Dúchas agus Dóchas/ Heritage and Hope

Dúchas agus Dóchas/ Heritage and Hope

Friday, 24 November 2023, 8.00pm
Added by glorennis
0

€20/€18 Conc.

Diarmuid de Faoite hosts a vast array of some of the finest singers/musicians of the Banner County, to celebrate a 350 year journey through the hidden Gaelic song heritage of County Clare.
Dúchas agus Dóchas tells the fascinating story of the rediscovery of a vast and unbroken oral tradition, from big Munster sean-nós songs to hilarious local narratives and present day compositions: join us for a major celebration of our birthright in song.

Beatha Teanga í a Labhairt, Beatha Amhrán é a Rá!
Ó Oidhreacht na bhFilí, tré thréimhsí corraitheacha polaitiúla is imirce anuas go dtí athbheochan ceolmhar an lae inniú, tugann ‘Dúchas agus Dóchas’ ar thuras ceolmhar muid tré 350 bliain d’oidhreacht chultúrtha an Chláir. Seo chugaibh Gáir an Chláir, ós ard, le misneach agus le mórtas!

Featuring Nuala Kennedy, Edel Vaughan, Tim Dennehy, Emer O Flaherty, Aindrias de Staic, Binneas (buaiteoirí Ghael-Linn, 2023), Philip Fogarty, Therese Mc Inerney, Gráinne Cotter, Enda Haran agus a chairde, Seán Browne (rinceoir), Cadhla Brock, Síofra Ní Éilí Duggan, Alph Duggan, Conn Ó Muineacháin, Féilim Ó Coileáin, Caoimhe, Aoife agus Caitlín Shannon, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig agus eile!

Dúchas agus Dóchas is not only a research project, it is, more importantly, a meitheal and a growing community of hope and celebration of the extraordinary song heritage bequeathed to us. It recognises the bards, those who kept the flame alive against the odds and celebrates our present day composers, proud communicators in vibrant, resonant, native voice of sean-nós and nua-nós!

Ní inniu ná inné a thosaigh muintir an Chláir ag ceol agus cáil ar an gcontae dá réir ach in ainneoin na cáile sin agus cé gur mhinic fonn ceoil a bheith orainn, is beag amhrán i nGaeilge a chloistí. Cé gur coinníodh an ceol agus cuireadh leis an stór sin, cailleadh an teanga go tubaisteach agus chailleamar ár nglór ar aon, go dtí nach raibh fágtha againn ach Beidh Aonach Amárach... Nó b’shin an chosúlacht a bhí ar an scéal!

Tá os cionn 130 amhrán aimsithe, idir shean agus nua, agus tá an figiúr sin ag dul i méid i gcónaí: Corca Baiscinn, Cill Bhriocáin, Cill Mháille, Cill Mhichíl, Cill Dalua, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin, Inis, Croisín, Leac an Éadain: tá seoda ar fáil ar fud an chontae! An grá, an pholaitíocht, an briseadh croí, an greann an iomáint is an pheil: cur síos ní hamháin ar stair an chontae ach ar mhianta agus ar mhodhanna an duine agus na pobail as ar fáisceadh muid. Tá muid dóchasach go spreagfaidh na hamhráin agus sna scéalta a bhaineann leo mórtas i measc amhránaithe, pobail agus paróistí éagsúla an chontae.

Bímís ag ceol!

WebsiteAdd a Listing

Added by glorennis on 7 September 2023

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.