Letters: Nósanna nua de dhith don sean-nós

A chara,Maidir leis an gcasaoid faoi nósanna nua san sean-nós atá feicthe i mbileoga JMI agus cloiste ar RnaG, feicim gur mó aontas ná deigilt atá idir na páirtithe. Tá meas araon acu ar amhránaíocht...

A chara,

Maidir leis an gcasaoid faoi nósanna nua san sean-nós atá feicthe i mbileoga JMI agus cloiste ar RnaG, feicim gur mó aontas ná deigilt atá idir na páirtithe. Tá meas araon acu ar amhránaíocht i nGaeilge agus ar shean-nós, dhá rud difriúil mar a thuigimse ach nach bhfuil léiriú sách grinn á thabhairt ar an ndifríocht sin. Is díospóireacht í seo a bhfuil a colceathraracha aici ar fud an domhan, fiú taobh amuigh de chúrsaí ceoil, ach go bhfuil cúlra ar leith aici – mionteanga agus mion-phobal i mbaol – a chuireann cochall ar na páirtithe. Ach má spreagann an díospóireacht duine chun ceoil, sean nó nua, is fiú í.

Tá locht amháin agam ar an gcasaoid fhéin. Is cinnte gurb é RnaG teist liotmais na hamhránaíochta Ghaeilge san tír seo, cuma sean- nó nuachumtha, ach tá amhránaithe na Gaeilge ag brath an iomarca ar stáisiún raidió amháin. Is beag an méid amhránaíocht Ghaeilge a chraoltar ar stáisiúin eile RTÉ taobh amuigh de Sheachtain na Gaeilge b’fhéidir, ach ba cheart go ndéanfadh amhránaithe na Gaeilge iarracht níos tréine a gcuid amhráin a sheoladh ar aigéan in áit ar bholláin. Níl leithscéal ar bith acu anois agus an t-idirlíon againn mar áis. De réir mar a scaipeann córas leathan-bhanda na tíre, beidh líon mhór daoine ag éisteacht leis an raidió ar an idirlíon, in áit, b’fhéidir, le h-aeróga. Tá amhránaíocht i nGàidhlig, nua agus sean, á dhea-chraoladh ar an idirlíon ag na hAlbanaigh cheana féin. Bheadh a leithéid mar chois-in-airde d’amhránaíocht Ghaeilge mar go mbeadh sí ar aon leibhéal le hamhránaíocht in aon teanga, sé sin nach mbeadh sí ag brath ar chumhacht aeróga amháin.

Tháinig aisling na dtoghchaí chugam aréir. Amach anseo, ní bheidh teorainn tíre, teangan ná pobal ar amhránaíocht Ghaeilge. Beidh sí ar aon leibhéal le hamhránaíocht in aon teanga. Beidh sí saor ón spleachas chun cruthaíocht úr-nua thar cuimse a chothú. Agus féach, ní loitfear an ‘sean’ ‘nós’. Beidh sé de shaoirse ag daoine an sean-nós nó an nós nua a roghnú. Ní mór dúinn muinín a bheith againn as an amhránaíocht thraidisiúnta, go mairfidh sí, agus as an nglúin úr, go roghnóidh siad an rud atá go maith. Beidh coimeadaithe ann i gconaí, chomh maith céanna le ceannaircigh. Is fiú cluas éisteachta a thabhairt dóibh araon.

Deirdre Ní Chonghaile
Cill Mhuirbhigh
Oileán Árainn
Cuan na Gaillimhe

PS. Tá an toghchaí a luaigh mé linn cheana féin má chuimhníonn tú ar lucht chróga na n-amhránaíocht nua-aimseartha Ghaeilge. Mol iad, is tiocfaidh tuilleadh.

Published on 1 May 2005

Deirdre Ní Chonghaile is a PhD student in UCC’s Music Department. Her thesis is on the music and song of the Aran Islands. 

comments powered by Disqus