Nósanna Nua de Dhith don Sean-nós

Bhíodh Eamon Dunphy ag tabairt amach faoi ghné de shaol na hÉireann ar ar thug sé ‘official Ireland’. Séard a bhí i gceist aige leis an téarma seo ná na daoine a cheap iad féin mar...

Bhíodh Eamon Dunphy ag tabairt amach faoi ghné de shaol na hÉireann ar ar thug sé ‘official Ireland’. Séard a bhí i gceist aige leis an téarma seo ná na daoine a cheap iad féin mar údaráis ar an rud ab fhearr don tír seo. Bhí fonn orm glaoch a chur ar Eamo agus inseacht dhó go raibh an rud céanna amhlaidh chomh fada agus a bhaineann sé le cultúr na Gaeilge… go háirithe ó thaobh an tsean-nóis.

Le gairid bhí oíche shean-nóis á reachtáil againn sa Galway Inn i Lorient, i gceartlár na Briotáine, a thug i bhfad amach ón ‘official Ireland’ seo mé. Bhí imní ar úinéar na háite nach n-éireodh leis mar ócáid… rómhaith ba chuimhin leis na hoícheanta sean-nóis sa mbaile blianta ó shin, ‘the toothless capeens’ mar a thug sé orthu.

Bhí muid féin beagán níos dóchasaí. Tuige nach mbeadh? Is muid a d’eagraigh an oíche, agus an fhéile ar fad, mar sin, mura mbeadh muide dóchasach, cé a bheadh? ‘Two young Gaelic singers and two solo Breton singers? Keep it lively!’… shílfeá gur ‘damage limitation’ a bhí ann ón tús.

Rhona Ní Chearbhaill a chas an chéad amhrán. ‘Ssssh….ssshhh’ a bhí agamsa, b’é sin mo job ar feadh na hoíche shíl mé, ba mise an ‘sssh-sssshóir’. Chas sí ‘Cúirt Bhaile Nua’. Briotánaigh is mó a bhí i measc an tslua agus thugadar cluais le héisteacht di nár chuala mé d’aon amhránaí ar an sean-nós in aon teach tábhairne i gConamara riamh. ‘I’ll give you that one,’ a dúirt an t-úinéara liom, ‘she’s no toothless capeen’.

Tuigim céard atá i gceist ag an úinéara. Go dtí seo, den chuid is mó, tá an sean-nós ‘elitist’. Maireann sé ó bhliain go bliain ar árdán Chorn Uí Riada. Tá cuid daoine nach dtabharfadh cluais le héisteacht d’éinne nach bhfuil an corn sin buaite! Tá na toothless capeens damanta, siúráilte, ach tá daoine eile amuigh ansin chomh maith…

Úsáideann mionteangacha meicníocht an chomórtais chun gnéithe dá gcultúr a choinneáil beo. Ó eagraitheoirí na gcomórtas cloistear ráitis ar nós: ‘Tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo daoine chun amhráin/drámaí/filíocht/&rl a scríobh/chumadh/a fhoglaim’. Cinnte spreagfaidh… ach is í an fhadhb leis an bhfealsúnacht seo ná go dtuigfidh daoine, gan rómhoill, go bhfuil foirmle éigin ag baint le comórtas a bhuachaint, mar sin is ‘cloning’ seachas ealaín a bhíonn i gceist ar deireadh.

Amhránaithe cumasacha ar an sean-nós is ea Rhona Ní Chearbhaill agus Ciarán Ó Concheannain. Ba bhreá iad a chloisteáil ag déanamh albam ceoil damhsa nó ‘ambient’ ag úsáid feithicil an tsean-nóis. Ní spreagfar é seo áfach, mar de réir na saoithe sin, na ‘toothless capeens’, ní cheadaítear tionlacan.

Nuair a chuirtear an iomarca béime ar chomórtais déantar neamháird ar an tsamhlaíocht a bhaineann le ceol a chur i láthair. Ní féidir ach buaiteoir amháin a bheith in aon chomórtas riamh, mar sin déantar dearmad ar chuile dhuine eile.

Nílim ag rá gur chóir deireadh a chur le Corn Uí Riada. Is léir go bhfuil ról lárnach ag an gcomórtas anois i dtraidisiún an tsean-nóis. Séard atá mé ag rá ná gur chóir amhránaithe óga ar an sean-nós a spreagadh chun níos mó stuif trialach a chur faoi bhráid an phobail. Mura ndéanfaidh, tá faitíos orm gur ‘Apocolypse Now’ atá i ndán don ealaín is sine atá ag na Gaeil.

Ar ais go Lorient… chuir Rhona in aithne Annaig ón mBriotáin a chas amhrán aonarach Briotánach. Ina diaidh chas Ciarán Ó Concheannain ‘Eibhlín a Rún’ agus ansin chur sé in aithne Jean Jacques a chan go binn agus go fuinniúil. Eatarthu chasadar ar feadh uair an chloig agus léirigh siad go bhfuil meas faoi leith ag pobal na Briotáine ar cheol agus ar amhráin na tíre seo.

Tá gaol ag amhránaíocht aonair na Briotáine leis an tsean-nós, cinnte, ach freisin is léir go bhfuil an-difríocht eatarthu. Tá na hamhráin Bhriotánacha ar fad dírithe ar dhamhsa. Bíonn rithim láidir, fuinniúil iontu, agus tá an-chuid athrá i gceist. Chuaigh muid go crepérie in éineacht le scata Briotánaigh ar an oíche dheireanach agus chuireadar ag damhsa thart ar na boird muid an fhad agus go raibh Jean Jacques ag amhránaíocht… bhí na lúidíní tuirseach ag a dheireadh!

Tá go leor le foglaim ó na Briotánaigh. Ní thugann an rialtas aon chabhair don teanga mar sin is í gné an chultúir féin is láidre. Tá an Fes-noz (céilí s’againne) thar a bheith láidir. Bhí chúig Fes-noz ar siúl sa gcathair ar an oíche Sathairn agus iad ar fad lán go béal idir óg agus sean! Seo baile atá chomh mór le Gaillimh… céilithe i gclubanna oíche na Gaillimhe?

Tá a gcultúr fíorláidir mar níl aon fhaitíos orthu a bheith trialach. Bhí na píopaí traidisiúnta measctha le giotáir agus drumaí &rl, bhí soilsiú den scoth sa halla, bhí cuma an lae inniu ar an Fes-noz.

Agus chuala muid na hamhráin… amhráin sean-nóis na Briotáine, le beocht nua iontu toisc go raibh leagan leictreach curtha ós ár gcomhair. Ní grúpa amháin a bhí á dhéanamh ach oiread, ach an iliomad grúpa ceoil! Ní á dhéanamh do chomórtas bacúil ach oiread a bhí siad. Creidim go bhfuil an paradacsa fíor; maireann cultúr nuair a athraíonn sé, maraítear é nuair nach n-athraítear!

Published on 1 January 2005

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus