Ceol don Spiorad

Ceol don Spiorad

Singing at a religious ceremony is a joy not shared often enough, says Breandán Ó hEaghra

 

Chuaigh mé chuig Aifreann an Domhnaigh le gairid, an rud is annamh is iontach. Trí thimpiste chríochnaigh mé i lár an chóir. Ní hé gur theastaigh uaim a bheith ansin, ach bhí mé i gcomhluadar stráinséara agus b’eisean a shiúil suas an staighre gan a fhios aige gur ann a bhí na daoine ceolmhara uilig. Seachtar ban agus beirt fhear. Agus mé féin agus mo mhéit. Shín bean amháin billeog an duine dhúinn le focla na n-amhrán ar fad scríofa uirthi. Bhreathnaigh mé féin agus mo mhéit ar a chéile agus bhí tuiscint ann go mbainfeadh muid triail as seo.

Ní raibh an sagart ach ag déanamh isteach ar an altóir nuair a thosaigh bean an orgáin ag brú na gcnaipí. Thosaigh na mná ag casadh. Bhreathnaigh mé féin agus mo mhéit ar a chéile agus thosaigh muid ag cogarnaíl cheoil. Ní chloisfeá ceachtar den bheirt againn taobh thiar de pháipéar an Domhnaigh. ‘Crochaigí suas é’, a deir an bhean a bhí in aice linn, ach theip ar an mhisneach. Tríd agus tríd, bhain mé sult as, ach ní bheidh mé ann chuile Dhomhnach – is fada idir mise agus tuiscint an tsaoil seo ar aon nós.

Dhírigh an eachtra seo m’intinn ar an áit atá ag an gceol i saoil reiligiúnda agus spioradálta na ndaoine. Is cuma cén cultúr atá i gceist, cén chuid den domhan ina bhfuil an duine, tá bealach éigin ann chun ceol a chasadh a dhéanfaidh onóir do Dhia amháin nó eile, agus tá rud éigin taithneamhach faoi bheith páirteach ann.

Roinnt blianta ó shin bhásaigh mac le cara liom ó Ghana a bhí ina chónaí i nGaillimh. Bhí searmanas speisialta ar siúl don bhuachaill óg i séipéal ar imeall na cathrach agus baineadh geit asam féin ar dhul isteach ann mar bhí drumaí, giotár leictreach, orgán leictreach agus sacsafón suite ar urlár na haltóra. Cé go raibh brón ar dhaoine i ngeall ar an tragóid uafásach a bhí tar éis tarlú, fós féin ní ócáid bhrónach amach agus amach a bhí anseo ach ceiliúradh ar shaol an bhuachalla.

Shiúil an príomhshagart isteach ar an altóir agus d’ordaigh sé chuile dhuine ina seasamh ag bualadh bos. Thosaigh an drumadóir agus an giotáraí leictreach agus ansin bhí focla an amhráin le feiceáil amach romhainn ar osteilgeoir. Bhí mé féin suite i lár ceathrar ban Afraiceach a bhí ag luascadh ó chlé go deas agus glórtha Beyoncé ag ‘chaon duine daoibh agus iad ag casadh ar ard a ngutha. 

Ar nós snámhaí i dtús an tsamhraidh bhreathnaigh mé go hamhrasach sular thom mé go míchomhpórdach isteach san amhránaíocht seo. D’fhan mé leis freisin ag bualadh bos agus ag casadh nó go raibh na focla deireanacha le feiceáil amach romhainn ar an osteilgeoir. I ndiaidh an tsearmanais bhí tae agus brioscaí le fáil sa gcúlsheomra agus bhí an chaint agus an comhrá ar fad chomh dearfach. B’álainn an buachaillín beag agus theastaigh ón bpobal a meas a léiriú do na tuismitheoirí. Is cinnte gur chuidigh an amhránaíocht chun na daoine a thabhairt le chéile mar sin.

Tá daoine ann a chasann ceol córach beag beann ar chúrsaí reiligiúnda. Tá muintir na Breataine Bige go háirithe go cumasach agus iad i mbun ceoil ghrúpaí, agus is minic le grúpaí móra ar nós an Caernarvon Male Voice Choir camchuairt domhanda a dhéanamh. Sílim go bhfuil na Protastúnaigh níos gníomhaí ná na Caitlicigh chomh fada agus a bhaineann sé le grúpaí córacha a chur le chéile agus shílfeá freisin go bhfuil Caitlicigh na tíre seo beagán cuthalach nuair a thagann sé chomh fada le rannpháirtíocht an uile dhuine in amhránaíocht ar Aifrinn. Ach mar dhuine a chas ag Aifreann faoi dhó ina shaol (ag cogarnach faoi mo ghuth seachas a bheith ag casadh in ard mo ghutha!), is féidir liom a rá go bhfuil rud éigin deas faoi a bheith páirteach sa gcanadh.

Tá sé taithneamhach mar gheall ar an rannpháirtíocht. Bíonn tú ag glacadh páirt san ócáid seachas a bheith i do shuí ag leathéisteacht leis an sagart. Séard a thugtar ar an séipéal go minic i nGaeilge ná ‘teach an phobail’, ach sílim go bhféadfadh an Eaglais a bheith níos tuisceanaí do mhianta an duine sa lá atá inniu ann agus níos mó rannpháirtíocht a thabhairt isteach sna searmanais. 

Tá cuid dínn a chreideann i nDia Domhnach amháin agus nach gcreideann an chéad Dhomhnach eile – an bhfuil áit ar bith san eaglais don chineál seo duine? Samhlaigh dá ndéarfadh an sagart; ‘An tseachtain seo is é Frank a bheidh ag ardú ceist na seachtaine, agus is í an cheist a bheidh á plé ag Frank ná: an bhfuil tada le foghlaim ó Bhuddhism?’

Shamhlóinn go bhfuil neart ceoil le fáil ón mBúdachas ar aon nós – b’fhéidir go gcasfadh Frank stéibh sula bhfágfadh sé an altóir!

Glossary    

ag cogarnaíl cheoil singing in a whisper    

searmanas ceremony    

osteilgeoir overhead projector  

dearfach positive    

mianta desires

rannpháirtíocht participation    

stéibh stave 

Published on 1 October 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus