Scéim Nóta
Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta, Scéim Nóta a fhógairt, mar chuid den Chlár sna hEalaíona Dúchasach don Óige. Tá sonraí agus breis eolais mar gheall ar an scéim seo thíos:
Spriocdháta: 08/11/2019
Réimse maoinithe: €300 – €1,000
Foirm Iarratas: https://ealain.ie/sceim-nota-2/
Tá Scéim NÓTA oscailte do ghrúpaí agus daoine aonaracha sna ceantair Gaeltachta le breis deiseanna don óige sna healaíona dúchasacha a fhorbairt taobh amuigh de sholáthar clár agus ranganna.
Is scéim straitéiseach í seo ina bhfuiltear ag súil go mbeidh borradh le rannpháirtíocht an óige sna healaíona dúchasacha ag leibhéal pobail agus go/chun go mbeidh an óige fite fuaite le cultúir na healaíona dúchasacha sna ceantair Gaeltachta. Sa chás seo, is ionann na healaíona dúchasacha agus na rudaí seo leanas: ceol uirlise, amhránaíocht Ghaeilge, na healaíona béil (agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus damhsa.
Seo thíos roinnt samplaí de réimsí maoinithe na scéime seo:
* Imeachtaí Óige Aon Uaire (ceardlann, ceolchoirm, malartú ’srl)
* Sraith himeachtaí don óige (mar shampla seisiúin, oícheanta airneáin)
* Imeachtaí Idir ghlúine
* Cúrsaí agus Forbairt gairme d’ealaíontóirí dúchasacha
* Comhdháil agus féilte
Tabhair faoi deara nach bhfuil sna samplaí thuas ach treoir agus má theastaíonn ó ghrúpaí nó ó dhaoine aonair an togra atá ar intinn acu a phlé, tá fáilte rompu teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha don Óige.
Caithfidh iarrthóirí foirm iarratais a líonadh ina gcuirfear síos ar an togra, imeacht nó forbairt atá beartaithe.
Tuilleadh Eolais: e.scahill [at] udaras.ie nó www.ealain.ie