Comórtas Amhrán Úr

Comórtas Amhrán Úr

Friday, 15 October 2021, 5.00pm
0

Tá dhá chatagóir ann, catagóir d’Amhránaithe Aonair agus catagóir do Grúpaí. Bronnfar €1,000 ar bhuaiteoir an chomórtais aonair agus €1,500 ar an ngrúpa buacach. Más ceol úrnua a chuirfear le hamhrán, bronnfar €500 sa bhreis sa dá chatagóir.

Amhrán i nGaeilge amháin nár chualathas go poiblí cheana atá incháilithe don chomórtas seo. Áireofar feabhas na liricí, oiriúnacht an cheoil agus cur i láthair an amhráin sa mholtóireacht agus níl aon teora leis an líon iontrálacha gur féidir le cumadóir a chur isteach. Glacfar le gach aon seánra agus stíl amhránaíochta. Is faoin gcumadóir féin atá sé téama a roghnú.

Mar sin, má tá amhrán i do cheann,
réidh le cur ar phár,
Fonn i do chroí,
réidh le scaoileadh saor
Tá an tOireachtas ag teacht, cum d’amhrán, can amach é agus seol isteach chugainne é.

Spriocdháta iontrála:
15 Deireadh Fómhair 2021

WebsiteAdd a Listing

Added by The Journal of Music on 12 October 2021

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.