Workshop: Ceardlann Amhránaíochta - amhráin Oiriall, amhráin ar an tsean-nós
Breis is céad bliain ó shin, bailíodh an-chuid amhrán Gaeilge i dtuaisceart Chontae Lú agus i ndeisceart Chontae Ard Mhacha ó dhaoine a raibh an Ghaeilge acu ó dhúchas. Tá an pobal sin ar shlí na fírinne anois, ach maireann na hamhráin! Tar agus foghlaim agus abair cupla amhrán as do cheantar féin ag an cheardlann seo.
Amhránaí: Ciara Hall.
Láthair: Áras Chonradh na Gaeilge, 5 Plás na Trá, Contae Lú, Cúige Laighean, Éire, A91 HY04
Le tacaíocht ó Seachtain na Gaeilge le Energia.
EUR5 - cuir do spás in áirithe trí EventBrite. Cuirfear fonn agus focail na n-amhrán ar fáil duit ag an cheardlann féin.