
Director
Tar ag obair linn!
Folúntas: Stiúrthóir na Cultúrlainne
Beidh an Stiúrthóir freagrach as An Gaeláras Ltd. a bhainistiú agus a chur chun cinn, idir áiseanna agus foireann, chun plean straitéiseach na heagraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Beidh an Stiúrthóir freagrach as monatóireacht rialta a dhéanamh ar phleananna
forbartha na heagraíochta, chomh maith le Plean Straitéiseach agus polasaithe na heagraíochta a leanúint.
Cuirfidh an Stiúrthóir ceannaireacht éifeachtach ar fáil don fhoireann ar fad, agus forbróidh an Stiúrthóir bainistíocht shoiléir tríd an eagraíocht ar fad.
Caithfidh iarrthóirí na scileanna agus taithí seo a leanas bheith acu:
● Ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha, chomh maith le scileanna cumarsáide den chéad scoth
● Taithí le hiarratais rathúla maoinithe a chur i gcrích agus scéimeanna a fhorbairt go héifeachtach
● Taithí ag pleanáil agus ag bainistiú cláir gníomhaíochtaí agus imeachtaí
● Taithí agus tuiscint chuimsitheach ar fhorbairt earnáil na Gaeilge
● Taithí ar fhoireann a bhainistiú go héifeachtach
● Taithí ar bhuiséid a shocrú agus a bhainistiú
Lánaimseartha
37.5 uair sa tseachtain
£38,000 sa bhliain
Tá an ról seo maoinithe ag Foras na Gaeilge agus tá an proiséas éarcaíochta bunaithe ar polasaithe daonna agus polasaí comhionannas na Cultúrlainne.
Lán sonraí ar fáil: [email protected]
Spriocdháta: 5i.n. An Mháirt 13ú Nollaig 2022
Dáta tosaithe: Eanáir 2023