Comeback don Chéilí?

Comeback don Chéilí?

Jumping, headbanging, the slow set – dancing today has thinned out incredibly. Can we broaden it out again?

An bhféadfadh an céilí comeback a dhéanamh i measc an aos óig? Cinnte thabharfadh Paddy Power 1000/1 dhuit ar an gceann sin… ach meastú?

Ar stól ard i mblianta deiridh a shaoil d’inis seanfhear dhom faoin oíche i 1941 gur thug sé a chéad ghrá Nóirín abhaile ón gcéilí. Bhíodh fir agus mná an cheantair ag taisteal i bhfad agus i ngearr na laethanta sin chun freastail ar chéilithe. Ba mhinic leis, a deir sé, deich míle a chur uaidh ar an rothar i ndorchadas na hoíche i ngeall ar chéilí amháin nó eile agus ba bhreá leis an spórt agus comhluadar a bhain leo i gcónaí.

Bhí sise ar an gcrosbharra aige agus é ag déanamh a bhealaigh chuig teach a muintire nuair a d’imigh an roth deiridh air. B’éigean dóibh an chuid eile den bhealach a shiúl, ag tarraingt an rothair ina ndiaidh. Nuair a tháinig siad chomh fada leis an teach, uaireanta an chloig mall, tháinig fear an tí amach agus é as a mheabhair le teann feirge. Léim mo sheanchara suas ar an rothar arís agus é ag déanamh a sheacht mhíle díchill ar an mbicycle bacach…

Ag an am sin ba dhaoine óga den chuid is mó a bhíodh ag dul chuig na céilithe. Sa lá atá inniu ann, má eagraítear céilí in aon phobal, seans gur seandaoine is mó a bheas ann. Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, ar nós na gcéilithe a eagraíonn na cumainn óige sna coláistí, nó go deimhin na céilithe a bhriseann amach i ndeireadh oíche den Oireachtas, ach den chuid is mó is damhsaí do sheandaoine iad na céilithe.

Dháiríre, is ait mar a d’fhorbair an damhsa ó tháinig rock ‘n’ roll ar an saol ar dtús. Roimh sin is cinnte go mbíodh céimeanna agus structúr cinnte ag baint le damhsaí, ach de réir a chéile cuireadh deireadh le haon ghá a bheith damhsa a fhoglaim. Faoin am go raibh mise i mo dhéagóir i lár na n-ochtódaí, bhíodh na headbangers thuas ag barr an halla agus na cailíní dathúla ag craitheadh a gcuid tóineanna thart timpeall ar a gcuid málaí láimhe i lár báire. B’iad na buachaillí óga ba mhístuama ar fad ar ndóigh. Ní raibh sé de rogha againn tada eile a dhéanamh ach preabadh. Suas agus anuas. Chomh hard agus a d’fhéadfadh muid, le láimh amháin in áirde, ar nós cait a bheadh ag iarraidh breith ar fheileacáin. Suas agus anuas, suas agus anuas… le rithim éigin dá bhféadfaí é. Ar a laghad, bhí plean éigin ag baint leis seo, agus an fhad ’s go raibh plean ag duine ní raibh an míchompórd leath chomh dona.

Chas mo thuismitheoirí lena chéile ins na seascadaí i Sasana, uair go mbíodh na hÉireannaigh a bhí thall ag triall ar chéilithe sa nGaltymore i gCricklewood. Bhí cáil ar an halla damhsa seo i measc na n-Éireannach mar is ann a thagadh na showbands móra ón tír seo nuair a bhídís i mbárr a réime. Ach ag an am sin, idir Dickie Rock agus Big Tom, bhíodh na hÉireannagh óga fós ag tabhairt aghaidh ar na céilithe. Réalta iontu féin ab ea na bannaí móra céilí a bhíodh ag casadh thall. Thugadh an Tulla agus an Kilfenora cuairt thall go rialta, agus bhíodh an Glenside, lena raibh m’athair féin ag casadh, lonnaithe thall.

An bhfuil sé seafóideach ar fad samhlú go dtiocfadh an céilí ar ais i bhfaisean don aos óg? Is minic go dtagann ceol seanfhaiseanta isteach sa bhfaisean arís uair go dtuigeann an t-aos óg an áilleacht a bhaineann leis agus go n-athraítear de bheagán é chun a bheith níos oiriúnaí don ghlúin nua. Má tá céilithe chun teacht ar ais sa bhfaisean arís, seans go dteastódh roinnt athraithe ar an seanmhúnla. B’fhéidir go n-oibreodh céilí leictreach nó leictreonach. B’fhéidir freisin gur chóir go mbeadh na céilithe lonnaithe in áiteanna níos nuafhaiseanta, mar is minic go smaoinítear ar chéilithe a chur ar siúl i seanhallaí móra fuara. Nár bhreá céilí a reachtáil i gclub oíche mór ar nós Karma i nGaillimh, nó Velvet i mBaile Átha Cliath – cinnte chuideodh na hionaid seo le híomhá ‘gnéasúil’ na gcéilithe!

Táim cinnte dá ndéanfaí margaíocht cheart ar chéilithe go dtaitneodh siad níos mó le daoine óga ná mar a thaitníonn na damhsaí faoi láthair. I gcéilithe castar i bhfad níos mó daoine leat ar bhealach nach bhfuil chomh míchompórdach. Tá na damhsaí ar fad éasca, níl ann ach ceathrar os comhair ceathrair, seachtar os comhair seachtair, agus lean do pháirtnéar! Go deimhin, dá ndéanfaí i gceart é is cinnte go mbeadh na céilithe leictreonacha seo mar ábhar iontais do thurasóirí fiú!

D’inis Lenny Henry scéal grinn blianta ó shin ag cáineadh an oidhreacht damhsa a d’fhágfadh a ghlún féin ina diaidh. Dár leisean, tar éis an dul chun cinn ar fad a déanadh le na céadta bliain ina raibh daoine ag teacht suas nios mó le damhsaí nua galánta agus casta ar nós an tango agus an fox trot agus fiú an waltz féin, ní bheadh ag an nglúin nua ach an slow set, nó mar a thug seisean air, an ‘walk-around-slowly-with-your-arms-thrown-over-your-lover dance’. Go deimhin, tá an slow set féin básaithe ó d’inis Lenny an scéal seo.

Anois, tá sé in am an céilí a thabhairt ar ais…

Published on 1 December 2009

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus