amhrán iontach a scríobh ach is beag atá in ann albam iontach a chur amach. Dhomsa, ní raibh na Stones in ann (conspóideach, tá a fhios agam, ach sin mo thuairim)! Thuig Dylan an coincheap níos fearr ná an chuid is mó agus is mar gheall ar sin go mbreathnaítear ar a shaol i bhfoirm tréimshí - ré Blonde on Blonde, ré Blood on the Tracks, an ré Críostaí agus eile.

Teastaíonn ó albam maith atmasféar a chruthú ó thús go deireadh. Rinne Dark Side of the Moon é seo, agus OK Computer blianta ina dhiaidh sin. Chuir an raidió brú ar ghrúpaí amhráin ar thrí nóiméad agus fiche soicind a chur amach mar shingil ach bhí an t-albam in ann saoirse a chur ar ais i lámha an cheoltóra. Go minic d’fhéadfaí forbairt an ghrúpa a chloisteáil ó albam go halbam agus iad ag díriú isteach ar an bhfuaim a bhí speisialta dóibhsan.

Ar ndóigh, chomh maith leis an gceol, bhí tábhacht ar leith ag baint le clúdach an albaim a fheiceáil. Na liricí scríofa air, pictiúir de na ceoltóirí, tuairimíocht éagsúil ó am go ham. Rud éigin fisiciúil, le breith air agus le breathnú air. Billeog na healaíne.

Tá sin ar fad ag imeacht, is cosúil, agus ní bheidh gá a thuilleadh le halbaim mhaithe a chur amach – ní theastóidh anois ach na singil. Meastú an éireodh chomh maith le Neil Young nó Bob Dylan mura mbeadh albaim acu mar phointí tagartha, ar nós HarvestDesire? An féidir an tuiscint chéanna a bheith agat ar obair John Lennon mura bhfuil de thagairt agat faoi ach ‘Oh yeah, I love John Lennon – I have five of his songs on iTunes’?

Imíonn gach rud le gaoith, ach is boichte a bheidh muid má tá deireadh ré an albaim tagtha cheana féin.

Published on 1 June 2010

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus