Call for Submissions: Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge / National Strategy for the Irish Language-Based Arts

Call for Submissions: Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge / National Strategy for the Irish Language-Based Arts

Friday, 31 January 2020, 5.00pm
 

Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge

National Strategy for the Irish Language-Based Arts (English below)  

Tá go dtí an 31 Eanáir ag eagraíochtaí agus daoine aonair aiseolas agus smaointe a roinnt mar chuid de phróiseas comhairliúcháin poiblí maidir le Straitéis Náisiúnta do na hEalaíona Teangabhunaithe.

Tá i gceist fís shoiléir a leagan amach do na healaíona teangabhunaithe sa Straitéis. Luafar bearta sonracha chun an fhís sin a fhíorú sa Straitéis, a bheidh á fhoilsiú in 2020.   

Is iad na healaíona teangabhunaithe Gaeilge (laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di) a bheidh faoi chaibidil sa Straitéis ná:  

  • An amharclannaíocht agus an drámaíocht Ghaeilge, idir amaitéaracha agus ghairmiúil, traidisiúnta agus chomhaimseartha,
  • An amhránaíocht, idir chomhaimseartha, chóiriúil, eaglasta agus traidisiúnta
  • Lúibíní agus agallaimh beirte; An fhilíocht labhartha chomhaimseartha; rap.
  • An scéalaíocht. 

An bhfuil smaointe agatsa nó ag d’eagraíocht maidir le tábhacht agus tionchar na n-ealaíon teangabhunaithe Gaeilge?  Nó moltaí maidir leis na deiseanna agus leis na dúshláin a bhaineann leis na healaíona éagsúla sin?  Tá deis ag an bpobal agus ag daoine aonair a nguth a bheith le cloisteáil agus an straitéis seo á chur le chéile trí teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann taighde ar bhealaí éagsúla: 

1: Aighneacht, aiseolas agus moltaí a  sheoladh chughainn trí www.ealaíonateangabhunaithe.ie 

2: Ceistneoir a líonadh ag www.bit.ly/38jHLOi  

Fógrófar nuacht eile go háitiúil, ar na meáin shóisialta agus ar an suíomh thuas le linn Earrach 2020. 

Le mórmheas, Foireann taighde na Straitéise.  Twitter: https://twitter.com/ealaiona

Tuilleadh eolais: www.ealaionateangabhunaithe.ieteangmhail [at] ealaionateangabhunaithe.ie 

An Fhoireann Taighde:  
Dr Éamonn Costello, Dámh Cruinne Éireann, Taighdeoir, Ollscoil Luimnigh  
Dr Sorcha de Brún, Léann na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh  
Dr Sandra Joyce, Dámh Cruinne Éireann , Ollscoil Luimnigh  
Shane Grant, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál  
Dr Róisín Ní Ghairbhí, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál.  

Cúlra
Tá foireann taighde ó Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál ceaptha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agsu Gaeltachta chun an Straitéis a cheapadh. Tabharfar san áireamh taighde ar:  

Tábhacht agus tionchar na n-ealaíon béil sa Ghaeilge. 

  • Na heagraíochtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá gníomhach sna réimsí seo nó a bhfuil cúram orthu maidir leis na réimsí cleachtais seo.
  • Deiseanna oideachais, oiliúna agus forbartha. 
  • Foinsí maoinithe reatha agus foinsí maoinithe a bhféadfaí tarraingt astu amach anseo. 
  • Ceisteanna rochtana agus seirbhísí atá ar fáil don phobal. 
  • Na cleachtóirí gairmiúla atá gníomhach sna réimsí seo agus na deiseanna atá ar fáil dóibh. 
  • Deiseanna fáis agus deiseanna forbartha sna réimsí cleachtais seo. 

An Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Éire Ildánach atá ag maoiniú scríobh na Straitéise. Is i gcomhréir leis an ngeallúint atá tugtha faoi ghníomh 5.47 sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-22 atá an próiseas seo á choimisiúnú. 

As Gaeilge a reachtálfar na grúpaí fócais ach déanfar freastal ar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu chomh maith. Fáilteofar roimh aighneachtaí as Gaeilge nó as Béarla.  

 Tá an fhoireann taighde ag tuairisciú chuig Coiste Stiúrtha a chuimsíonn An Roinn Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, TG4 agus Éire Ildánach. An Roinn Cultúir, Oidhreachta agsu Gaeltachta agus Éire Ildánach atá ag maoiniú scríobh na Straitéise.  

***

National Strategy for Irish language oral arts  

Interested stakeholders, practitioners and the general public have until January 31st to have their say on a new The National Strategy for the Irish language oral arts. The Strategy will provide a planning framework for the Irish language oral arts (in the Gaeltacht and outside the Gaeltacht, for both adults and young people). These include: 

  • Drama and theatre, both amateur and professional, traditional and contemporary 
  • Singing, both contemporary, choral, church and traditional  
  • Spoken word poetry, lúibíní and agallaimh bheirte, rap
  • Storytelling

A consultation process is now underway for the Strategy and as part of this individuals and organisations are invited to share their feedback and ideas with us. The strategy will provide a clear vision for the Irish language oral arts and will also outline specific actions to achieve that vision.  It will be published in 2020.   

The public and stakeholders can ensure their voice is heard in this consultative process in two main ways:  

1: By sending a written submission, ideas or feedback through our website 

2:  By filling in our questionnaire at www.ealaionateangabhunaithe.ie or https://bit.ly/2Rj9mJ3

Updates will be shared on the website, on Twitter https://twitter.com/ealaiona and through local contact channels and media.

Le mórmheas, The Strategy Research Team.  

Further information: www.ealaionateangabhunaithe.ie 
Or email  teangmhail [at] ealaionateangabhunaithe.ie 
Follow us on @ealaiona and Facebook.

The  Research Team:  
Dr Éamonn Costello, Irish World Music Centre, University of Limerick   
Dr Sorcha de Brún, Léann na Gaeilge, University of Limerick  
Dr Sandra Joyce, Irish World Music Centre, University of Limerick  
Shane Grant, Roinn na Gaeilge, Mary Immaculate College, Limerick 
Dr Róisín Ní Ghairbhí, Roinn na Gaeilge, Mary Immaculate College, Limerick 

Background
A interinstitutional research team from the University of Limerick and Mary Immaculate College has been engaged by the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht to develop a National Strategy for the Irish Language based oral arts. The research and Strategy will encompass:  

  • The importance and impact of the oral Irish language arts.
  • The national, international and regional organisations that are active in these areas or who are charged with responsibilities related to these areas of practice. 
  • Education, training and development opportunities 
  • Current funding sources and potential funding sources. 
  • Questions of access and inclusion and services available for the public  
  • Professional practitioners and the opportunities available to them 
  • Potential for growth and development  

 The development of the Strategy is being funded by the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht. The Strategy was commissioned as a result of commitments made in the section 5.47 in the Action Plan for the Irish Language 2018-22.   

The Research Team is reporting to a Steering Group consisting of the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, The Arts Council, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, TG4 and Éire Ildánach.  

Visit the link below for further information.

 
 
 
 
 
 
 
 
 
WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 22 January 2020

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.