Cosán na Naomh

Cosán na Naomh

Wednesday, 28 September 2022, 8.30pm

Coimisiún nua ceoil le Máire Breatnach

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh Cosán na Naomh, saothar úrnua leis an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach Máire Breatnach, á léiriú inár n-ionad nua ealaíne & ceoil sa Spidéal ón 27 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2022 ag 8.30pm gach oíche.

Is saothar nua ceoil agus filíochta é Cosán na Naomh a thabharfas léargas uathúil ar leithinis Chorca Dhuibhne agus stair ársa an cheantair gaeltachta seo. Ceol nua ar fad a bheas anseo, cumtha ag Máire Breatnach, agus curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Máire Breatnach (veidhlín & viola) Mick O’Brien (píb uilleann & feadóga) agus Noreen O’Donoghue (cláirseach) le dearadh fuaime ó Stephen O’Brien.

Tá an saothar nua seo bunaithe ar Chosán na Naomh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ó Thrá Fionntrá, de réir traidisiúin a ghabhann siar breis is míle bliain, a thugadh lucht oilithreachta aghaidh ar Chnoc Bréanainn ar an gcosán ársa seo. Sa tseanlitríocht, is ag an trá seo a tharla an comhrac miotasach, ar a dtugtar Cath Fionntrá, inar sháraigh laoch mór na bhFiann in Éirinn, Fionn Mac Cumhaill ‘Impire an Domhain go léir seachas Éire’, Dáire Donn. 

Cumadóir:  Máire Breatnach

Ceoltóirí: Máire Breatnach, Mick O’Brien, Noreen O’Donoghue

Dearadh Fuaime: Stephen O’Brien

Meascadh Fuaime: Joe Bean

Bainisteoir Léirithe: Paul D’Eath

Léiritheoir:  Darach Mac Con Iomaire

Ticéid ar fáil anseo.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 6 September 2022

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.