Taithí Oibre le TG4 / TG4 Work Experience

Taithí Oibre le TG4 / TG4 Work Experience

Friday, 14 August 2020, 5.00pm

Scéim Taithí Oibre Bliana le TG4 do chéimithe nó do thosaitheoirí
Fómhar 2020 – Fómhar 2021

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar thaithí oibre le TG4 i mBaile na hAbhann.

Is deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.

Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus suim sna hardáin shóisialta atá á lorg. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar céard is scéal mealltach ann.

I measc na ndualgas, beidh míreanna gearra d’ardáin shóisialta TG4 le haimsiú, le sceidealú agus eagarthóireacht le déanamh orthu. Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.

Beidh cúram ar an té a ceapfar a bheith mar phointe teagmhála leis an bpobal agus comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an phobal ar na h-ardáin sóisialta. Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.

Tá oiliúnaithe á lorg sna réimsí seo a leanas:
– Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @Cúla4
– Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le BLOC
– Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le MOLSCÉAL
– Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @SportTG4
– Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @TG4TV & Ceol TG4

Seol CV, mar aon le d’iarratas a léiríonn do réimsí spéise, chuig cv [at] tg4.ie
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine 14 Lúnasa 2020.

WebsiteAdd a Listing

Published by The Journal of Music on 21 July 2020

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.