Oifigeach Cúnta, Ealaín na Gaeltachta

Oifigeach Cúnta, Ealaín na Gaeltachta

Monday, 10 August 2020, 4.00pm

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint post mar oifigeach cúnta ar chonradh dhá bhliain. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard Oifig Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe agus beidh sé de chúram air / uirthi tacú leis an chlár oibre ealaíon atá a chur i bhfeidhm ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo., cheana féin.

Tá sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Ealaín (na Gaeltachta) Teo., Teil.:  (074) 9560100 R-phost: ealain [at] udaras.ie

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:

  • Tacaíocht a chur ar fáil le cur i bhfeidhm an clár Cuisle agus eagrú imeachtaí don óige
  • Sceidealú, clárú agus eagrú ranganna do dhaoine óga i scoileanna agus ionaid éagsúla i nGaeltacht Chonamara agus Árainn
  • Cabhair agus tacaíocht le scéimeanna, imeachtaí agus tionscadail
  • Fógraíocht, Poiblíocht agus na meáin shóisialta a choinneáil suas chun dáta
  • Bunachair shonraí & córais inmheánacha a choinneáil suas chun dáta

Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:

  • Líofacht Ghaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Cumas i bpacáistí MS Office
  • Taithí a bheith ag comhoibriú le scoileanna agus ag eagrú imeachtaí don óige
  • Taithí a bheith ag obair in oifig agus i réimsí pobail, le hard scileanna eagrúcháin
  • Ard scileanna idirphearsanta
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád ina chuidiú
  • Ceadúnas glan tiomána

Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:

Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Ealaín na Gaeltachta Teo.,
Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Na Doirí Beaga,  Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

roimh 4.00 i.n. ar an Luain 10ú Lúnasa 2020.

Teil.:  (074) 95 60100     R-phost: ealain [at] udaras.ie

WebsiteAdd a Listing

Published by Journal of Music on 30 July 2020

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.