Whacko Jacko ar RnaG

From 2nd May Raidió na Gaeltachta will be permitted to play songs with English lyrics between 9pm and 1am. What will this mean for the type of music being played?

Bhí mé i láthair i 1993 nuair a d’oscail duine de chraoltóirí sinsearacha RnaG taispeántas ealaíne i dTí Chlarke i Rosmuc mar chuid de Phléaráca Chonamara. Bhain an láithreoir cáiliúil seo úsáid as an ócáid lán- Ghaelach chun cáineadh a dhéanamh orthu siúd a deir gur chóir liricí Béarla a chasadh ar an stáisiún.

Tháinig splancanna feirge as a bhéal nuair a dúirt sé nár theastaigh uaidh Madonna, nó Michael Jackson, nó aon duine eile de na Jacksons a chloisteáil ar an stáisiún. Le gairid, áfach, fógraíodh go gcuirfear deireadh leis an bpolasaí maidir le cosc a chur ar liricí Béarla do thréimhse ama idir 9.00i.n – 1.00r.n, chun éisteoirí óga a mhealladh i dtreo an stáisiúin.

Tá moladh mór ag dul do cheannasaíocht an raidió as ucht cinneadh chomh cróga a dhéanamh. Bhí cuid de na daoine seo páirteach i mbunú an stáisiúin – éacht a bhí níos réabhlóidí in a am féin ná mar a bhí bunú TnaG blianta fada ina dhiaidh.

Is léir go dtugann RnaG an ‘súil eile’ dhúinn dháiríre. Tá daoine ar nós Meaití Joe Shéamuis, Neasa Ní Chualaín, Máirtín Jamsie agus Áine Ní Dhíoraí i bhfad chun tosaigh ar an bhformhór de chláir ceoil/comhrá eile ar an aer – mar gheall ar go bhfuil siad báite sa ndúchas, seachas neamháird a dhéanamh air. Ar a bharr seo (cé go raibh ár ndifríochtaí againn de bharr an cholúin seo!) caithfear a rá gur beag craoltóir sa tír a bhfuil greim chomh láidir aige nó aici ar chultúr agus ar sheanchas a dhaoine féin agus atá ag Máirtín Tom Sheáinín.

É sin ar fad ráite, níor éirigh leis an stáisiún an óige a mhealladh. Ní tuairim é seo ach fíric – fíric a adhmhaítear leis an athrú polasaí. Nílim á gcáineadh leis an ráiteas seo. D’fhéadfaí leanacht ar aghaidh mar a bhí riamh, rud a shásódh riar maith daoine ach thuigeadar go raibh sé de chúram orthu an óige a thabhairt leo ar bhealach éigin. Déanadh an cinneadh ceart. Meastú an gcuirfear an cinneadh i bhfeidhm i gceart?

Níor chóir breathnú ar seo mar leithscéal chun DJ óg a chur ar an aer a chasfaidh popcheol Béarla ar feadh na hoíche. Tá an cineál seo stuif le fáil ar aon stáisiún eile agus má chuireann sé leis an méid éisteoirí a bheidh ag an stáisiún is beag baol go gcuirfidh sé tada leis an teanga féin, ná le cultúr na Gaeilge – agus mura b’é seo príomhchuspóir RnaG, céard é?

Coinníoll amháin a cuireadh ar an athrú polasaí ná gur chóir go mbeadh 30% de na hamhráin ar fad tré mheán na Gaeilge. An féidir a theacht ar an líon amhrán comhaimseartha Gaeilge a líonfadh an méid seo ama? As gach trí hamhrán a sheinntear go mbeadh amhrán amháin comhaimseartha Gaeilge i gceist?

Bíodh muid dearfach seachas diúltach. Mura bhfuil an ceol comhaimseartha Gaeilge ar fáil, nach iontach anois an sprioc atá ag cumadóirí óga chun amhráin a chumadh i nGaeilge? Chomh maith leis seo, sílim gur chóir go mbeadh RnaG níos ceannródaí ó thaobh ceol nua a spreagadh. Bhí comórtas Réalta fíormhaith, ba bhreá é a fheiceáil ar ais, ach ba bhreá freisin rud éigin a fheiceáil nach mbeadh i bhfoirm chomórtais.

Cabhróidh dlúthdhioscaí ar nós Snag ‘05, a eisíodh le gairid mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, le daoine óga a spreagadh chun ceol a chruthú ina dteanga féin. Bhí Mundy, Nina Hynes, John Spillane, The Frames, The Stunning agus neart eile páirteach sa dlúthdhiosca áirithe seo – ag canadh a gcuid amhrán i nGaeilge. Seo an cineál togra go bhféadfadh RnaG a theacht i dtír air.

Dá ndéanfaí an sceideal nua seo a chur i bhfeidhm i gceart ní bheadh aon ghá imní don láithreoir a d’oscail an taispeántas tí Chlarke fadó. Ní gá braith ar ‘Papa Don’t Preach’ nó ‘Like a Virgin’ chun daoine óga a mhealladh i dtreo RnaG. Ní gá ach oiread na Whacko Jackos a thabhairt ar ais le chéile arís, á gcraoladh beo ó Chasla. Éireoidh leis an sceideal má bhíonn ceol comhaimseartha Béarla mar chuid bheag de, ach teip a bheidh sa stáisiún má bhíonn sé mar chuid lárnach de.

Amannta caithfear siúl ar thanaí chun theacht ar thalamh slán. Ní cóir breathnú ar an athrú polasaí seo mar carte blanche chun amhráin tré Bhéarla a chasadh ach mar dheis chun ceol comhaimseartha Gaeilge a chur i gcomhthéacs ceoil chomhaimseartha domhanda. Céard faoi Kíla idir Keane agus Souad Massi na hAilgéire – comhthéacs domhanda gan aon bhlas géillte! Thar aon institiúid eile a d’oibrigh ariamh ar son na Gaeilge, tá mé dóchasach go n-éireoidh le Raidió na Gaeltachta an rud ceart a dhéanamh.

Published on 1 May 2005

Breandán Ó hEaghra is a member of the contemporary Irish language group Rís and Director of Meas Media.

comments powered by Disqus