Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge (MA Nua-Ghaeilge)
Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge (MA Nua-Ghaeilge)
Spriocdháta d’Iarratais: 30 Meitheamh 2021
Ollscoil Mhá Nuad
***
An raibh a fhios agat gur féidir leat damhsa i dtráchtas Nua-Ghaeilge? Baineann go leor dánaíochta leis an sruth nua san MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad!
An raibh a fhios agat gur féidir leat damhsa i dtráchtas Nua-Ghaeilge? Nó gur féidir leat a bheith i mbun amhránaíochta nó aisteoireachta mar chuid lárnach de do chuid taighde? Nó gur féidir féile bheag sna healaíona Gaeilge a eagrú mar chuid lárnach de do chúrsa MA?
Más aisteoir tú, más amhránaí tú, más damhsóir tú, más ceoltóir tú, nó má tá suim agat sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta i gcoitinne, cuirfidh tú an-suim sna deiseanna nua atá anois ar fáil do scoláirí cruthaitheacha mar chuid den sruth MA Nua-Ghaeilge dar teideal Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Sa sruth nua MA seo, is féidir an cleachtas cruthaitheach féin a fhorbairt taobh le scileanna teanga, taighde agus anailíse sa Nua-Ghaeilge. Is féidir a bheith i mbun amhránaíochta, damhsa, ceoil, aisteoireachta, nó ceapadóireachta mar chuid de do mhórthogra taighde; is féidir chomh maith forbairt a dhéanamh ar an gcleachtas cruthaitheach mar chuid den obair chúrsa sa mhodúl nua NG636 Taighde Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge agus féile bheag sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta a reáchtáil i gcomhpháirt le do chomhscoláirí mar chuid den mhodúl NG656 Féile Bheag; agus anuas air seo go léir, cuirfear teagasc den scoth sa Ghaeilge féin ar fáil do mhic léinn sna modúil lárnacha teanga ar an MA Nua-Ghaeilge.
Cuid rí-lárnach den chlár nua máistreachta seo is ea an chomhpháirtíocht nua a fógraíodh le déanaí idir an tOireachtas agus Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, rud a chruthóidh deiseanna iontacha do mhic léinn. Cuirfear socrúcháin ghearra oibre ar fáil le hOireachtas na Gaeilge, agus beidh deis dá réir sin ag mic léinn taithí phraiticiúil a fháil le saineolaithe gairmiúla sna healaíona Gaeilge. Deis iontach atá sa chlár MA seo chun scileanna cruthaitheacha agus scileanna inaistrithe cumarsáide agus riaracháin a fhorbairt taobh le hardscileanna Gaeilge agus taighde. Is slí iontach í chun speisialtóireacht sa Ghaeilge agus sna healaíona a fhorbairt ag an am gcéanna. Is cáilíocht mháistreachta í seo da réir sin atá oiriúnach d’ealaíontóirí uile na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus do gach éinne a bhfuil suim ar leith acu sna healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha i gcoitinne.
Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair agus is é an sprioclá ná 30 Meitheamh 2021. Is féidir cur isteach ar an MA Nua-Ghaeilge tríd an gcóras PAC ar líne http://www.pac.ie/maynoothuniversity (cód: MHU50 (lánaimseartha) nó MHU51 (páirtaimseartha)). Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iontrála agus faoin gcúrsa nua le fáil ar shuíomh Roinn na Nua-Ghaeilge agus ón Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin, in Ollscoil Mhá Nuad.