Mo Chluais Oscailte

Mo Chluais Oscailte

Breandán Ó hEaghra tells how he discovers new sounds

Bhí an oiread sin díocais ar Naomh Caoimhín chun pléisiúr a sheachaint gur chaith sé é féin i leaba neantóg chun éalú ó bhean álainn a bhí ag iarraidh é a mhealladh. De réir roinnt foinsí, ’séard a bhí le rá aige faoi seo ná gur dhóigh an tine taobh amuigh an tine taobh istigh.

Tuigim a chás. Thar aon duine eile i stair na heaglaise sa tír seo, tá ómós agam do Chaoimhín Ghleann Dá Loch. Bhí i bhfad níos mó de mhistéir an Oirthir ag baint le heaglais na hÉireann san am sin sular aimsigh an Vatacáin ceannasaíocht iomlán uirthi. Go deimhin, rinne fir naofa na tíre seo neamhaird de Naomh Aibhistín a seoladh ón Róimh chun Críostaithe na Breataine agus Éire a thabhairt faoi smacht na Róimhe i gceart i ndeireadh an 6ú haois. Shíl na manaigh Éireannacha nach raibh an fear seo ‘sách umhal’. Touché.

Sula dtosaíonn an léitheoir ag casadh ar ais go clúdach na hirise seo chun cinntiú gurb é an Journal of Music agus ní an Catholic Times atá á léamh aige, ní mór dom pointe an ailt a shoiléiriú! Ó am go chéile déanaim féin iarracht chun pléisiúr éigin a shéanadh agus, aisteach go leor, feictear dom go dtagann ag an am céanna méadú suntasach ar an dúil a bhíonn agam i gceol!

Anois, ní chaithfinn mé féin i leaba neantóg chun éalú ó mo bhean chéile ná tada mar sin ach déanaim an t-ól a sheachaint ar bhealach an-chórasúil chuile chúpla bliain. Go deimhin, chaith mé in aer an t-ól ar fad ón gcéad lá d’Eanáir 2006 go dtí an chéad lá d’Eanáir 2007 agus i mbliana tá mé ag iarraidh dul tríd an bhliain ar fad gan ach 24 pionta Guinness a ól sa dá mhí dhéag (níl cead agam aon deoch mheisciúil eile a ól ach oiread!).

Ní raibh ach cúpla mí den staonadh curtha uaim agam i 2006 nuair a thosaigh mé ag foghlaim na fidile. Thosaigh mé féin agus mo chomhghleacaithe sa ngrúpa Rís ag cur an dara albaim le chéile an bhliain sin freisin agus gan dabht bhí borradh ar mo chuid cruthaíochta. Níos fearr ná seo, sílim gur thosaigh mé ag éisteacht le ceol ar an gcaoi go raibh mé agus mé i mo bhuachaill óg – le péire cluas orm nach raibh millte ag searbhas na haoise.

Tháinig mé trasna ar leithéidí Richard Thompson, thosaigh mé ag éisteacht le Fairport Convention, thug mé cluas cheart do Dizzy Gillespie agus Miles Davis, d’éist mé seasta le seanthaifid Mhichael Coleman agus bhí mé ábalta binneas an cheoil a scaradh amach ó chlampáil an phianó! D’osclaíodh mo shúile freisin ar leithéidí Andy McGann, John Carty agus neart eile. Tá sé deacair é a mhíniú ach bhí mé ar nós fear a chaith a shaol i gcillín dorcha ag éisteacht le crónán síoraí, agus ansin go tobann a bhí ag seasamh i lár Manhattan le na soilse geala chuile áit agus go-go girls ag déanamh seacht míle siamsaíocht dhom! Bhí beocht sna healaíne arís agus bhí mise i gcroílár mo bheatha.

Ansin, ar an 1 Eanáir 2007, shuí mé síos i dteach tábhairne Ginnity i lár chontae Lú i gcuideachta mo chairde, agus d’ól mé an pionta Guinness ba mhilse dár ól mé riamh. Mhionnaigh mé an lá sin go dtógfainn ar bord gach ar fhoglaim mé fúm féin i rith na bliana agus go bhfanfadh na rudaí maithe liom go deo – an dúil a bhí agam sa gceol ach go háirithe.

Ach le himeacht ama chuaigh rudaí ar ais go dtí an bealach ina mbíodh siad roimh 2006. Ar dtús bhí cúpla pionta agam ag bainis éigin, ansin ag cóisir tí, ansin do lá fhéile Vailintín le mo bhean chéile. Tar éis tamaill an-ghairid bhí mé ar mo sheanléim ag ól cúpla pionta chuile dheireadh seachtaine agus b’fhéidir corrghloine fíona i rith na seachtaine sa mbaile. Ní hé gur ól mé go fiáin – go deimhin ní bheinn fiú os cionn an mhéain in Éirinn – ach ba ghearr gur cheangail mé gach am chun ‘scíth’ a ligean le na piontaí móra dorcha.

Nuair a cheanglaíonn an intinn scíth le deoch fágtar gach ‘scíth’ eile ar lár. Creidim go ndeachaigh Caoimhín go Gleann Dá Loch chun éalú ó thorann agus ó chlampar an duine daonna. Ansin dhírigh sé a intinn ar chiúnas an nádúir, dhún sé a shúile, shuí sé ar nós manach oirthearach agus lig sé cead don cheol a theacht síos trí na crainnte ó na scamaill thuas os a chionn agus go mall, binn, isteach ina chluasa. Creidim, ag an am sin, fiú sa 5ú haois, gurb éard a chuala Caoimhín ná an truimpéad ar dtús, le Dizzie Gillespie, ansin Charlie Parker… Bebop… bebop…Ina theannta tháinig an Doc Morrison ar an bhfidil agus John McKenna ar an bhfeadóig mhór… Choinnigh ceoltóirí eile ag teacht ansin nó go raibh a chluasa lán le binneas agus éagsulacht… Agus d’airigh sé a spiorad ag ardú na mílte ós a chionn.

Bain triail as am éigin. Níl mé chomh craiceáilte agus a shílfeá ón alt seo (b’fhéidir?)!

Published on 1 April 2010

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus