‘Ag Tarraingt as an Dúchas’

Micheál Ó Conghaile agus Cló Iar-Chonnachta.

Is mar scríbhneoir cruthaitheach, bisiúil is fearr aithne ar Mhicheál Ó Conghaile, bunaitheoir an chomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta, ach is léir óna shaothar liteartha agus ón dua atá caite aige chun na hamhráin traidisiúnta a sholáthar do phobal níos leithne le bliain is fiche anuas go bhfuil sé báite i dtraidisiún na n-amhrán chomh maith. Labhair Ciarán Ó Con Cheanainn leis.

Gné shuntasach de Sna Fir (1999) agus Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (2002), úrscéal agus novella le Micheál Ó Conghaile, ná an fheidhm chruthaitheach a bhaineann sé as amhráin agus amhránaíocht na Gaeilge ina shaothar liteartha. Ní haon ionadh é seo, áfach, mar go bhfuil sé féin báite i dtraidisiún na n-amhrán ó laethanta a óige in Inis Treabhair go dtí an lá atá inniu ann; tráth a bhfuil Cló Iar-Chonnachta, an comhlacht foilsitheoireachta a bhunaigh sé i 1985 ag ceiliúradh bliain is fiche ar an bhfód.

Bhí traidisiún na n-amhrán réasúnta láidir in Inis Treabhair le linn a óige agus bhí na hamhráin lárnach i ngnáthshaol na ndaoine. Bhíodh a athair ag gabháil fhoinn scaití ar an teallach agus bhí amhránaithe maithe eile ar an oileán freisin agus cuid acu, fiú, le cloisteáil ag gabháil fhoinn agus iad amuigh ag seoladh na ngamhna. Tharla go raibh gramafón sa teach acu freisin agus tháinig Micheál go mór faoi thionchar leithéidí Sheáin ’ac Dhonnchadha agus Joe Heaney a raibh a gcuid amhrán le fáil ar cheirníní Ghael-Linn ag an am. Seo an chúis, dar leis, go bhfuil na hamhráin agus an amhránaíocht chomh lárnach sin ina shaothar mar gur ag tarraingt as an dúchas agus as an saibhreas a bhí agus atá ina thimpeall a bhíonn sé. Is í an fhilíocht atá sna hamhráin an rud is mó a théann i bhfeidhm air agus measann sé go bhfuil cuid de na hamhráin traidisiúnta ar chuid den fhilíocht is fearr a cumadh sa nGaeilge riamh. Braitheann sé freisin go bhfuil solúbthacht áirithe ag baint leo agus gur féidir casadh a bhaint astu chun iad a chur in oiriúint do shaol na gcarachtar, chomh maith le gontacht a bheith sa bhfilíocht atá oiriúnach don phrós.

Ba tar éis dó céim mháistreachta sa Stair a chríochnú i 1985 a bhunaigh an Conghaileach an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta. Mheas sé go raibh scríbhneoirí cruthaitheacha maithe ag scríobh ach nach raibh a saothar á fhoilsiú. Níor thréig sé a dhúil sna hamhráin, áfach, mar cé gur chuir sé roimhe litríocht chruthaitheach a foilsiú, theastaigh uaidh amhráin na ndaoine a fhoilsiú freisin. Chuir sé eagar ar dhá chnuasach amhrán, Croch Suas É (1986) agus UP Seanamhach (1990) agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta eagráin nua den trí mhórchnuasach amhrán as Cúige Chonnacht agus iad cóirithe ag William Mahon: Ceol na nOileán (1990), Amhráin Chlainne Gael (1991) agus Amhráin Ghaeilge an Iarthair (1992). Chuir siad athchló freisin ar chnuasach amhrán Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla.

Is í an chomaoin is mó atá curtha ag Cló Iar-Chonnachta orthu siúd ar spéis leo an amhránaíocht traidisiúnta, áfach, ná an saothar a chaith an Cló le soláthar na n-amhrán as an traidisiún beo ar chaiséid agus ar dhlúthdhioscaí. Má chonaic siad go raibh scríbhneoirí maithe ann nach raibh a saothar á fhoilsiú, chonaic siad freisin go raibh fonnadóirí maithe ann a raibh a gcuid amhrán ceilte ar an bpobal éisteachta cheal taifeadadh a bheith déanta ar a gcuid amhrán. Tá éacht déanta acu sa ghnó seo le na caiséid agus dlúthdhioscaí atá foilsithe acu agus is léir go bhfuil an Conghaileach bródúil as a bhfuil bainte amach acu. Deir sé go bhfuil réimse leathan de stíleanna éagsúla amhránaíochta as gach réigiún ar fáil anois, rud nach raibh bliain is fiche ó shin. Feictear dó freisin go bhfuil an saothar seo tar éis stáitse níos leithne a thabhairt don amhránaíocht ar an sean-nós mar go bhfuil margadh aimsithe acu. Cé nach bhfuil an margadh sin ollmhór, agus go bhfuil sé scaipthe, deir sé go ndíolann siad go leor in Éirinn, i Meiriceá agus ar fud na hEorpa, go háirithe le teacht chun cinn an idirlín.

Tá Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh bliain is fiche ar an bhfód i mbliana agus tá fúthu an ócáid a cheiliúradh le Leabhar Mór na nAmhrán, mórchnuasach amhrán a mbeidh 400 amhrán ann. Is éard a bheidh ann ná téacsanna na n-amhrán atá ar taifead ar chaiséid agus ar dhlúthdhioscaí Chló Iar-Chonnachta agus iad tugtha le chéile in aon chnuasach amháin. Tá painéal saineolaithe curtha le chéile ag an gCló chun nóta a scríobh ar údar agus cúlra gach amhrán. Ollsaothar a bheidh anseo nach bhfuil a leithéid déanta le hamhráin na Gaeilge go dtí seo. Ach an bhfuil an baol ann go nglacfadh daoine leis na téacsanna seo mar théacsanna údarásacha? Tráchtann sé féin san úrscéal Sna Fir ar an drochmheas a bhí ag na fonnadóirí Johnny Rua agus Áine Máire Bean Mhic Lochlainn orthu siúd a d’fhóghlaim a gcuid amhrán as leabhair agus ó théipeanna agus mheasadar nach raibh na leaganacha sin chomh húdarásach lena leaganacha a thóg siad féin ón traidisiún béil.

Admhaíonn Micheál go bhfuil an baol sin ann ach go bhfuil an baol céanna ag baint le haon téacs foilsithe nó le haon leagan a fhaightear ar chaiséad nó ar dhlúthdhiosca. Ach feiceann sé freisin an tábhacht a bhaineann le hamhráin a thaifeadadh agus a chur i gcló mar go scaiptear leaganacha maithe d’amhráin agus go gcuirtear amhráin atá beagnach imithe as an traidisiún beo ar chóir shábhála don chéad ghlúin eile. Agus sin an rud is mó atá déanta ag Cló Iar-Chonnachta le bliain is fiche anuas – stór mór d’amhráin traidisiúnta na Gaeilge a bheith curtha ar chóir shábhála acu.

 

Published on 1 July 2006

Ciarán Ó Con Cheanainn (1981–2009) was a traditional singer from Saile Thúna, An Spidéal, in the Conamara Gaeltacht. He won Corn Uí Riada, the premier prize for sean-nós singing, at the Oireachtas in November 2008, the youngest ever singer to do so. He lectured in Modern Irish in UCD.

comments powered by Disqus