SALÓMAE - GIAF 2019
Ériu i gcomhpháirt leis An Taibhdhearc
Salómae
cruthaithe ag | created by Breandán de Gallaí
Leagan Gaeilge agus gluaiseachta atá sa léiriú úrnua seo de shárdhráma Oscar Wilde, Salómae. Léiriú éachtach agus físiúil é ina n-úsáidtear téamaí atá fós ábhartha sa lá atá inniu ann chun brúidiúlacht an olcais a phlé agus an leochaileacht dhaonna a chur i láthair. Chruthaigh de Gallaí saothar damhsa atá galánta agus scéiniúil ag an am céanna. Tá an glór, an corp agus an ceol fite fuaite lena chéile, iad uilig ag gríosú agus ag dúiseacht na gceann eile.
‘She is like a mad woman ... a mad woman who is seeking everywhere for lovers’
Ériu’s unique production of Salomé is a dance and Irish language interpretation of Oscar Wilde’s classic. Visually compelling, the show is a commentary on the brutality of evilness and on the vulnerability of the human condition. Through the voice, body, and music, which are seamlessly united, each inciting and arousing the other, de Gallaí has created a dance work that is at once beautiful and terrifying.