
Oíche Áirneáin le Johnny Og Connolly, Roisin Ní Mhainín, Caitlin Ni Chualain agus Mairin Mhic Lochlainn
Beidh oíche áirneáin ar siúl i Stiúideo Cuan sa Spidéal gach Céadaoin ó 8pm go 9.30pm leis an gceoltóir, Johnny Og Connolly , an damhsóir Roisin Ní Mhainín, an t-amhránaí Caitlin Ni Chualain agus an scéalaí Mairin Mhic Lochlainn.
Plé oscailte faoin traidisiún a bheas ann agus na healaíontóirí ag déanamh cur i láthair téamúil gach seachtain.
Tá saor chead isteach agus fáilte roimh chách le bheith páirteach sa chomhrá spreagúil seo faoinár dtraidisiún, cá as ar tháinig sé, cén tionchur atá aige orainn agus cé mar a chuirfeas muid ar aghaidh é?
Gach Céadaoin @8pm i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Gach eolas ó 091 553838.