Bainisteoir Margaíochta agus Rannpháirtíochta

Bainisteoir Margaíochta agus Rannpháirtíochta

Friday, 9 May 2025, 5.00pm
0

Tá An Taibhdhearc ag lorg Bainisteoir Margaíochta agus Rannpháirtíochta dinimiciúil, tiomanta agus duine atá taithí ábhartha acu. Beidh an té a cheapfar freagrach as gach feachtas margaíochta don amharclann a chruthú agus a threorú chun na léiriúcháin a chur chun cinn. Beidh ról ríthábhachtach ag an mBainisteoir Margaíochta agus Rannpháirtíochta tacú le huaillmhianta ealaíne na Taibhdheirce agus iad á cur chun cinn thar phunann spreagúil clár agus gníomhaíochtaí ar feadh na bliana. Tugann an ról seo deis cumarsáide na heagraíochta a mhúnlú trí shamhlaíocht agus smaointe nua. Tá an ról oiriúnach do dhuine straitéiseach agus praiticiúil le taithí acu in earnáil cumarsáide/margaíochta.

B'fhearr go mbeadh paisean ag an mBainisteoir Margaíochta agus Rannpháirtíochta agus iad ag labhairt agus ag éisteacht lenár lucht féachana. Beidh siad ina saineolaí ar threochtaí reatha digiteacha agus margaíochta, le tuiscint acu ar a bhfuil le teacht ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, tá dhuine an-phointeáilte á lorg againn a dhíreodh ar shonraí; duine atá cruthaitheach agus comhoibritheach; le grá acu don chultúr, na taibhealaíona agus an Ghaeilge. Beidh siad ar bís agus bródúil as a bheith mar chuid d'fhís nua na Taibhdheirce.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos.

WebsiteAdd a Listing

Added by Journal of Music on 14 April 2025

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.