An Dara Réalt le Doireann Ní Chorrgáin

An Dara Réalt le Doireann Ní Chorrgáin

Thursday, 19 December 2019, 7.00pm

Oíche Nollag atá ann agus tá Aobh agus a hathair Peter lasmuigh ag breathnú ar an spéir le feiscint an bhfuil Daidí na Nollag ag eitilt thart. Bhuel, tá Aobh ag breathnú ar an spéir ach tá aghaidh Peter sánnaithe ina fhón póca mar is gnáth, é de shíor ag obair. Go tobann tosaíonn an dara réalt ar dheis ag glioscarnaíl.....tagann sé níos cóngraí agus níos congraí go dtí go bhfeiceann muid gurb í Tinkerbell atá tagtha chun foláireamh a thabhairt do Pheter! Baintear geit aisti nuair a bhfeiceann sí go bhfuil Peter fásta agus leadránach agus go bhfuil an oiread sin draíocht cáillte aige (agus gruaig!) nach bhfuil sé in ann í a fheiscint fiú amháin! Tá an t-ádh uirthi go bhfuil Aobh lán le gliondar agus spraoi agus tuigeann Aobh an foláireamh... ta an Caipteán Hook ag teacht leis an Nollag a scriosadh! Tá tús leis an eachtra anois... tá ar Aobh agus Tink an draíocht a lasadh i Peter arís agus an Nollag a choinnéal slán... ar aghaidh leo go ... Neverland*, le Peter a cheapann go bhfuil comhthulga (concussion) air, théis dó titim de luascán i mbialann ag cóisir oibre na Nollag an oíche roimh ré.... cén chaoi eile a bhféadfadh na rudaí aisteacha seo a bheith ag tarlú?.

WebsiteAdd a Listing

Published by AnTaibhdhearc on 4 November 2019

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.