'Don phobal as a dtáinig sé'

At the Sean-Nós Cois Life festival in Dublin in April, UCD scholar Ríonach uí Ógáin was presented with Gradam Shean-Nós Cois Life – one of only two people who are not singers to ever recieve this award – for her enormous contribution to research on traditional song and culture.

Léachtóir sinsearach i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Ríonach uí Ógáin, bean a áirítear ar dhuine de na príomhshaineolaithe ar thraidisiún amhránaíochta na hÉireann. Cé gur Bleá Cliathach ó dhúchas í, tá luí faoi leith aici le Gaeltacht Chonamara, áit dúchais a hathar Máirtín Ó Flathartaigh. Ba é a hathair a spreag a spéis sna hamhráin i dtosach. Bhíodh gach ceirnín a d’eisigh Gael-Linn sna blianta tosaigh le cloisteáil aici sa mbaile agus bhíodh a hathair le cloisteáil corruair freisin ag gabháil fhoinn. Ba le linn don chlann teach a bheith ar cíos acu i Maínis i gCarna ag deireadh na gcaogaidí, agus gan í ach naoi nó deich mbliana d’aois, a chuala sí an sean-nós beo don chéad uair. Ba ansin a roinn sí dúil a hathar i bhfonnadóireacht Sheáin ’ac Dhonncha (Johnny Joe Pheaitsín) agus i bhfonnadóireacht a huncail Vail Ó Flatharta as an gCeathrú Rua.

Níor lú a spéis sna hamhráin tráth ar thosaigh sí ag freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun céim a dhéanamh sa nGaeilge agus sa nGearmáinis. Chothaigh leithéidí Thomáis de Bhaldraithe agus Thomáis Uí Chon Cheanainn, a bhí ag teagasc i Roinn na Nua-Ghaeilge ag an am, a suim sna hamhráin. Bhí an-luí acu beirt le hamhráin Chonamara agus ba é a huncail, Tomás de Bhaldraithe a mhol di tabhairt faoi chlárú amhráin bharúntacht Bhaile na hInse a bhí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, mar mhiontráchtas don chéim M.A. Tugadh deis iontach ansin di aithne a chur ar an ábhar, ar fhonnadóirí agus ar bhailitheoirí na n-amhrán agus í ag obair ar Clár Amhrán Bhaile na hInse, a foilsíodh faoin ainm Ríonach Ní Fhlathartaigh i 1976. Áirítear an saothar sin anois ar cheann de na saothair is tábhachtaí a foilsíodh go dtí seo ar thraidisiún na n-amhrán Gaeilge.

Tar éis di tréimhse a chaitheamh ag saothrú mar aistritheoir i dTithe an Oireachtais, d’fhill sí ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1979 mar chartlannaí/bailitheoir i Roinn Bhéaloideas Éireann, áit a bhfuil sí ag saothrú an léinn ó shin. Is liosta le háireamh a bhfuil foilsithe aici idir leabhair agus aistí léannta, gan trácht ar a bhfuil de léachtaí poiblí tugtha aici ó cheann ceann na tíre agus thar lear. Cé go n-áirítear An Rí gan Choróin: Dónall Ó Conaill sa mBéaloideas a foilsíodh i 1984, agus an t-aistriúchán a foilsíodh faoin teideal Immortal Dan: Daniel O’Connell in Irish Folk Tradition i 1995, ar an saothar is tábhachtaí uaithi, is ag saothrú i ngort na n-amhrán agus na hamhránaíochta is mó a bhíonn sí. Go deimhin, is mar idirghabhálaí idir an saibhreas béaloidis atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann agus an pobal ar suim leo an t-ábhar is minicí a fhéachtar uirthi.

Ó bheith ag caint léi, braitheann tú an phráinn a fheiceann sí leis an ábhar atá anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann a sholáthar don phobal. Síleann sí go raibh na haithriseoirí a sholáthraigh ábhar do bhailitheoirí béaloidis an-fhlaithiúil ag tabhairt uathu an ábhair, agus feiceann sí cé chomh tábhachtach is atá sé an t-ábhar sin a thabhairt ar ais don phobal as a dtáinig sé. Tá éacht déanta aici san obair seo. Ba í a léirigh an dlúthdhiosca Beauty Deas an Oileáin: Music and Songs of the Blasket Islands, dlúthdhiosca de cheol agus d’amhráin ón mBlascaod. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí cuid den spraoi agus sásamh a bhíonn le brath sa gceol, agus an pháirt ghníomhach a ghlacann an lucht éisteachta san ócáid, a chur ar taifeadadh le blas níos nádúrthaí. Faightear an blas nádúrtha céanna ar an dlúthdhiosca agus leabhrán a d’eisigh sí d’amhránaíocht Shorcha Ní Ghuairim as Roisín na Mainiach, Carna. Bhí an ceirnín a thaifead Sorcha do Folkways i 1957 le cloisteáil aici sa mbaile nuair a bhí sí óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag a stíl fonnadóireachta. Nuair a thuig sí go raibh ábhar uaithi i gCnuasach Bhéaloideas Éireann – nótaí eolais maidir le cúlra, leaganacha agus foinsí na n-amhrán a sholáthraigh Sorcha féin – ghlac sí uirthi féin an t-ábhar sin a chur ar fáil don phobal. Léiriú ar an mórmheas atá uirthi mar scoláire ná gur uirthi a d’iarr muintir Uí Chadhain eagar a chur ar na hamhráin a bhailigh Máirtín Ó Cadhain i gConamara agus a raibh buneagarthóireacht déanta orthu ag a dheartháir Seosamh Ó Cadhain. Foilsíodh an saothar sin, Faoi Rothaí na Gréine i 1999.

Is ag cur eagair ar na dialanna a scríobh Séamas Mac Aonghusa le linn dó a bheith ina bhailitheoir lánaimseartha béaloidis atá sí faoi láthair, tar éis don Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta comhaltacht taighde a bhronnadh uirthi i 2002 le dhul i mbun na hoibre sin. Tá súil aici an saothar toirtiúil seo a fhoilsiú níos déanaí i mbliana. Tá sé beartaithe aici anois sos gairme a ghlacadh óna cuid cúraimí sa gColáiste Ollscoile, d’fhonn níos mó ama a chaitheamh leis an taighde. Tá rún aici tabhairt faoi chúpla dlúthdhiosca eile agus eagar a chur ar na hamhráin a bhailigh an bailitheoir cáiliúil Mícheál Ó Tiománaí in Acaill. Cé gur cailliúint mhór a bheidh inti don Choláiste Ollscoile, is cinnte gur saibhre a bheidh an scoláireacht dá barr.

 

Published on 1 May 2006

Ciarán Ó Con Cheanainn (1981–2009) was a traditional singer from Saile Thúna, An Spidéal, in the Conamara Gaeltacht. He won Corn Uí Riada, the premier prize for sean-nós singing, at the Oireachtas in November 2008, the youngest ever singer to do so. He lectured in Modern Irish in UCD.

comments powered by Disqus