Greim Láimhe don Pháirtnéar is Gaire Dúinn

Greim Láimhe don Pháirtnéar is Gaire Dúinn

How country music in America binds Ireland North and South

‘Ceol tíre’ an Ghaeilge atá ar country music. Cinnte sin botún aistriúcháin? Is é an ‘country’ atá i gceist ná an tuath, agus ní an tír ná an stát. Le bheith níos cruinne fós, is í tuath Mheiriceá atá i gceist. Hataí féir agus léinte dheaideo. Yee-haw agus ruaille buaille. Níl tada le déanamh aige le ceol na ‘tíre’ seo. Nó an bhfuil?

D’fhás country music ó stíl cheoil ar a dtugtar old-time music agus tháinig an cineál sin ceoil go Meiriceá nuair a chuaigh Albanaigh Uladh ar imirce chun na tíre sin sna 1600aí agus 1700aí.  Sna blianta sin inar déanadh mórchóilíniú ar Mheiriceá, d’fhág an-chuid d’Albanaigh Uladh na tíre seo chun cur fúthu sa domhan nua. Preispitéirigh agus feirmeoirí díograsacha a bhí iontu agus thugadar leo a gcuid creidimh, ceoil agus amhrán go ceantar Appalacia, a ritheann taobh leis na sléibhte idir na Carolina agus Pennsylvania.

Cé gur ghlac Albanaigh Uladh páirt an-ghníomhach i bpolaitíocht Mheiriceá agus i mbunú an náisiúin sin, is fíor a rá nár choinnigh a gcuid muintire an teagmháil chéanna leis an seantír agus a choinnigh sliocht na gCaitliceach a d’fhág an tír tar éis aimsir an Ghorta Mhóir. Cloistear go minic faoi JFK, Regan, Tipp O’Neill agus eile, daoine cumhachtacha i Meiriceá a tháinig ó shliocht na gCaitliceach Éireannach, ach ba de bhunús Albanach Ulltach formhór na nUachtarán a bhí i gceannas ar Mheiriceá i dtús bhlianta an náisiúin. Bhí Johnson agus Jackson, Cleveland agus Buchanan ar fad de shliocht Albanach Ultach agus go deimhin tá a rian le feiceáil sa Teach Bán chomh fada ar aghaidh le Clinton agus W. Bush é féin.

Cibé cén fáth nár coinníodh an teagmháil  sna blianta a chuaigh tharainn is cinnte go bhfuil gluaiseacht i measc roinnt Aontachtaithe sa lá atá inniu ann chun aird a tharraingt in athuair ar an gceangal láidir sin, trí shuiomhanna idirlín agus eile. Is rud maith é seo, chomh fada agus nach n-úsáidtear é chun a thuilleadh deighilte a chothú idir an dá threibh sa Tuaisceart. Go deimhin, d’fhéadfaí an teagmháil a úsáid chun an dá threibh a thabhairt níos gaire dá chéile. Sin má dhírítear ar an old-time music ó Shléibhte Appalacia. Nuair a nasc Albanaigh Uladh le na Sasanaigh agus na Gearmánaigh a chuaigh go Meiriceá i dtús bhlianta an chóilínithe, ba ghearr go raibh ceol, damhsa agus amhrán an nua-náisiúin á gcruthú. Bhí rian an-láidir Ultach ar an gceol seo. Sna bailte nua a cruthaíodh bhíodh imeachtaí sóisialta acu go minic ina gcuid scioból, le gach duine ar an mbaile ag teacht le chéile chun damhsa agus ceol a dhéanamh. B’as seo a d’fhás an barn dance atá feicthe chomh minic sna seanscannáin againn, uair go ndeir duine éigin le fidil ina láimh ‘grab your partner by the hand…’

Ach… is cinnte go bhfuil ceol old-time Appalacia thar a bheith cosúil le ceol traidisiúnta na tíre seo – an cineál ceoil a chloistear ag Fleadh Cheoil na hÉireann chuile bhliain. Fiú go seinntear roinnt port i gceol old time a chloisfeá ag seisiúin cheoil Éireannacha. Léiríonn seo, dar liom, go raibh nasc ceoil láidir idir na ‘Gaeil’ agus Albanaígh Uladh sna blianta sin roimh Chath na Bóinne. Is fíor a rá freisin go bhfuil neart port atá comónta idir ceol traidisiúnta na hAlban agus ceol na hÉireann – meastú nárbh iad Albanaígh Uladh a thug isteach i gceol na tíre seo iad?

Le blianta beaga anuas tá an-chuid oibre á déanamh ag cothú nasc idir lucht labhartha na Gaeilge agus lucht labhartha Gaidhlig Alban. Cé go ndéanann náisiúnaithe na tíre seo maíomh as an gceangal láidir ‘Ceilteach’ a léirítear ar an dóigh seo, is beag a deirtear faoin bhfíric go bhfuil muid ag déanamh teagmháil chultúrtha le muintir na hAlban ach gur beag teagmháil chultúrtha a dhéanaimid le sliocht na nAlbanach Ultach, thuas i dTuaisceart na hÉireann.

Tá cumhacht faoi leith ag ceol agus ealaín chun daoine a thabhairt le chéile ar bhealach nach féidir le próiséas polaitiúil ar bith. Nuair a chuireann treibh daoine a gcuid cultúir in iúl tríd an ceol nó ar bhealach ealaíonta eile, is minic gur dearfacht agus ionracas na ndaoine a thagann chun tosaigh. Nuair a dhéantar ceangal cultúrtha is minic go dtugann daoine faoi dearadh gur mó na cosúlachtaí atá eadrainn mar dhaoine ná na difríochtaí.

B’fhéidir nár dhrochsmaoineamh é tús a chur leis an gceangal cultúrtha seo tré turas a thabhairt ar Shléibhte Appalacia. Ba ghearr go dtabharfaí faoi dearadh go gceanglódh an ceol na treibheanna le chéile ar bhealach éigin. Tá an-dul chun cinn déanta ag an tír seo le deich mbliana anuas; b’fhéidir anois ón taobh cultúrtha de go bhfuil sé in am greim láimhe a thabhairt don pháirtnéar is gaire dúinn.

Published on 1 January 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus