Ionad Cultúrtha do Chonamara?
Photo: Bob Quinn

Ionad Cultúrtha do Chonamara?

Why is it so difficult to experience the musical culture of the west of Ireland?

Ba bhreá mar a sheas trá an Chaoráin Bhig in éadan an lagthrá eacnamaíochta le gairid. Bhí an Charraig Léithe leathbháite agus bhí an ghaineamh mín agus éadrom tar éis trí lá a bhí fuar ach tirim.

Fear amháin aonarach a bhí ag barr na trá á réiteach féin chun ionsaí a dhéanamh ar an bhfarraige fhuar agus seachas sin ní raibh de dhaoine thart ach mé féin, mo bhean chéile agus beirt nia óg a bhí ar chuairt ó Chontae Lú.

Bhéic an fear os ard sular thosaigh sé ag rith ó bharr na trá i dtreo na farraige agus lean sé lena chuid síleála nó gur bhuail a chos uisce – uair gur ardaigh sé an torann. ‘AAGGGGGGGGGGGGGGH’, a bhéic sé agus é ag rith isteach san Atlantach, isteach thar a bhásta, go himleacán agus ar deireadh á thomadh féin i bhfuacht an Aibreáin ar an gcósta thiar.

‘Is everyone in Connemara that mad?’, a d’fhiafraigh an nia ab óige dínn agus í ag breathnú amach ar an gcéapar seo uilig. ‘He’s not from Connemara at all,’ a dúirt mise léi, ‘he has come here to do something that most of us never do.’

Is fíor é sin le han-chuid rudaí i gConamara. Tagann stráinséirí chun na háite chun blaiseadh den chultúr ceoil, damhsa agus amhránaíochta a fháil atá dúchasach don áit, ach ní fhaigheann siad ach an easpa.

Cé go bhfuil scoth na gceoltóirí traidisiúnta i ndeisceart Chonamara tá sé beagnach dodhéanta seisiún ceoil a aimsiú go héasca sa samhradh, gan trácht ar an gcuid eile den bhliain. Ní mhaireann an ‘céilí’ sa gceantar a thuilleadh agus níl ómós ar bith d’amhránaithe ar an sean-nós i rith ócáidí sóisialta taobh amuigh de stáitse an Oireachtais agus corrsheisiún eile.

Níor chóir go mbeadh aon cheantar á mhaisiú féin i gcóir na turasóireachta amháin, ach sílim go mbeadh brabús le fáil go heacnamaíoch agus go cultúrtha don Ghaeltacht dá gcuirfí chun cinn an ceol, damhsa agus amhránaíocht traidisiúnta a bhaineann leis an gceantar.

Níor chóir go dtitfeadh an t-ualach ar na tithe ósta amháin ach an oiread. Céard a tharla do na ‘céilithe’? Tá hallaí breátha móra i chuile pharóiste ar fud na tíre agus dá maiseofaí an taobh istigh díobh táim cinnte go mbeadh an-spraoi le tabhairt faoi chéilithe a eagrú iontu. Go deimhin, is minic mé á chloisteáil ó dhaoine gurb é an ‘céilí’ an chuid ab fhearr leo de cheol nó de dhamhsa ag bainis nó eile.

Tá easpa i gConamara i ngeall ar go bhfuil chuile theach tábhairne, siopa nó óstán ag déanamh a ruda féin agus nach bhfuil aon fhís amháin á leanacht ó thaobh cur chun cinn oidhreachta nó cultúir na háite. Diabhail locht orthu ach oiread mar tá siad ag déanamh a gcuid oibre mar is cirte dóibh féin. Ach sílim go ndéanfadh Ionad Cultúrtha agus Turasóireachta an-leas do Ghaeltacht Chonamara. Ionad a d’eagródh imeachtaí, ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa, agus a d’oibreodh le gnóanna eile an cheantair chun an fhís a chur chun cinn.

Ní gá go mbeadh Conamara ag díriú ar na healaíona traidisiúnta amháin ach oiread. Le gairid d’eagraigh Cumann Ealaíne Acadaimh na Gaeilge (Súbhóró), ceolchoirmeacha sa gCistin ar an gCeathrú Rua le Liam Ó Maonlaí agus John Spillane agus d’éirigh go hiontach leo. Seo jab a d’héadfaí a dhéanamh go leanúnach tríd an Ionad Cultúrtha ar a bhfuilim ag caint. Tá leithéidí an Ghaelacadaimh ag déanamh sároibre chomh maith le ranganna sean-nóis do pháistí óga. Bheadh Ionad Cultúrtha in ann an-chuid chomhoibre a dhéanamh lena leithéidí siúd.

Ar ndóigh, níl mórán airgid sa tír faoi láthair, ach nach fiú airgead a chaitheamh ar thogra a chuirfeadh chun cinn turasóireacht chultúrtha – ó tharla go bhfuil na monarchain Mheiriceánacha ar fad ag dúnadh suas! Níl ann ach smaoineamh, ach b’fhéidir go bhfuil duine éigin amuigh ansin a chuirfeadh eireaball leis.

Ar ais go trá an Chaoráin Bhig. Bhí mo dhuine ag teacht amach as an uisce agus é ar crith leis an bhfuacht agus a chroí ag preabadh nuair a rith an cailín óg suas chuige agus í ag béicíl air. ‘Do you know that no one else around here goes swimming at this time of year?’, a dúirt sí leis. ‘Well they should,’ a d’fhreagair sé, ‘it would do them the world of good.’

Glossary
Ionad Cultúrtha
cultural centre
lagthrá eacnamaíochta
economic recession
leathbháite half-drowned
síleála hardship
bhásta waist
imleacán navel
á mhaisiú féin
to adorn/decorate itself
an t-ualach the burden
aon fhís amháin one single vision 

Published on 1 June 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus