Preab Meadar Rím agus Rithim
Is léiriú ceannródaíoch é seo d’amhránaíocht, de cheol, agus de dhamhsa ar an sean-nós, fréamhaithe i gcultúr a théann siar na cianta.
Curtha le chéile ag Lorcán Mac Mathúna agus Daire Ó Breacáin, seo é an dán díreach ar bhealach úr, rithimeach, spleodrach. Le ceol Preab Meadar beidh steipeanna nua sean-nóis á léiriú ag iar-bhuaiteoir Steip, Liam Ó Scanláin, agus Caoimhe Ní Mhaolagáin.
A léiriú i Svuít Kingswood, Óstán Citywest, ar Oíche Shamhna