Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2022

Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2022

Monday, 3 October 2022, 5.00pm

Cuirtear fáilte roimh ealaíontóirí Gaeltachta, ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil, iarratas a dhéanamh ar an Scéim Sparánachta.

Aidhm na Scéime
Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóirí aonaracha am a chur ar leataobh lena gcleachtas a fhorbairt i dtreo bairr-feabhais a bhaint amach ina gcleachtais.

Cé ar atá an Scéim seo dírithe?
Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí, ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil agus a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an Scéim seo tacú le healaíontóirí atá luath ina gcleachtas, chomh maith leo siúd atá fadbhunaithe, chun tacú le forbairt leanúnach na n-ealaíon sa Ghaeltacht.

Cé méid airgead gur féidir liom cur isteach ar?
Is é €10,000 an t-uasmhéid deontais a bhronnfar. Is é €5,000 an t-uasmhéid maoiniú a bhronnfar ar ealaíontóir atá luath ina gcleachtas.

Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir foirm iarratais a chur isteach tríd an fhoirm Word a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais againn nó is féidir iarratas a chur isteach ar líne. Seo an cheád bhliain dúinn an seirbhís ar líne a chuir ar fáil agus muid a dhéanamh seo ar bhonn piolótach bheadh muid buíoch as aon aiseolas a bheadh agaibh. Is gá Treoir na Scéime a léamh sula líonann tú an Fhoirm Iarratais.

Foirm Iarratais le híoslódáil
Foirm Iarratais Ar Líne

Beidh Ceardlann Eolais ar siúl ar an 30 Lúnasa @7i.n agus ar an 31 Lúnasa @10r.n
Cláraigh tríd ríomhphost a sheoladh chuig ealain [at] udaras.ie

Is é spriocdháta na scéime ná an 3ú Dheireadh Fómhair.

Bí i dteagmháil linn
Is féidir, agus moltar, labhairt leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún, a bheidh lán sásta cabhrú leat d’iarratas a dhéanamh. Tá fáilte teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat. Dá bharr líon na n-iarratais a bhíonn ag teacht isteach ar an spriocdháta, moltar an t-iarratas a ullmhú, agus comhairle a lorg, chomh fada roimh ré agus is féidir leat. Ní féidir linn geallúint go mbeimid in ann tacú leat ar lá an spriocdháta.

Connacht & Co. na Mí: Beartla Ó Flatharta 091 503100 b.oflatharta [at] udaras.ie
Tír Chonaill: Danielle Nic Pháidín 074 9560100 d.nicphaidin [at] udaras.ie
Cúige Mumhan: Rachel Holstead 066 9150100 r.holstead [at] udaras.ie

Ríomhphost gineáralta: ealain [at] udaras.ie

*Tá an Scéim Sparánachta á có-maoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.*

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 6 September 2022

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.