Seán Ó Riada Gold Medal Competition 2022

Seán Ó Riada Gold Medal Competition 2022

Friday, 23 September 2022, 11.55pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcaster and musician Peadar Ó Riada has announced that the Seán Ó Riada Gold Medal 2022 competition is now open for entries, and that this year’s contest is for fiddle. Friday 23 September is the deadline for entries.  

The Seán Ó Riada Gold Medal Competition is an annual traditional music competition, focused on a different instrument every year, run by Peadar Ó Riada through his Cuireadh chun Ceoil radio programme.  The winner will be presented with the Seán Ó Riada Gold Medal and €2500.   

Some of the country’s top fiddle talent features in the list of previous winners of the Ó Riada Gold Medal, including Aoife Ní Bhriain, Dublin, who won the competition in its inaugural year, Darragh Curtin, from Brosna in Kerry who won in 2015, and Rebecca McCarthy-Kent from Tramore in Waterford who won in 2019.  

Fifteen finalists will be chosen from the competition entrants, and invited to compete in the final in the Rochestown Park Hotel in Cork in the new year.   

To enter the competition, musicians must: 

  • Record 5 sets of tunes
    (They can be recorded on computer or phone, studio quality is not required) 
  • Register at www.cuireadhchunceoil.ie  
  • Upload the sets to the website by Friday 23 September   

The finalists will be announced on the Cuireadh chun Ceoil programme live from the Éigse Dhiarmuidín festival in early December.  

The competition is sponsored by RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO and the Rochestown Park Hotel.   

***

Tá sé fógartha ag an gcraoltóir Peadar Ó Riada go bhfuil an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2022 oscailte anois, agus gur ar an bhfidil atá comórtas na bliana seo dírithe.  Is é Dé hAoine 23 Meán Fómhair an spiocdháta don chomórtas, atá á reáchtáil tríd an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  

Is comórtas ceoil thraidisiúnta atá i mBonn Óir Seán Ó Riada, atá dírithe ar uirlis dhifriúil gach bliain. Bronnfar an bonn óir agus €2500 ar an mbuaiteoir.   

Is liosta le háireamh na ceoltóirí a bhfuil an gradam seo buaite acu go dtí seo.  Ba í an fidléir Aoife Ní Bhriain as Baile Átha Cliath a thug léi an comórtas an chéad uair riamh gur reáchtáladh é sa bhliain 2011.  Bhí an fhidil i gceist sa bhliain 2015 freisin, agus ba é Darragh Curtin ó Bhrosna i gCiarraí a thug leis an bhliain sin é, agus sa bhliain 2019 bhí an bua ag Rebecca McCarthy-Kent as an Trá Mhór i bPort Láirge.  

Roghnófar 15 iomaitheoir le bheith páirteach sa chraobh don chomórtas, a bheidh ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh sa bhliain nua.  

Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do cheoltóirí:  

  • 5 phíosa/seit ceoil a thaifead 
    (is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist) 
  • Clárú ag www.cuireadhchunceoil.ie  
  • Na píosaí ceoil a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín sin faoin 23 Meán Fómhair 

Fógrófar ainmneacha na gceoltóirí a bheas sa chraobh ar an gclár Cuireadh chun Ceoil beo ó Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag.  

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas. 

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 6 September 2022

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.