
Painéal Teagascóirí le Ealaín na Gaeltachta
Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag cur painéal teagascóirí le chéile a mbeadh suim acu ranganna sna healaíona dúchasacha (ceol, damhsa, lúibíní agus agallamh beirte, amhránaíocht) a sholáthar trí mheán na Gaeilge, i nGaeltacht Chonamara agus Árann, idir Mí Meán Fómhair 2019 agus Mí Meithimh 2020.
Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo, nó chun tuilleadh eolais agus foirm iarratas a fhail, déan teagmháil le Elaine Scahill, Comhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha don Óige.
Sonraí teagmhála: [email protected] /091-503100
Spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé Mairt, an 4 Meithimh ag 4 i.n.