Ollseisiún na nÓg @ Féile Chois Fharraige 2021

Ollseisiún na nÓg @ Féile Chois Fharraige 2021

Saturday, 20 November 2021, 3.00pm

15.00–17.00
Ollseisiún na nÓg.
Stiúidió Cuan

***
Bhur gcéad fáilte go Féile Chois Fharraige.

Tugaigí faoi deara go mbeidh srianta sláinte poiblí á gcur i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht agus suaimhneas an phobail.

Ní mór teastas COVID a thaispeáint ag an doras ag na himeachtaí atá faoi dhíon.

Go mbaine sibh taithneamh as an bhFéile. Tá muid ag súil libh!

***

Dé Céadaoin 17ú

19.00
Taispeántas Ealaíne.
Tá an t‑ionad le fógairt.

20.00
Seoladh Barzaz.
Inprionta nua ó Futa Fata.
Gormfhlaith Ní Thuairisg ag labhairt le Tadhg Mac Dhonnagáin ⁊ Máirín Nic Con Iomaire.
Madame Lazare, úrscéal le Tadhg, agus Khailil, úrscéal le Yasmina Khandra a d’aistrigh Máirín, a bheas faoi chaibidil.
Tigh Mholly.

20.30
An Cosán Draíochta.
Sraith ceoil a ndearna Stiúideó Cuan coimisiúniú air ó Johnny Connolly in ómós a athar, Johnny Phádhraic Phiotair.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

Déardaoin 18ú
19.00
Seoladh Eadrainn Féin.
Leabhar a chuir daltaí Choláiste Chroí Mhuire i dtoll a chéile in ómós do Mháirtín Ó Cadhain.
Óstán Chois Fharraige.

20.15
Arracht.
Scannán faoin nGorta.
Tomás Ó Suilleabháin a scríobh ⁊ a stiúraigh.
Dónall Ó Héalaí sa bpríomhpháirt.
Seanscoil Sailearna.
Ceannaigh ticéid.

20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

21.00
Seisiún amhránaíochta agus ceoil.
Seán Ó Gráinne mar fhear an tí.
Tigh Phádraicín.

Dé hAoine 19ú
20.00
Le Cion ar Joe.
Seó le míreanna as saothair Joe Steve le hAisteoirí an Spidéil in ómós dá gcomh-aisteoir.
Seanscoil Sailearna.
Ceannaigh ticéid. (Ticket Tailor)

20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúidió Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

21.30
Seisiún Amhránaíochta.
Tigh Mholly.

Dé Sathairn 20ú
10.30
Sealgaireacht ⁊ Siúlóid Threoraithe Cois Cladaigh.
Trá na Tulaí.
(Teacht le chéile i gcarrchlós an Phota.)
Blaisíní sa bPota ina dhiaidh.

12.00
Nochtadh Leice in ómós do Timín Joe Tim.
An droichead thar abhainn idir an tSeanchéibh is an Chéibh Nua.

15.00–17.00
Ollseisiún na nÓg.
Stiúidió Cuan

20.00
Ceolchoirm Cholmcille.
Ceoltóirí agus amhránaithe as ceantair a luaitear le Colmcille.
In ómós don 1,500 bliain ó rugadh é.
Oirfidigh as Albain, Doire, Dún na nGall, Contae na Mí ⁊ Conamara, maraon le Breanndán Ó Beaglaoich, a thug Bíobla i nGaeilge i naomhóg go hOileán Í.
Seanscoil Sailearna.
Ceannaigh ticéid. (Ticket Tailor)

20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúidió Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

21.30
Ceann Gólaim.
An Poitín Stil.

Dé Domhnaigh 21ú
11.30
Siúlóid Teaghlaigh / Tóraíocht Taisce.
I gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
An Trá Mhór.

12.00
Nochtadh Leice i gcuimhne ar na tithe a dóadh sa gceantar i 1921.
Cúinne tí Folan, An Spidéal.

14.00
Siúlóid do dhaoine fásta faoi threoir Eoin Uí Thuairisg.
Ag tosú ag An bPoitín Stil.
An Lochán Beag.

20.00
Le Cion ar Joe.
Seanscoil Sailearna.
Ceannaigh ticéid. (Ticket Tailor)

20.30
An Cosán Draíochta.
Stiúideo Cuan.
Ceannaigh ticéid. (Eventbrite)

20.30
Clabhsúr na Féile.
Bannaí céilí Loch Lurgan ⁊ Cogar ag casadh.
Tigh Chualáin.

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 15 November 2021

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.