Brìghde Chaimbeul & Seamus Hyland - Seanscoil Sailearna, Conamara

Brìghde Chaimbeul & Seamus Hyland - Seanscoil Sailearna, Conamara

Thursday, 2 May 2024, 7.30pm
Added by Gliogar
0

Is ar darna lá de mhí na Bealaine a bheas oíche cheoil ar leith ar siúl i Seanscoil Sailearna, Indreabhán á chur i láthair ag Gliogar. Ina measc beidh an ceoltóir Albanach Brìghde Chaimbeul agus an Déiseach Seamus Hyland ag ceol sa Seanscoil. Tá siad uilig fréamhaithe sa traidisiún agus stíl a gceoil féin go smior acu. Beidh siad i dteannta lena mbuíonta féin a bhfuil an-tóir ar fud na tíre orthu. Beifear ag súil le scoth an cheoil Ghaelach ó shamhlaíocht na gceannródaithe seo. Beidh na doirse ar oscailt ó 7.30i.n agus tosnóidh an ceol ag 8i.n.

Casann Brìghde Chaimbeul, as Oileán Sciathanach na hAlban, ceol ar an bpíb bheag. Tá ceol Chaimbeul fréamhaithe sa Ghàidhlig, agus tá stíl faoi leith aici atá ag cur béim ar fhuaim shaibhir an chrónáin, fuaim domhnda an chruthaíonns mothú néaltach.

Is iomaí gradam atá faighte ag Chaimbeul, cuir i gcás Gradam BBC Radio 2 Young Folk, Gradam BBC Radio 2 Horizon agus in 2021 rinne sí léiriú ag oscailt COP26 os comhair rialtais an domhain. Tháinig a halbam is déanaí Carry Them With Us le Colin Stetson amach anuraidh, agus é ar an ngearrliosta do Ghradam Albam na Bliana na hAlban, agus léirmheanna air in The Guardian, The Irish Times, Stereogum agus Dazed & Confused. Tá sí le cloisteáil ar albam nua Caroline Polachek Desire, I Want To Turn Into You. Chomhoibrigh Brighde freisin le ceoltóirí ar fud na hAlban, na hÉireann agus níos faide i gcéin, ina measc Aidan O’Rourke, Radie Peat (Lankum), Gruff Rhys, Carlos Nunez, Ross Ainslie, Cormac Begley. Rinneadh píopaí Chaimbeul ag Fin Moore agus Hamish Moore.

Is ceoltóir, damhsóir & amhránaí é Seamas Hyland ó Chontae Phort Láirge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. Théis a bheith mar bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, tá sé anois ag díriú ar a cheol féin. Tá baint aige le healaíontóirí ar nós John Francis Flynn, Isadora Epstein (drámaíocht), Acid Granny agus Eimear Walshe.

Tá Hyland ag súil le halbam nua a eisiúint i mí na Bealtaine atá bunaithe sa traidisiún ar foinn atá foghlamtha aige óna chéad mhúinteoir Bobby Gardiner. Anuas ar sin, tá píosaí comhaimseartha air, le ceol ó Ross Chaney ar na drumaí agus sintéiseoirí.

Is cnuasach ealaíontóirí agus ceoltóirí iad Gliogar a chuireanns ceolchoirmeacha ar siúl, go háirid trí mheáin na Gaeilge agus le ceoltóirí comhaimseartha Gaelacha. Tá siad lonnaithe i gConamara Theas. Ba mhaith le Gliogar a mbuíochas a ghabháil le Ciotóg agus Comharchumann Shailearna Teo. as an tacaíocht uilig.

WebsiteAdd a Listing

Added by Gliogar on 3 April 2024

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.