Mé Féin agus Woodie Guthrie

Mé Féin agus Woodie Guthrie

Where is the Woodie Guthrie of today, contemplates Breandán Ó hEaghra, as Genghis Khan joins the singer on a Conamara trampoline. And is that Angela Merkel on the banjo and Nicolas Sarkozy clapping along?

Woodie Guthrie

Níl baint ar bith ag an ráiteas seo a leanas leis an gcuid eile de m’alt, ach caithfidh mé an t-ualach a chur díom: tá mé cráite ag trampailíní.  

Níl garraí sa tír nach bhfuil ceann acu sáite ann agus iad lán le preabadóirí beaga sa samhradh. Scéal eile a bhíonn ann sa ngeimhreadh áfach, uair nach mbíonn duine ná deoraí in aice leo. Mar sin féin is minic go bhfágtar na fathaigh ina staiceanna gruama os comhair an tí. Ní hamháin go bhfuil siad contúirteach i lár na stoirme ach tá rud éicint gáirsiúil fúthu — rud éicint a léiríonn an leibhéal a bhfuil muid sásta dul chuige chun páistí a shábháil ó leadrán an tsaoil.

Ó tharla mé a bheith tosaithe air seo, agus geallaim nach gcuirfidh mé mórán eile den alt amú leis an tseafóid seo, ach bhí brionglóid agam aréir go raibh mé féin, Genghis Khan agus Woodie Guthrie ag preabadh ar thrampailín a bhí sáite sa ngarraí s’againne. Bhí Genghis ag déanamh páilín in airde a fhad agus a bhí Woodie ag caint:

The songs that I sing are made up for the most part by all sorts of folks just about like you. I could hire out to the other side, the big money side, and get several dollars every week just to quit singing my own kind of songs and to sing the kind that knock you down still farther and the ones that poke fun at you even more and the ones that make you think that you’ve not got any sense at all. But I decided a long time ago that I’d starve to death before I’d sing any such songs as that. The radio waves and your movies and your jukeboxes and your songbooks are already loaded down and running over with such no good songs as that anyhow.

Ag an bpointe seo stop Genghis ag déanamh a chuid páilíní agus labhair sé i nGaeilge bhlasta: ‘An bhfuil tú ag caint liomsa nó leis an leaid beag?’ (É ag síneadh a mhéire chugamsa.)

Níor fhreagair Guthrie go díreach… thosaigh sé ag rámhaille faoi rud éicint eile. Ní chaithfidh mé i bhfad eile ag cur síos ar an mbrionglóid seo ach tá sé chomh maith dom an scéilín beag seo a chríochnú. Labhair Guthrie arís:

The world is filled with people who are no longer needed — and who try to make slaves of all of us — and they have their music and we have ours. 

‘Sea,’ a deir Khan, ‘ach an liomsa nó leis an bpiteoigín beag suarach sin atá tú ag caint?’ Rinne mé dearmad a lua gur i lár an gheimhridh a bhí muid ag preabadh agus go raibh dhá dhosaen campa chanbháis thart orainn sa ngarraí agus brat mór bán le ‘Occupy Conamara’ scríofa air. Sheas duine de na campálaithe suas agus d’impigh sé ar Woody amhrán a chasadh….

It’s round the world I’ve travelled; it’s round the world I’ve roamed; but I’ve yet to see an outlaw drive a family from its home.

Ba bhreá liom tosú ar m’alt anois, ach is de réir a chéile a nochtar brionglóid na hoíche agus nílim ach tar éis cuimhneamh go raibh Dylan, Neil Young agus Richie Havens páirteach inti chomh maith – iad ceangailte de gheata iarainn agus ag béicíl ar mo mhéit Khan.

‘Murderer,’ a deir Dylan.

‘An liomsa nó an leatsa atá sé ag caint?’ a d’fhiafraigh Genghis.

‘Right wing murdering pig… you’re worse than Gadaffi!’ a bhéic Young… rud a shíl mé a bhí an-mhímhúinte ar fad.

‘Master of War’, a bhéic Dylan arís.

FREEDOM’, a bhéic Havens in ard a ghutha! ‘FREEDOM, FREEDOM, FREEDOM.’

Ar aon nós… tá mo dhóthain ráite agam faoin mbrionglóid seo. Is é an t-ábhar gur mhaith liom a phlé san alt seo ná…

…fan soicind amháin…

…bhí Georges Papandreou na Gréige i mo bhrionglóid chomh maith – é ag déanamh damhsa na gcoiníní a fhad is a bhí Angela Merkel ag ceol ar an mbainseo agus Nicolas Sarcozy ag bualadh bos.

D’imigh rudaí as smacht uilig nuair a tháinig Jay Gorney, fear nach bhfaca grian na spéire ó 1931, amach as ceann de na campaí agus é ag casadh in ard a ghutha:

They used to tell me I was building a dream, and so I followed the mob,

When there was earth to plow, or guns to bear, I was always there right on the job.

They used to tell me I was building a dream, with peace and glory ahead, 
Why should I be standing in line, just waiting for bread?

B’fhéidir go raibh mo bhrionglóid ag inseacht rud éicint dom…

Má thug an saol cúis amhrán agóide a scríobh ariamh, nach cinnte gurb é seo an t-am chun iad a chumadh?

Foclóirín

amhrán agóide protest song
brionglóid dream, vision
ceangailte tied
contúirteach dangerous
gáirsiúil obscene
garraí garden
gur mhaith liom a phlé that I would like to discuss
ag inseacht telling
ag síneadh a mhéire pointing his finger
smacht control
ualach load, burden

Published on 1 April 2012

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus