Léiritheoir Cruthaitheach

Léiritheoir Cruthaitheach

Monday, 23 January 2023, 5.00pm

Stiúideo Cuan
Is ionad ealaíne, cultúir agus ceoil é Stiúideo Cuan atá lonnaithe ar an Spidéal i gCo na Gaillimhe. Is é sprioc na cultúrlainne áiseanna ealaíne den scoth a chur ar fáil agus dlús a chur le himeachtaí ceoil agus cultúrtha sa gceantar agus cur le bonneagar na n-ealaíon i gConamara agus san iarthar trí chéile.

Cé Muid?

Comhlacht Léirithe
Léiríonn Stiúideo Cuan saothair ealaíne ar ardchaighdeán don stáitse, don raidió agus don scáileán.

Ionad Ealaíne agus Comhdhála
Áis ilealaíne agus ionad ceoil den scoth é Stiúideo Cuan atá feiliúnach d’imeachtaí cultúrtha, comhdhálacha agus ócáidí den uile chineál.

Stiúideo Taifeadta agus Iarléirithe
Cuireann Stiúideo Cuan seirbhísí taifeadta agus iarléirithe físe agus fuaime ar fáil don earnáil cheoil agus chlosamhairc.

***

Léiritheoir Cruthaitheach

Tá folúntas ar chonradh bliana ag Stiúideo Cuan agus duine fuinniúil, díograiseach á lorg againn don ról Léiritheoir Cruthaitheach, le tacú linn clár ealaíne, straitéiseach agus oibríochtaí Stiúideo Cuan a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Tá an post seo páirtmhaoinithe ag TG4 faoin scéim Tacaíochta Forbartha Tallainne.

TG4 ag tacú leis an earnáil neamhspleách léirithe chun léiritheoirí le Gaeilge a fhostú agus a fhorbairt ar feadh tréimhse bliana. Beidh deis ag deireadh na bliana, síneadh ama don dara bliain a chuir leis an gconradh fostaíochta.

Tá sé d’aidhm ag TG4 tacú le comhlachtaí chun sruth tallainne le Gaeilge a fhorbairt san earnáil le teacht le spriocanna straitéiseacha TG4 i leith forbairt na h-earnála agus foireann oilte, ard chumais, le Gaeilge a bheith ar fáil don earnáil.

Oibreoidh an Léiritheoir Cruthaitheach i gcomhar le bord stiúrthóirí, bainistíocht ghinearálta agus oifigigh an chomhlachta chun clár tograí nua a dhearadh agus a sholáthar i gcomhar le foireann Stiúideo Cuan.

Téarmaí
Is post lánaimseartha 40 uair sa tseachtain é seo. Beidh obair san oíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí i gceist ó am go ham. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co na Gaillimhe agus ar láithreacha seachtracha léirithe nuair is gá. Beidh an Léiritheoir Cruthaitheach ag tuairisciú do Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan. Is €45,000 - €48,000 tuarastal an phoist.

Dualgais
Beidh an Léiritheoir Cruthaitheach freagrach as na dualgais seo a leanas:

  • Tograí ealaíne a fhorbairt agus a fhíoradh don chomhlacht lena n-áirítear tograí teilifíse, raidió, ceoil, amharclannaíochta agus oiliúna.
  • Caidrimh nua agus reatha a chothú le maoinitheoirí agus eagrais leasmhara chun Stiúideo Cuan a chur chun cinn mar chomhlacht agus ionad léirithe den scoth.
  • Caidrimh nua agus reatha a chothú le healaíontóirí agus comhlachtaí léirithe leasmhara chun Stiúideo Cuan a chur chun cinn mar chomhlacht agus ionad léirithe den scoth.
  • Bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar mhaoin, acmhainní agus ar fhoireann chruthaitheach agus tacaíochta Stiúideo Cuan chun spriocanna ealaíne an chomhlachta a bhaint amach.
  • Cumarsáid ghairmiúil éifeachtach a dhéanamh le geallsealbhóirí seachtracha & inmheánacha maidir le himeachtaí an chomhlachta.
  • Freastal ar chúrsaí oiliúna a bheas á reachtáil ag TG4 go míosúil.

Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí cáilithe. D’fhéadfaí gearrliostáil agus measúnuithe praiticiúla a úsáid sa bpróiseas roghnúcháin. Déanfar tástáil ar thaithí na n-iarrthóirí de réir phríomhinniúlachtaí an róil ag céim an agallaimh.

Critéir Riachtanacha

  • Gaeilge líofa, idir labhairt agus scríobh.
  • Ceadúnas Iomlán Tiomána & Carr.

Taithí Inmhianaithe

  • Taithí ar struchtúir agus phróisis choimisiúnaithe in earnálacha na n-ealaíon agus na meán.
  • Taithí ar bhainistiú buiséid / tuairisciú airgeadais.
  • Taithí ar an bpróiseas taifeadta, léirithe agus iarléirithe fuaime agus físe.

Príomhinniúlachtaí

  • Cumas léirithe/bainistíochta cláir/tograí i réimse na n-ealaíon/na meán.
  • Cumas caidrimh ghnó a fhorbairt agus a bhainistiú.
  • Cumas maoirsithe/cinnireachta foirne.

Ní mór d’iarratasóirí CV agus litir chlúdaigh a sheoladh chuig oifig [at] studiocuan.ie roimh 5pm Dé Luain 23 Eanáir.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Stiúideo Cuan.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 11 January 2023

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.