Gurbh fhada muid ag éisteacht le Préacháin...

Gurbh fhada muid ag éisteacht le Préacháin...

The corporate cruelty of the new talent shows


Ó d’aistrigh mé ar ais abhaile ón gcathair tá jab agam tine a lasadh. Tá cuid den mhilleán ar an bpoll atá ag ligint ar féin gurb é mo thintéan é. É sin, agus gur drochbhliain a bhí ann don mhóin.

Tá mo bhean chéile ag lasadh coinnle. Dhá cheann déag acu suite san áit ina mbíodh mé ag iarraidh mo thine a chur. Grotto beag leis an Mhaighean ar iarraidh.

Is gearr go dtugann an duine rudaí faoi dearadh amuigh anseo nach bhfaca sé óna óige. Na préacháin agus dorchadas na h-oíche is mó a chuireann iontas orm na laethannta seo. Tá sé dubh nuair a fhágaim an tí, agus níos duibhe fós nuair a fhillim. Ach bíonn na coinnle lasta.

Déarfaidh daoine leat go bhfuil saol na tuaithe chuile phioc chomh nua-aoiseach le saol na cathrach. Ach níl, buíochas le Dia. Ní féidir greim a fháil orm ar an bhfón póca san áit seo, agus níl uimhir an tí ach ag beagán daoine. Tá an t-idirlíon cantalach go maith sa gceantar seo agus is beag uair go dtiocfaidh grúpa mór ceoil go dtí an baile beag s’againne.

Tháinig comharsa chun tí an oíche cheana agus d’ól muid deoch nó dhó. Suite siar ag caint agus ag gáirí, bhí an teilifís múchta. Ní fear mór ceoil a bhí ann ach oiread, ach is iondúil go gcuirim port éigin ar siúl ar an iPod nuair a thagann cuairteoirí thart. Táim ag foghlaim in athuair go bhfuil léargas saoil na tuaithe an-éagsúil ó cheann na cathrach, agus d’ardaigh an fear seo ceist an-shuimiúil.

‘Cheapfainn,’ a deir sé, ‘go bhfuil an TV ag milleadh an cheoil.’

‘Tuige?’

‘Breathnaigh ar na Pussycat Dolls.’ (Níor chreid mé go mbeadh a fhios aige fiú cé hiad.)

‘Tá mo bheirt íníon craiceáilte ina ndiaidh, ach níor thug mé áird ar bith orthu nó gur chas fear na teilifíse port leo an lá cheana.’

Is é an pointe a rinne mo chara ná seo: má tá ceol na bPussycat Dolls dírithe ar chailíní óga, cén fáth go bhfuil na físeáin dírithe ar fhir (nach bhfuil chomh hóg!).

Lean sé air: ‘Cén mhaith a dhéanann sé dóibh a bheith leathnocht sna físeáin, níl fear ar bith chun a gcuid ceoil a cheannach ar aon nós?’

B’é freagra na ceiste, dár leis, ná go raibh an teilifís go hiomlán faoi smacht na margaíochta, agus go dtuigeann lucht na margaíochta gur féidir lucht féachana mór fireann a mhealladh leis an ‘milseán súl’ seo. S’í an fhadhb, dar leis, ná go bhfuil na cailíní óga sáinnithe sa gcrosmhargaíocht. Má thaithníonn ceol na Pussycat Dolls leo, nach luíonn sé le reasún go mbeidh uathu aithris fhisiciúil a dhéanamh orthu?

Amuigh anseo is beagnach go n-éireofá tinn ag breathnú ar an bpraiseach atá déanta de rudaí ó tháinig lucht na margaíochta chun cinn. Tá buachaillí agus cailíní ógá á scrios go poiblí ar chláracha a dhéanann maíomh as a gcuid cruáltachta. Oíche aréir, bhí cailín amháin ag déanamh tréaniarracht amhrán a chum sí féin a chasadh ar chlár ar TG4 nuair a chuir moltóir stop léi tar éis tríocha soicind. ‘Préachán’ a bhí inti dar leis, préachán, místuama a bhí ag cur a chuid ama amú. Aithris a bhí ann ar chruáltacht chorparáideach Mheiriceá agus ar an lámh láidir a léirítear i ngnó an cheoil thall ansin. Ach ar an taobh seo d’Aigéan an Atlantaigh bhí cailín óg as Maigh Eo náirithe ós comhair na tíre, tar éis go raibh sí cróga go leor chun an t-amhrán deas a chasadh a chum sí agus í i gcúlsheomra tuaithe léi féin.

Níl aon am ag an teilifís. Mura bhfuil tú in ann do phointe a dhéanamh i naocha soicind, bíodh an diabhal agat. Ba chóir fainic a chur ar dhaoine óga gan dul i bhfoisceacht scread asail de chláracha ar nós X-Factor agus American Idol. Ní faoi cheol atá siad ach faoi ghnó an cheoil. Ní hiad na ceoltóirí a bhéarfaidh bua astu ach an moltóir atá gránna – an té is mó a mhaslaíonn duine. Is cinnte go dtéann daoine ós comhair na moltóirí agus gan iad sách maith, ach is bréag ón mholtóir é a rá go bhfuil sé ‘cruálach chun bheith cineálta’. Níl ó chuid daoine ach an seans chun duine a mhaslú go gránna ar an aer. Agus seo a theastaíonn ó lucht na margaíochta freisin, mar ní dhíolann an deámhúineadh tada.

Is aisteach an saol anois é. Níl aon airgead ag na bancanna, níl aon ghrian sa samhraidh, ní féidir bheith sábháilte sna hospidéil agus ní féidir bheith siúráilte faoin uisce atá le n-ól. Ach tá íochtar an dreimire sroichte againn mar shochaí nuair a bhaintear sásamh as na maslaí a chaitear i dtreo na hóige, ar mhaith le cliú an mholtóra mhaslaígh.

Bhí sé deireanach go leor nuair a d’fhág mo chomharsa. Mhúch mé féin agus mo bhean chéile na coinnle uilig. Tá súil agam go bhfásfaidh tine ann lá éigin, agus gurbh fhada muid ag éisteacht le na préacháin.

Published on 1 November 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus