Riarthóir Amharclainne

Riarthóir Amharclainne

Tuesday, 20 August 2019, 12.00pm

Folúntas: Riarthóir Amharclainne.

Is í An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, a bhfuil mar aidhm aici lárionad náisiúnta gairmiúil agus acmhainn a chur ar fáil chun léirithe a chur i láthair agus a chur chun cinn; agus tacú le hoiliúint, fad is a bhíonn lucht féachana nua agus an chéad ghlúin eile de dhrámadóirí agus de chleachtóirí amharclannaíochta na Gaeilge á bhforbairt. Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:

RIARTHÓIR AMHARCLAINNE
Beidh an té a cheapfar freagrach as as an obair seo a leanas maille le cúraimi eile:

• Áirithintí chun an t-ionad a ghlacadh ar cíos – san áireamh leis seo tá idirghabháil leis na comhlachtaí léiriúcháin, cáipéisíocht a réiteach (cor cíosa, sonraisc, cáipéisí árachais);
• Imeachtaí a bhainistiú ar chóras ticéad na hamharclainne (áirithintí agus seóanna na Taibhdheirce);
• Lóisteáil a dhéanamh sa bhanc le brábús an bheáir / na díoloifige, faireachán a dhéanamh ar fhlótaí;
• Socraíochtaí airgeadais leis na comhlachtaí léiriúcháin a áireamh i ndiaidh imeachtaí (socraíocht díoloifige);
• Sonraisc a fhiosrú agus a dheimhniú;
• Obair riaracháin eile a bhaineann leis an amharclann (taifead a choimeád de heochracha an fhoirgnimh, déileáil le cúrsaí laethúla a thagann chun cinn ar nós fadhbanna teicniúla);
• Ábhar a phóstáil ar na meáin shóisialta, obair in éineacht leis an mac léinn atá ar thaithí oibre – faire a dhéanamh ar a c(h)uid oibre agus comhairle a thabhairt dó/di;
• Idirghabháil le bainisteoir na hamharclainne, an bainisteoir teicniúil, an comhordaitheoir fáiltithe (FOH) agus an t-oifigeach airgeadais maidir le himeachtaí agus reáchtáil na hamharclainne;
• Tacaíocht a thabhairt don bhainisteoir ginearálta ó thaobh léiriúcháin de chuid na Taibhdheirce má bhíonn sé ag teastáil;
• Ábhar a ullmhú do chláir an ionaid in éineacht le dearthóir seachtrach;
• Obair riaracháin eile a bhaineann leis an amharclann (taifead a choimeád de heochracha an fhoirgnimh, déileáil le cúrsaí laethúla a thagann chun cinn ar nós fadhbanna teicniúla);
• Leibhéil na stoc (bia agus deochanna) sa bheár;
• Na horduithe cuí a dhéanamh leis na soláthróirí nuair is gá;
• Róta na míosa don bhFoireann Tí a chur le chéile agus é a scaipeadh;
• Cinntiú go bhfuil líon na bhfostaithe do gach léiriú ar an róta agus ar fáil;
• Gnáth-dhualgais Oifige agus na Foirne Tí;

Riachtanais don bPost:
• Dea-scileanna cumarsáide, idir scríobh agus ó bhéal
• Scileanna ríomhaireachta (i.e. Word, PowerPoint etc);
• Dea-scileanna bainistíochta ama agus eagrúcháin;
• A bheith ábalta oibriú as do stuaim féin agus mar dhuine d’fhoireann freisin;
• Is í an Ghaeilge teanga oibre na Taibhdheirce agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge líofa ag iarrthóirí, idir scríobh agus ó bhéal.

Ní mór d’iarrthóirí litir chumhdhaigh agus CV a sheoladh chuig An Bainisteoir Ginearálta ag eolas [at] antaibhdhearc.com

Spriocdháta le haghaidh iarratais : 12:00 noin, 20 Lúnasa, 2019;
Agallaimh : 28 Lúnasa, 2019.
Tús na fostaíochta – an tseachtain dar tús an 23 Meán Fómhair;
Conradh : 2 bhliain;
Tuarastal €33,800 in aghaidh na bliana;
40 uair a chloig in aghaidh na seachtaine;
22 lá saoire.

Is fostóir comhionnanais é An Taibhdhearc.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 15 August 2019

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.