Taithí Oibre le TG4: Comhordaitheoir Meán Sóisialta le Ceol TG4

Taithí Oibre le TG4: Comhordaitheoir Meán Sóisialta le Ceol TG4

Monday, 15 May 2023, 11.55pm

Scéim Taithí Oibre le TG4 ar feadh bliana do chéimithe nó do thosaitheoirí
Fómhar 2023– Fómhar 2024

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar thaithí oibre le TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla

Is deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.

Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus suim acu sna hardáin shóisialta atá á lorg. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar céard is scéal mealltach ann.

I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh míreanna gearra le haimsiú, le sceidealú agus eagarthóireacht le déanamh orthu le cur ar ardáin shóisialta TG4. Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.

Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.

Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:

Comhordaitheoir Meán Sóisialta le @Cúla4
Comhordaitheoir Meán Sóisialta le BLOC
Comhordaitheoir Meán Sóisialta le MOLSCÉAL
Comhordaitheoir Meán Sóisialta le @SportTG4
Comhordaitheoir Meán Sóisialta le Ceol TG4.
Comhordaitheoir ábhar Oideachais le TG4
Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint

Seol CV, mar aon le d’iarratas a léiríonn do réimsí spéise i; MOLSCÉAL, Cúla4, BLOC, Spórt, Ceol, Oideachais nó Grafaicí, chuig [email protected].

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé Luain an 15 Bealtaine 2023.

Is í an Ghaeilge teanga na hoibre i TG4.

Beidh na poist seo lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 8 May 2023

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.