Ag Léimt Thart ag Piocadh Faochan

Breandán Ó hEaghra looks at comedian Des Bishop’s achievement with his rap in Irish, ‘Léimigí Thart’

‘Tá an-spraoi san amhrán sin atá ag Des Bishop’. Seo mar a dúirt seanfhear as Conamara liom le deireanas agus muid beirt ag piocadh faochan agus báirneach ar charraig an oileáinín a nochtar nuair a bhíonn an taoille amuigh ar an bPoinnte, i ngob íochtair na Ceathrún Rua.

Dóibh siúd nár phioc báirneach de charraig riamh níor mhór cur síos ar an bpróiseas. Séard is báirneach ann ná cineál seilide mara a ghreamaíonn é féin de charraigeacha agus a bheathaíonn ar an gcarraig féin. Is féidir a theacht aniar aduaidh ar an mbáirneach má thugann tú buille glan de chloch géar dó, ach mura n-éiríonn leat ar an gcéad iarracht is ea go ngreamóidh an diabhailín go daingean den charraig agus ní tharraingeodh lámh Dé féin ina dhiaidh sin é.

San áit sin, i lár feamainne, cloch agus sliogán, thuig mé i gceart den chéad uair céard a bhí bainte amach ag Des Bishop le bliain anuas. Ó ghlac an Poncánach Gaelach air féin Gaeilge a fhoghlaim agus bliain a chaitheamh ina chónaí i gConamara, tá áird na tíre tarraingte ar chruacheisteanna ar nós; ‘cén chaoi go bhfuil duine in ann ceithre bliana déag a chaitheamh ag foghlaim Gaeilge agus gan a bheith in ann focal a labhairt?’, agus ‘cén chaoi go bhfuil daoine ó thíortha iasachta in ann ár dteanga féin a thabhairt leo níos éasca ná mar atá muide?’

Tá na ceisteanna seo ardaithe ag Bishop cinnte, ach i measc na ndiúilicíní agus na ruacan uilig thuig mé gur rud éagsúil ar fad é an t-éacht dháiríre a bhí déanta aige. Tá an Poncánach Gaelach tar éis House of Pain a thabhairt do mhuintir Chonamara. Is é an t-amhrán a thaithin le mo chara cois cladaigh ná an t-aistriúchán atá déanta ag Bishop agus a chairde den líontóir urláir sin, ‘Jump Around’.

Cé a cheapfadh go dtaitneodh House of Pain le mo chara? ‘Pack it up, pack it in, let us begin…’. Bhí fonn orm buicéad na bhfaochan a chaitheamh amach as mo lámh agus tosú ag rappáil! Bhí na focla ar fad ar bharr mo ghoib agam agus bhí mo chroí ag preabadh agus glór beag istigh i mo chloigeann do mo ghríosadh. ‘Abair leis,’ a dúirt an glór, ‘abair leis an human beatbox a dhéanamh…’.

Ach níor dhúirt. Choinnigh mé srian orm féin. Choinnigh mé an buicéad faochan i mo lámh agus tháinig mé aniar aduaidh ar na báirnigh arís. Bhí an ceart agam freisin, mar dháiríre, ní dóigh liom go mbeadh aon suim ag mo chara beatbox a dhéanamh, agus diabhal suim a bhí aige sa ngrúpa ceoil sin ó Nua Eabhrac ach oiread. Ach thaithin spraoi Des Bishop leis.

Is aisteach nach bhfuil níos mó aistriúchán á dhéanamh ar cheol an lae inniu go Gaeilge. Déantar aistriúcháin ar dhrámaí, ar úrscéalta agus fiú ar fhógraí na teilifíse, ach ní dhéantar aistriúchán ar an amhrán nuachumtha. Ní hé go bhfuilim féin róthógtha le haistriúchán, ach caithfidh mé adhmháil go bhfuil an-jab déanta ag Des Bishop as a aistriúchán féin agus go bhfuil an-spraoi cinnte ina léithéid. Agus tá a fhios ag an domhan go bhfuil spraoi ag teastáil uainn uilig…

Bhíodh faisean blianta ó shin athleagan a dhéanamh d’amhrán, seachas aistriúchán. Tháinig seo go mór chun cinn sna hochtódaí nuair a bhí léithéidí Thomáis Mhic Con Iomaire ag cur leagain Ghaelaigh ar na tiúnacha a bhíodh á seinm ag Johnny Cash agus eile. D’athraíodh amhráin ar nós ‘That thing called love’ go ‘Sé troigh sé a bhí an damhán alla’, ‘Old Flame’ go ‘Gleoiteog John Dairbe’ agus ar ndóigh ‘Sunday Morning Sidewalk’ go ‘Pócaí Folamha agus Cloigeann Tinn’.

Bhí na hamhráin seo uilig iontach mar ní hamháin go ndearnadar an bunamhrán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, ach dháiríre bhí na hamhráin níos toirtiúla i nGaeilge i ngeall ar gur dhéileáil siad le hábhar a mhúscail suim an phobail sin.

Fear a bhí go mór chun cinn i gcumadh amhrán nua sna seachtódaí ba ea Ciarán Festy Ó Fátharta, atá anois mar láithreoir ar chlár na maidne ar RnaG. Le gairid tá cnuasach dá chuid amhrán curtha in eagar ag Síle Denvir agus is fiú go mór é a bheith ag an té atá ag iarraidh cur lena stór amhrán Gaeilge. Tá neart de chlaisicí Chonamara i gceist – amhráin a choinnigh na cóisreacha ag imeacht lena blianta!

Ach cá bhfuil amhráin an lae inniu? Níl aistriúcháin, athleagain ná amhráin glan as an bpíosa ag breith greim ar an bpobal ar nós mar a bhíodh roinnt blianta ó shin. Shílfeá go bhfuil an spraoi imithe as an gcumadóireacht agus nuair a tharlaíonn sin is beag nasc a bhíonn idir pobal agus amhrán. Tá sé in am ag na cumadóirí nó na haistritheoirí óga tosú ag spraoi leis an bpróiseas cumadóireachta arís. Sampla Des a leanacht agus tosú ag léimt thart!

Caithfear teacht aniar aduaidh ar dhaoine le hamhráin nua, nó sin, ar nós na mbáirneach, is ea go ngreamóidh daoine go géar dá gcarraig féin.

Ciarán Ó Fátharta – Amhráin, edited by Síl Denvir, is published by Cló Iar-Chonnachta

 

Published on 1 July 2008

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus