Ealaíontóirí Cónaithe – Oíche Airneáin & Seanchais: Sarah Ghriallais, Darach Ó Scolaí, Mary Bergin & Cormac Ó Comhraí
Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go bhfuil ceathrar ealaíontóirí traidisiúnta le bheith ina n-ealaíontóirí conáithe i Stiúideo Cuan an Fómhar seo – an Ceoltóir iomráiteach Mary Bergin, an Scríbhneoir agus Foilsitheoir Darach Ó Scolaí, an t-Amhránaí aitheanta Sarah Ghriallais agus an Staraí Cormac Ó Comhraí.
Tiocfaidh na healaíontóirí cónaithe le chéile i Stiúideo Cuan gach Máirt @ 8:30pm ar feadh 8 seachtainí, ag tosú ar an 24 Deireadh Fómhair agus fáilte mhór roimh an phobal a bheith i láthair gach seachtain.
Ócáid rialta, sheachtainiúil a bheas anseo i rith séasúr an Fhómhair do phobal an cheantair agus do chuairteoirí, rochtain a bheith acu ar scoth an ealaín ó scoth na n-ealaíontóirí agus comhrá cruthaitheach rialta ar bun idir an pobal agus ealaíontóirí an cheantair.
Tabharfaidh sé seo deis rialta don phobal machnamh agus plé a dhéanamh faoinár ndúchas, mar a tugadh dúinn é, mar a mhúnlaigh muid féin é agus mar a chuirfeas muid ar aghaidh é.
Bígí linn i Stiúideo Cuan, gach Máirt ag 8.30pm ón 24 Deireadh Fómhair agus ceathrar de mhór-ealaíontóirí na Gaeltachta i mbun ceoil agus comhrá faoin ealaíon agus a gcleachtas ealaíne i bhfóram theolaí, spreagúil. Is deis iontach é seo don phobal áitiúil agus náisiúnta, ardú croí a fháil ó scoth na nealaíontóirí áitiúla, in ionad nua ealaíne den scoth – Stiúideo Cuan.
Beidh saor-chead isteach agus beidh an beár oscailte.
Tá Stiúideo Cuan ag cur an togra seo i láthair i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta