Éire Nua agus an tAmhrán Náisiúnta

Breandán Ó hEaghra on what our national anthems say about us

Tá an séasúr rugbaí linn arís agus na gearáin faoi ‘Ireland’s Call’ le cloisteáil ó chuile thaobh. Tá mná ag glaoch ar Joe Duffy, agus fir á gcaitheamh amach as tithe ósta, i ngeall ar a gcuid feirge. Creidim féin go bhfuil an oiread sin gráin ag daoine ar an amhrán seo i ngeall ar go bhfuil sé i mBéarla, ní fearacht Amhrán na bhFiann atá i bhfíortheanga na nGael. Mar sin, ar ball beag, táimse chun ‘Ireland’s Call’ a aistriú ar mhaith le síocháin! Ach ar dtús – cúpla focal faoi amhráin náisiúnta go ginearálta. Tá bunús míleata le formhór na n-amhrán náisiúnta mar gheall ar go n-eascraíonn siad ó chogadh éigin a tharraing tír i dtreo neamhspléachais. Is cinnte go raibh na hamhráin an-tábhachtach dóibh siúd a mhair i dtús ré an Stáit nua, ach tá rud éigin aisteach faoi chuntasóir i nGucci a bhíonn ag béiceadh in ard a ghutha faoin drochbhail a chuirfidh sé ar an namhaid.

Tá ceithre thír san Afraic a roinneann an tiúin chéanna ina n-amhrán náisiúnta féin le hamhrán Shasana, ‘God Save the Queen’. Agus bhí ar na Sasanagh véarsa a ghearradh amach as a n-amhrán náisiúnta féin tar éis Acht an Aontais i 1707 mar gheall ar gur shíleadar go gcuirfeadh sé as do mhuintir na hAlban (sa véarsa seo luaitear rud éigin ar nós ‘to crush the Scots’…).

Scríobhadh amhrán Mheiriceá, ‘Star Spangled Banner’ in 1814, faoi chath a tharla taobh amuigh de Washington blianta roimhe ach níor glacadh leis mar amhrán náisiúnta go dtí na 1930aí. Ó shin i leith tá muintir Mheiriceá ag canadh faoi bhrat a mhair trí scliúchhas cogaíochta agus faoin dúil atá acu cosa na naimhde a níochán lena gcuid fola féin.

Ní gá iad a luadh uilig ach tá lorg an airm ar fhormhór na n-amhrán – ón bhFrainc, go dtí an Iodáil, an Spáinn agus fiú an Eilbhéis! Mura bhfuil siad ag canadh faoi chath éigin a bhuaigh siad tá siad ag gealladh go mbuafaidh siad i gcath éigin atá le teacht.

Bheadh i bhfad níos mó spraoi againn dá ndéanfaí cineál ‘Kris Kindle’ de na hamhráin náisiúnta go léir – ‘sé sin, dá gcuirfí ainmneacha na dtíortha i bpota ionas go mbeadh ar gach tír amhrán náisiúnta a chumadh do thír éigin eile (sin an uair go mbeadh a fhios agat céard a cheap daoine fút).

Maidir leis an amhrán seo againne, is é Peadar Kearney a chum na focla i dtús an chéid seo caite agus deirtear gur chan na saighdiúirí é i 1916. Níl le cloisteáil sa lá atá inniu againn ach an cúrfá – bhí ceithre véarsa eile sa mbunleagan. Go deimhin, is i mBéarla a chantaí ar dtús é mar ‘The Soldier’s Song’ ach le himeacht aimsire tá dearmad uilig déanta ar an leagan sin.

Tá foireann rugbaí na hÉireann suimiúil mar go dtugann sí daoine le chéile ó thraidisiún Aontachtach Uladh agus ón traidisiún Poblachtánach (chomh maith le chuile dhuine eile ar an oileán nach aontachtach ná poblachtánach é). I ngeall ar seo ní féidir Amhrán na bhFiannn a chanadh nuair a bhíonn an fhoireann ag imirt as baile, cé go gcantar é nuair a imríonn siad i mBaile Átha Cliath.

Seo an fáth ar ndóigh gur cumadh an t-amhrán ‘Ireland’s Call’, mar chinéal réitigh idir Aontachtaigh agus Poblachtánaigh. Má dhéantar anailís ar na liricí san amhrán léirítear dúinn go mbeidh daoine ó chuile thraidisiún sa tír ag seasamh lena chéile nuair a ghlaofar orthu. Seanmheanma na n-amhrán náisiùnta traidisiúnta ach an gob géar bainte aisti. Níl an t-amhrán ródhona ach tá an ghráin ag daoine air mar gheall ar gur ‘comhréiteach’ atá ann, agus séard a theastaíonn uathu óna n-amhrán náisiúnta ná mana na treibhe.

Ar deireadh – an bhfuil gá le hamhráin náisiúnta? Bhuel, ó thaobh spóirte de tá, mar go dtugann siad borradh muiníne don slua agus don fhoireann féin roimh chluiche (nó go n-ardaíonn sé anam na tíre má chantar é tar éis bonn óir a bhuachaint sna cluichí Oilimpeacha – rud nach dtarlaíonn rómhinic!). Seachas sin, tá sé chomh maith dúinn ‘Whole Lotta Rosy’ a chasadh.

Séard a theastaíonn uainn ar an oileán seo, áfach, ná amhrán a thugann meas don dá sheantraidisiún agus freisin a tharraingíonn áird ar an Éirinn nua. Sílim go bhfuil an réiteach agam: ‘The Old Orange Flute’, aistrithe go Gaeilge, á chanadh ag grúpa le drumaí Afraiceacha i gculaith thraidisiúnta na Polainne.

Published on 1 March 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus