Imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2020

Imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2020

Friday, 12 June 2020, 5.00pm

Táimid anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2020. Ag filleadh don cúigiú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir ó 4.00 - 11.00 i.n., Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2020. An aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí chun iad spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar Oíche Chultúir.

I bhfianaise na paindéime domhanda Covid-19, tá An tOireachtas agus Oíche Chultúir ag iarraidh imeachtaí a d’fhéadfaí a reáchtáil ar líne / go digiteach nó a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do lucht féachana ar líne dá mbá ghá a éascú. Tá sé beartaithe imeachtaí fisiciúla a chur i láthair (más féidir) in éineacht le clár fíorúil. Más amhlaidh, áfach, go gcuirtear moill ar sheachadadh chéimeanna an rialtais agus nach mbeidh ionaid ar oscailt arís i mí Mheán Fómhair is ar líne amháin a léireofar imeachtaí.

Tá An tOireachtas ag lorg iarratais a chuimsíonn, ach gan a bheith teoranta dóibh, na téamaí seo: Na Taibhealaíona, Damhsa, Litríocht, Oidhreacht, Dráma, Ceol, Ealaíon & Ceardaíocht, Na hAmharc-ealaíona, Caint, Turas, Scannán.

Is é an spriocdháta d’iarratas ná 12 Meitheamh 2020.

Le haghaidh tuilleadh eolais: 
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas T: 00353 87 1005439 R: louise [at] antoireachtas.ie

WebsiteAdd a Listing

Published by The Journal of Music on 7 May 2020

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.