Bainisteoir Airgeadais

Bainisteoir Airgeadais

Wednesday, 30 April 2025, 5.00pm
0

Tá An Taibhdhearc ag earcú Bainisteoir Airgeadais i ról páirt-aimseartha. Tá duine uainn d’ardfhuinneamh atá féinspreagtha le bheith mar dhuine lárnach inár struchtúr nua eagraíochtúil. Ba bhall ríthábhachtach den fhoireann airgeadais é/í agus beidh an té a cheapfar freagrach go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Stiúrthóir Ealaíne. Tacaíonn an Bainisteoir Airgeadais le léiritheoirí agus bainisteoirí ábhartha eile agus beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú laethúil airgeadais a shocrú agus a chinntiú don eagraíocht, i gcomhpháirt leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Tá ár gcuid oibre á treorú ag príomhbheartais agus pleananna na Taibhdheirce lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta le: Plean Straitéiseach Síolta, Treoirlínte Ioncaim, ceanglais mhaoinithe na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, cloí le Cód Rialachais na gCarthanachtaí, agus spriocanna ábhartha eile atá laistigh de réimse feidhme na heagraíochta mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Feidhmíonn an ról seo faoi scáth an mhisin, na dtosaíochtaí agus na luachanna atá leagtha síos ag An Taibhdhearc.

Is é an 30/04/2025 an spriocdháta d’iarratais.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos.

WebsiteAdd a Listing

Added by Journal of Music on 14 April 2025

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.