Leascheannaire – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Is é RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís náisiúnta raidió Gaeilge na hÉireann, a chuirtear ar fáil mar chuid d’aschur meán seirbhíse poiblí RTÉ. Cuireann an stáisiún seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil ar ardáin FM agus dhigiteacha agus ar líne, do mhuintir na Gaeltachta agus chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus thar lear. Craolann RTÉ Raidió na Gaeltachta réimse leathan clár lena n-áirítear cláir nuachta agus cúrsaí reatha, gnéchláir, cláir ceoil, spóirt, drámaíochta agus siamsaíochta.
Is mian le RTÉ Raidió na Gaeltachta Leascheannaire atá cáilithe go cuí a cheapadh. Ról eagarthóireachta sinsearach atá i gceist, ag tuairisciú don Cheannaire, agus beidh an té a cheapfar freagrach as oibríochtaí eagarthóireachta agus iriseoireachta an stáisiúin. Ní mór don Leascheannaire a bheith ábalta an uaillmhian atá ag RTÉ do Raidió na Gaeltachta a chur i gcrích, is é sin freastal ar an lucht éisteachta agus cur leis agus ag an am céanna sceideal clár Gaeilge ar ardchaighdeán a choinneáil agus beifear ag súil go ndéanfaidh sé/sí an sceideal a fhorbairt agus dlús a chur le tionscadail a chuirfeadh leis an líon lucht éisteachta.
Mar cheannaire foirne cuideoidh sé/sí le haschur RTÉ Raidió na Gaeltachta a sholáthar trí acmhainní a bhainistiú ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir. Tá sé ríthábhachtach go nglacfaí cur chuige samhlaíoch chun go mbeifear ábalta athruithe a stiúradh chun aschur ar ardchaighdeán costas-éifeachtach a chur ar fáil.
Déanfaidh an té a cheapfar bainistiú ar chartlann craolacháin an stáisiúin agus forbróidh sé/sí straitéis tras-ardáin RTÉ Raidió na Gaeltachta i dtimpeallacht craolacháin digitigh atá ag éabhlú.
Ní mór scileanna ceannaireachta agus bainistíochta den scoth a bheith ag an té a cheapfar agus eolas beacht a bheith aige/aici ar an earnáil craolacháin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá fís agus tuiscint láidir eagarthóireachta go háirithe i réimse na nuachta agus cúrsaí reatha ríthábhachtach sa ról seo. Beidh tuiscint ag an té a cheapfar ar chraolachán seirbhíse poiblí agus eolas beacht ar éiteas agus lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Duine dinimiciúil, le scileanna eagraíochta, cumarsáide agus tionchar den scoth aige/aici a cheapfar agus beidh ar a chumas/cumas teacht ar smaointe nua a chuirfidh le seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá ard-chaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge riachtanach don phost seo.
I gceanncheathrú an chainéil i gCasla a bheidh an sealbhóir poist lonnaithe agus sa ról seo beidh air/uirthi taisteal chuig stiúdeónna réigiúnacha de réir mar is gá ó thaobh gnó.
Iarrtar ar iarrthóirí cáipéis ghearr (thart ar 1,000 focal) a chur chugainn ag déanamh plé ar na nithe is tábhachtaí don ról mar atá leagtha amach thuas agus ina leagtar amach fís straitéiseach agus tosaíochtaí s’acusan do RTÉ Raidió na Gaeltachta sna trí bliana atá le teacht chomh maith le litir iarratais agus Curriculum Vitae mionsonraithe. Ba cheart iad seo uilig a chur faoi iamh mar cháipéis shingil.
Dé Luain, 20 Deireadh Fómhair 2014 (ag 5.00 i.n.)an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Is fostóir comhdheiseanna é RTÉ.
http://www.rte.ie/about/en/working-with-rte/vacancies/